Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Cad is póstaer staidrimh ann?

Cur i láthair aon leathanaigh ina insítear scéal faoi shraith sonraí.

Ba chóir:

  • don phóstaer a bheith simplí agus dul chun cinn loighiciúil a bheith ag baint leis (sprioc, cur chuige, príomhthorthaí agus príomhchonclúidí a bheith aige)
  • graif agus achoimrí tuairisciúla ar na sonraí a bheith san áireamh ann
  • tráchtaireacht ar céard is brí leis na sonraí a bheith ann
  • dó a bheith intuigthe as féin (.i. níor chóir go mbeadh aon ábhar ná eolas breise ag teastáil ón lucht spéise chun an póstaer a thuiscint)
  • cuma tharraingteach chruthaítheach a bheith air

Céimeanna
1. Socraigh ar cheist taighde agus leag plean amach
2. Bailigh sonraí nó úsáid sonraí reatha
3. Déan anailís ar na sonraí
4. Cruthaigh an póstaer agus cuir na torthaí i láthair

Plean

Is é an chéad rud atá le déanamh i dtaobh aon phóstaer staidrimh ná cinneadh a dhéanamh faoin gceist taighde atá sibh chun tabhairt fúithi. Céard go díreach atá sibh ag iarraidh staidéar/anailís a dhéanamh air agus a chur i láthair an lucht spéise? Ní mór ceist a cheapadh ar féidir í a fhreagairt le sonraí - is é sin an bunús atá le taighde staidrimh. Triail ábhar a bhfuil spéis dháiríre agat ann a roghnú. Beidh tú ag caitheamh seachtainí/míonna ag obair ar an ábhar seo agus ag déanamh taighde agus anailíse air chomh maith leis na torthaí a chur i láthair, agus mar sin roghnaigh rud éigin a bhfuil spéis agat ann agus a chuireann sceitimíní ort.  Tiocfaidh an meon atá agat i dtaobh do chuid taighde trasna i do chuid scríbhneoireachta agus i do chur i láthair! B’fhéidir gur fiú seisiún tobsmaointeoireachta a eagrú le roinnt daoine i do rang chun smaointe a bhailiú. Ní mór duit a chinntiú gur féidir an t-ábhar a roghnóidh tú a láimhseáil agus go mbeidh tú ábalta rochtain a fháil ar shonraí chun tacú le do chuid taighde. Is fearr i bhfad ábhar simplí a roghnú agus do chuid torthaí a chur i láthair go soiléir seachas ábhar casta a roghnú a bhfuil sé deacair é a mhíniú. Roghnaigh buaiteoirí an chomórtais ábhair as réimse leathan téamaí, ina measc spórt, na meáin shóisialta, an timpeallacht agus mar sin de. Ba é an ghné choiteann a bhain leis na póstaeir sin go léir ná go raibh ábhar spéisiúil roghnaithe ag na scoláirí agus go raibh a gcuid torthaí curtha i láthair ar bhealach soiléir agus tarraingteach.
Nuair a bheidh d’ábhar taighde roghnaithe agat, déan beagán léitheoireachta faoi chun go dtosóidh tú ag cur eolais ar an ábhar atá i gceist. Cuideoidh sé sin leat sna chéad chéimeanna eile den phróiseas.
Ní tábhachtach eile le cuimhneamh air ag céim na pleanála ná go gcaithfidh tú a chinneadh cé air a bheidh do thionscadal taighde dírithe nó cén spriocphobal a bheidh agat. Conas a bhfaighidh tú rochtain ar do spriocphobal? Más é do rang féin an spriocphobal atá agat, beidh tú ábalta rochtain a fháil sách éasca orthu, ach má tá an spriocphobal atá agat níos scaipthe amach ná sin, seans go mbeidh ort sampla den phobal sin a roghnú sa chás sin.  Is saincheisteanna iad seo ar fad nach mór duit a ghlacadh san áireamh ag céim pleanála do staidéir.

Bailigh

I dtromlach na dtionscadal taighde staidrimh, is éard a bheidh i gceist leis an gcéad chéim eile ná gné éigin de bhailiú sonraí. Beidh tú ag iarraidh na sonraí seo a úsáid chun eolas a dhéanamh do do chinntí maidir le teoiric nó hipitéis atá tú a fhiosrú. Smaoinigh ar an modh a úsáidfidh tú chun na sonraí a bhailiú agus déan cinneadh ar cibé an oibreoidh é seo i gcás an spriocphobail ar leith atá agat. Má tá sé beartaithe agat go roghnóidh tú sampla do do staidéar, smaoinigh ar an mbealach a roghnóidh tú an sampla le go mbeidh sé ionadaíoch ar an bpobal i gcoitinne.

Is iomaí modh ar féidir a úsáid chun sonraí a bhailiú; is féidir sonraí a bhailiú trí bhreathnóireacht, áit a mbíonn tú ag féachaint agus a ndéanann tú taifead ar iompar agus ar shaintréithe daoine, réad nó feiniméan; is féidir agallaimh a dhéanamh le rannpháirtithe do staidéir; is féidir leat ceistneoirí a dhearadh agus a thabhairt do do shampla. Nó b’fhéidir go bhféadfá sonraí tánaisteacha a úsáid don staidéar? Is ionann sonraí tánaisteacha agus sonraí a bailíodh cheana féin agus atá curtha ar fáil do thaighdeoirí. Ar láithreán gréasáin CSO, cuirtear naisc ar fáil chuig rogha fairsing bunachar sonraí agus foinsí sonraí a chlúdaíonn go leor leor ábhar (https://www.cso.ie/en/databases/) Déan iarracht modh bailithe a roghnú a thabharfaidh na sonraí is ábhartha agus is cruinne agus is féidir duit.
Nuair atá ag plé le staidéir ina n-úsáidtear staidrimh chun ceisteanna a fhreagairt, éilítear ort sonraí i bhfoirm athróg a ndéanfaidh tú anailís orthu a bhailiú. Dá bhrí sin, ní mór duit na hathróga a bheidh á dtomhas agat a shonrú agus cinneadh a dhéanamh ar mar a dheanfaidh tú iad a thomhas. Mura mbailíonn tú na sonraí cearta nó má dhéanann tú iad a thomhas go míchruinn, d’fhéadfadh sé nach mbeadh tú in ann do cheist taighde a fhreagairt. Tóg d’am agus tú ag déanamh cinneadh ar na hathróga a bheidh ort a thomhas d’fhonn do cheist taighde a fhreagairt.

Anailís

Nuair a bheidh na sonraí bailithe agat, ní mór duit teacht ar bhealach chun faisnéis a dhéanamh díobh. Níl sonraí loma ró-úsáideach leo féin. Beidh ort na sonraí a eagrú, struchtúr a chur orthu agus anailís a dhéanamh orthu ar bhealach a chuirfidh ar do chumas na ceisteanna a ardaíodh le do cheist taighde bhunaidh a fhreagairt.
Ba cheart é a bheith ar an gcéad chéim i gcónaí go nglanfá do chuid sonraí i.e. a chinntiú nach bhfuil botúin ar bith ann amhail botúin chló, taifid dhúbailte etc. Más rud é gur bhailigh tú roinnt sonraí mar theaghráin téacs, b’fhéidir go smaoineofá ar chóras códála a fhorbairt chun an téacs a aistriú ina chóid uimhriúla le go mbeadh sé níos éasca anailís a dhéanamh air.
Bíonn sé ina smaoineamh maith i gcónaí chun tosú amach le roinnt réamh-anailíse ar shonraí d’fhonn tuiscint a fhorbairt ar na sonraí atá agat agus chun na príomhthréithe a bhaineann leo a choimriú. Cuir tús leis an obair iniúchta trí roinnt graf a chruthú. Nuair a bhíonn tú ag plé le go leor sonraí, is é amharcléiriú an bealach is fearr chun do chuid torthaí a chíoradh agus a chur in iúl. Beidh an bealach a dhéanfaidh tú dáileadh athróige a amharcléiriú bunaithe ar cibé an bhfuil an athróg catagóireach nó leanúnach. Is athróg catagóireach atá ann murar féidir ach ceann de thacar beag luachanna a úsáid (e.g. dath súile) agus is athróg leanúnach atá ann más féidir léi ceann ar bith de thacar gan teorainn de luachanna ordaithe a úsáid (e.g. airde). Is ionann barrachairteacha agus bealach úsáideach chun athróga catagóireacha a scrúdú, agus tá fiúntas ag baint le histeagraim chun athróga leanúnacha a iniúchadh. D’fhéadfá leas a bhaint an na graif seo chun ceisteanna a chur ort féin, amhail:

  • Cé na luachanna is coitianta atá ann? Cén fáth?
  • Cé na luachanna atá tearc? Cén fáth? An bhfuil sé sin ag teacht leis na hionchais a bhí agat?
  • An bhfeiceann tú patrúin neamhghnácha ar bith? Cén chúis a bhféadfadh a bheith leo?

Mar aon le bheith ina n-áis chun cuidiú leat tuiscint níos fearr a fháil ar do shonraí, cuirfidh na ceisteanna seo ar do chumas earráidí nó neamhréireachtaí a bhféadfadh a bheith i do shonraí a shainaithint.
Ba cheart duit iarracht a dhéanamh freisin do chuid sonraí a choimriú go huimhriúil. Nuair atá tú ag iarraidh sonraí a choimriú, is maith an smaoineamh é na ceithre gné a leanas a chur san áireamh:

  • Lárnacht – an luach sa lár nó an meánluach
    • Easrú – chomh scaipthe amach is atá na luachanna ón meánluach
    • Méid – chomh mór is atá do shampla
    • Cruth – dáileadh na sonraí, a bhaineann le chomh “cothrom” is atá leathadh na luachanna ar an dá thaobh den mheánluach
  • Cur i láthair póstaeir ar líne ar aon leathanach amháin (bíodh sé ceartingearach nó cothrománach) i.e. ní bheidh cuir i láthair ar níos mó ná leathanach amháin inghlactha. Ní ghlacfar le hiontrálacha póstaeir ar bith ar pháipéar, ná le grianghraif de phóstaeir ar pháipéar. Is comórtas póstaeir dhigitigh ar líne é seo
  • Ar na formáidí comhaid atá inghlactha, tá PNG, JPEG, GIF agus PDF, agus iad sin amháin
  • Is é 1MB uasmhéid an chomhaid don phóstaer
  • Ba chóir go mbeadh an póstaer inléite ó fhad dhá mhéadar (seacht dtroithe) nuair a phriontáiltear é ar bhileog ar méid A1.
  • Níor cheart aon eolas aitheantais a bheith ar an bpóstaer i.e. ainmneacha na ndaltaí nó ainm na scoile

Tá slata tomhais éagsula ann chun lárnacht agus easrú a thomhas, agus mar sin, beidh ort na cinn is mó a oirfidh do na sonraí ar leith atá agat a roghnú.
Más é aidhm do staidéir conclúidí a théann níos faide ná na sonraí atá anailísithe agat a bhaint, nó chun teacht ar chonclúidí maidir le hipitéisí áirithe, beidh ort níos mó a dhéanamh ná cur síos agus achoimre a dhéanamh ar do shonraí amháin. Beidh ort roinnt tástálacha staitistiúla a dhéanamh chun eolas a dhéanamh do do chinntí. Nuair atá an cineál anailíse a bheidh le déanamh á roghnú agat, beidh ort tuiscint a bheith agat ar na cineálacha sonraí atá agat (i.e. catagóireach nó leanúnach, cibé an bhfuil gnáthdháileadh i gceist leo nó nach bhfuil etc.) Tá go leor acmhainní ar fáil ar líne a thabharfaidh treoir duit maidir leis an tástáil is fearr a oirfidh le do chás.

Do thorthaí a chur i láthair

Nuair atá an chéim anailísithe den tionscadal curtha i gcrích agat, tá sé in am duit an fhaisnéis ar fad a chur i dtoll a chéile agus í a chur in iúl don lucht féachana. Is é an dúshlán a bhaineann le comórtas póstaeir staidrimh a bheith in ann do thionscadal a léiriú ar bhealach soiléir tarraingteach a rachaidh i bhfeidhm go mór ar an tsúil agus a choinneoidh aird an léitheora. Ní beag an t-éacht é! Nuair atá do phóstaer á chur le chéile agat, déan iarracht a bheith ag breathnú air mar a bheadh léitheoir nach bhfuil aon tuiscint ar an ábhar ann. Cuideoidh sé seo leat a chinntiú go bhfuil an t-eolas ar fad a theastaíonn chun cúlra do staidéir agus na conclúidí atá bainte agat as curtha in iúl agat.
Beidh ort a bheith gonta i dtaca le stíl do chuir i láthair mar go bhfuil srianta i gceist ó thaobh mhéid do phóstaeir. Dá bhrí sin, beidh ort cothromaíocht a bhaint amach idir dóthain faisnéise a thabhairt chun go dtuigfear do theachtaireacht agus gan an iomarca a chur ar an bpóstaer le nach mbeadh spás ar bith fágtha air. Tá an frása sin ar eolas againn uile - “is fiú míle focal pictiúr ar bith”, mar sin cabhróidh graif go mór leat i do chur i láthair chun do theachtaireacht a chur in iúl go hachomair.
Tá sé tábhachtach smaoineamh ar an ngraf/ngrafaic a úsáidfidh tú i do chur i láthair. Mar shampla, más ag bailiú sonraí i gcaitheamh tréimhse áirithe atá tú, d’fhéadfadh líneghraf a bheith ar an rogha is fearr duit, ach má tá tú ag léiriú mar a dháiltear torthaí suirbhé, d’fhéadfadh histeagram a bheith ina rogha níos oiriúnaí. Is fiú go mór i gcónaí beagán taighde a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun do chuid sonraí agus torthaí a chur in iúl.
Áis fhiúntach eile i dtaobh cumarsáid amhairc atá in ngrafaicí eolais agus dá bhrí sin, oireann siad iontach do phóstaeir staidrimh. Is ionann grafaicí eolais agus amharcléirithe ar fhaisnéis nó ar shonraí. Más grafaic eolais maith é, tarraingeofar aird an bhreathnóra láithreach leis, agus beidh sé ina chúnamh chun coincheap a thuiscint. Tá an t-uafás acmhainní ar fáil ar líne lenar féidir leat grafaicí eolais réamhdhéanta a íoslódáil, agus cuid eile trínar féidir do ghrafaicí féin a dhearadh.
Mar aon le hamharc-áiseanna a úsáid, beidh ort do chuid torthaí a phlé agus a léirmhíniú i gcomhthéacs do cheiste taighde bunaidh. Tabhair an léirmhíniú atá agat ar mar a fhreagraíonn na sonraí na ceisteanna a bhí agat i dtosach. Cé na conclúidí ar féidir a bhaint as na sonraí, agus an mbeidh feidhm ag na conclúidí sin don phobal ar fad? Déan anailís ar na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann le do staidéar. An bhfuil ceachtanna ann a d’fhoghlaim tú ar an tslí a spreagfadh tú chun an staidéar a dhéanamh ar bhealach éagsúil dá ndéanfá arís é?

An póstaer a dhéanamh

Ní mór an póstaer a bheith i bhfoirm leictreonach amháin. Seo a leanas critéir an phóstaeir:

Ábhar

Ba cheart a leanas a bheith ar an bpóstaeir:

  • an t-ábhar a scrúdaíodh agus an bealach ar scrúdaíodh é.
  • na príomhthorthaí, plé ar na torthaí agus na príomhchonclúidí.
  • faisnéis curtha in iúl le pictiúir agus graif bharrthábhachtacha.
  • téacs simplí a chuireann scéal na sonraí in iúl.
  • achoimre, seachas na sonraí loma go léir.

Cuimhnigh nach bhfuil ach spás teoranta ar fáil, ná bíodh athrá ar an bpóstaer.
Roghnaigh na graif is fearr a chuireann na torthaí in iúl, agus na graif sin amháin. Ba cheart teideal a bheith ar gach graf, agus trácht a bheith déanta air.
Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid ar chúlra do phóstaeir, mar go mbíonn sé an-deacair cuid den téacs a léamh nuair a bhíonn an cúlra dorcha. Tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn cuma dhifriúil ar dhathanna agus ar chlófhoirne áirithe ar an scáileán ná mar atá orthu ar pháipéar. D’fhéadfadh sé a bheith ciallmhar cóip de do phóstaer a phriontáil le go bhfeicfeá an chuma atá air i ndáiríre sula gcuirfeá ar aghaidh é. Chomh maith leis sin, bí ag smaoineamh ar an gcothromaíocht idir spás bán agus téacs/graif; cé go bhfuil méid áirithe spás bán ag teastáil ag na himill etc. ionas nach mbeadh an fhaisnéis ar fad brúite isteach, bíonn sé deacair clófhoirne agus graif bheaga a léamh.
Smaoinigh ar chomh oiriúnach is atá na graif atá in úsáid agat. Bíonn barrachairteacha go maith nuair atá comparáidí á ndéanamh, ach oibríonn líne-chairteacha níos fearr nuair atá treochtaí á gcíoradh. Tá scaipchairteacha go maith i gcomhair gaolta agus dáiltí, ach níor cheart píchairteacha a úsáid ach i gcás comhshuíomhanna simplí - ná húsáid iad i gcomhair gaolta ná dáiltí go brách. Ba cheart go gcuideodh graif leis an léitheoir do chuid torthaí a thuiscint, mar sin bí cinnte na haiseanna a lipéadú agus eochair eolais a úsáid más gá.
Faoi dheireadh, bí cinnte do phóstaer a phrofáil sula gcuirfeá ar aghaidh é mar go mbaineann botúin chló agus litrithe d’éifeacht fhoriomlán an phóstaeir.
Déan iarracht gan do phóstaer a dhéanamh róchasta trí iarracht a dhéanamh an iomarca rudaí a thástáil nó a anailísiú.
Más ó scoil ar leith a thagann sonraí suirbhé, ba cheart roinnt eolais cúlra a chur ar fáil le go mbeadh comhthéacs na dtorthaí níos trédhearcaí.
D’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist de thoradh neamhfhreagairtí.
Bí cúramach nuair atá na torthaí á dtuairisciú. Déan iarracht gan áibhéil a dhéanamh faoi na tátail/conclúidí ar féidir a bhaint as na torthaí - de ghnáth, bíonn na tátail teoranta don sampla agus is minic nach féidir iad a chur i bhfeidhm i gcás an phobail i gcoitinne.
Tá sé an-tábhachtach modh anailíse staitistiúla a roghnú atá oiriúnach don chineál sonraí a bailíodh.
Déan iarracht an tráchtaireacht ar na conclúidí a choinneáil oibiachtúil seachas suibiachtúil.
Bí cinnte aiseanna gach graif a lipéadú agus é sin a dhéanamh ceart, agus déan iarracht an cineál graif is fearr a chuirfidh do theachtaireacht in iúl a roghnú.  Seachain úsáid graf 3T mar gur minic a bhaineann siad d’inléiteacht an ghraif. Roghnaigh an cineál graif a bheidh oiriúnach do do chuid sonraí, ná húsáid líneghraif, mar shampla, chun sonraí catagóireacha a choimriú.
Nuair atá torthaí á gcur i láthair agat, bíodh 2 ionad deachúlacha nó níos lú agat - seachas sa chás go dteastaíonn sé go sonrach go léireofaí na sonraí le níos mó ionaid dheachúlacha.
Bí cáiréiseach le litriú agus le hailíniú agus formáidiú foriomlán an phóstaeir. Ná bíodh an iomarca téacs ar an bpóstaer gan dóthain spáis air. Úsáid meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuimhnigh go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus ag íomhánna ná mar atá ag téacs.
Ná déan gluaiseacht an scéil róchasta.
Bí cinnte go bhfuil an téacs, na graif agus na híomhánna ar fad inléite ar an bpóstaer deiridh.
Déan iarracht póstaer a bheidh tarraingteach don tsúil a dhearadh, ach bí cúramach leis an scéim dathanna, is dócha gur leor 2 - 3 dath éagsúla. Ná bíodh an scéim fhoriomlán dathanna spiagaí ná scéiniúil. Seachain cúlraí atá róphlúctha.
Is gnéithe barrthábhachtacha den chomórtas seo iad úrnuacht agus cruthaitheacht.

Chun eolas a fháil maidir le Comórtais agus Gradaim eile CSO → Cliceáil anseo