Bhí rath mór arís i mbliana ar an gComórtas Bhonn Staidrimh John Hooper. Gach bliain bíonn ríméad orainn an oiread san iontrálacha a fháil isteach.
Seoladh an cúigiú heagrán déag de Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper ar an 15 Deireadh Fómhair 2024 ag ár Searmanas Bronnta i bPáirc an Chrócaigh. Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh.
Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:
An Dr Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
Port Láirge
Conall Kelly
Léachtóir Shinsearach sa Mhatamaitic Airgeadais & Stiúrthóir ar an BSc Matamaitic Airgeadais agus Eolaíocht Achtúireach
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Felix Coleman
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Fiona O’Callaghan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:
Beidh an fhoireann seo ag glacadh páirt i gComórtas Staidrimh na hEorpa 2025 ar son na hÉireann, sa chatagóir sinsearach.
Daltaí: Hollie Field, Heidi Shellam, Saoirse Lynam
Múinteoir: Mairead Cusack
Coláiste Pobail an Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí
Dalta: Katie O'Kane
Múinteoir: John Sims
Meánscoil Mhuire gan Smál,
Lios Dún Bhearna,
Contae an Chláir
Fashion over Function: Do Polo Wraps cause more harm than good (PDF 625KB)
Dalta: Seán Murphy
Múinteoir: Eva Acton
Coláiste Mhuire
Sráid an Choláiste
An Muileann gCearr
Contae na hIarmhí
Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:
Daltaí: Fionn Murphy, Gavin Quilty
Múinteoir: Mairead Cusack
Coláiste Pobail an Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí
Generating Power by Harnessing Swells Close to the Seashore (PDF 487KB)
Daltaí: Aoibh Larkin, Leah Pillion, Kayla Moran
Múinteoir: Mairead Cusack
Coláiste Pobail an Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí
Harnessing Plant Compounds for UV Protection During Nail Treatments (PDF 689KB)
Daltaí: Clodagh Simpson, Avril Flynn, Áine Flynn
Múinteoir: Mairead Cusack
Coláiste Pobail an Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí
Dalta: Luke Blackwell
Múinteoir: Danielle Slattery
Scoil na mBráithre Críostaí Durlas
Durlas
Contae Thiobraid Árann
Daltaí: Daniel Bernard, Nora Gilligan, Oisín Corbett
Múinteoir: Laura Walsh
Scoil Ghramadaí Dhroichead Átha
Droichead Átha
Contae Lú
An Analysis of Slang and the Factors that Affect it (PDF 687KB)
Dalta: Eoin Cashman
Múinteoir: Catherine Kiely
Scoil Phobail Sliabh Luachra
An Ráth Mhór
Contae Chiarraí
Orbital Eccentricity and its effect on Stability (PDF 360KB)
Daltaí: Kai Seino, Benedict Hernold Csorba
Múinteoir: Patrick Lyne
Meánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic
Trá Lí
Contae Chiarraí
Investigating the correlation between fractal Patterns in cities and Quality of Life (PDF 1,217KB)
Dalta: Niall Hennessy
Múinteoir: Laura Brogan
Coláiste San Aindriú
An Charraig Dhubh
Contae Bhaile Átha Cliath
Identification of Potential New Treatments for Pancreatic Cancer (PDF 828KB)
Daltaí: Julian Turner, Angel Mongan, Lucia Moreno Hernandez
Múinteoir: Patricia McHugh
Pobalscoil Ghleann na Madadh
Gleann na Madadh
Contae na Gaillimhe
His-story or Her-story (PDF 467KB)
Dalta: Eli John Kiernan
Múinteoir: Yvonne Nolan
Coláiste Choill Chluana Gabhann
Claonadh
Contae Chill Dara
Bowled Over - A Statistical Analysis of Bowling in Cricket (PDF 666KB)
Dalta: Adam Phelan
Múinteoir: Stephen Murphy
Coláiste Bruce
Cnoc Phádraig
Corcaigh
A statistical analysis on the accuracy of forecasts in predicting weather conditions (PDF 387KB)
Dalta: Arsenii Hondo
Múinteoir: Sean O'Brien
Scoil Theampall na Carraige
Na Clocha Liatha
Cill Mhantáin
Ireland's Wind Power Industry (PDF 398KB)
Is iad seo a leanas roinnt deacrachtaí a thagann aníos gach bliain le linn na próisis clárúcháin agus iontrála:
Meabhraítear do mhúinteoirí agus do dhaltaí gach bliain a thábhachtaí is atá sé na rialacha a léamh go cúramach. Mar sin féin, tá roinnt cás arís i mbliana d’fhoirne rannpháirteacha nár chloígh leo. Liosta gairid rialacha atá i gceist, iad scríofa go simplí agus ceaptha an próiseas a éascú don Oifig agus do scoileanna araon. Ba thrua é d’aon fhoireann a bheith fágtha as an iomaíocht tar éis dóibh oibriú go dian. Bheimis breá sásta aon cheisteanna a fhreagairt maidir leis na riachtanais iontrála.
Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.
É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:
Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer ós rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil amach ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid.
Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile de is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh. I gcás póstaeir a úsáideadh le haghaidh iontráil i gComórtas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, ba chóir roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air seo chun go bhfeilfeadh sé níos fearr do chomórtas póstaeir.
Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.
Léiríodh mianach i go leor de na póstaeir leis an ábhar a roghnaíodh, le bailiú sonraí agus mar sin de, ach ní raibh an caighdeán céanna le braith sa mhír anailíse. Bain triail as réimse teicnící staitistiúla, lena n-áirítear staitisticí tuairisciúla agus infeireacha.
Tabhair eolas níos fearr maidir le foinse na sonraí. I gcás roinnt póstaer, ba laige í nach raibh cur síos déanta orthu faoi mhodhanna suirbhéireachta nó bailithe sonraí.
Bí cúramach maidir le topaicí íogaire. Níor mhaith linn cur in aghaidh a leithéid a roghnú ach ba chóir do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon a bheith airdeallach ar shaincheisteanna rúndachta agus suirbhéireachta eiticiúil.
Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.
Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.
Bailiú sonraí: Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir roinnt eolas cúlra faoin scoil (aoninscne nó measctha, méid, srl) a chur ar fáil ionas go mbeidh comhthéacs leis na torthaí agus iad trédhearcach dá bharr. D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a chíoradh.
Anailísiú agus conclúidí: Bí cúramach agus tuairisciú á dhéanamh ar na torthaí. Ná téigh thar fóir leis na tátail/conclúidí gur féidir a dhéanamh bunaithe orthu seo - de ghnáth bíonn tátail teoranta don sampláil agus is beag an seans go mbainfidh siad leis an ndaonra iomlán. Tá sé an-tábhachtach modh anailísithe staitistiúil a roghnú atá iomchuí don chineál sonraí a bailíodh. Déan iarracht an tráchtaireacht a bheith oibiachtúil seachas suibiachtúil.
Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha. Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid - mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.
Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Uaireanta, tógtar ón éifeacht atá tuillte ag obair chrua na ndaltaí le níos mó téacs san áireamh agus an cló a dhéanamh níos ísle. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.
Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:
Déan sracfhéachaint ar gach píosa téacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.
Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.
Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde.
Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig studentcompetitions@cso.ie