Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Rialacha Comórtais

Riachtanais Iontrála

Tá Comórtas Póstaeir Staitistiúil John Hooper 2025 ar oscailt do dhaltaí aonair nó d'fhoirne de bheirt nó triúr dalta, 19 mbliana d'aois nó níos óige, as aon áit in Éirinn (thuaidh nó theas).

  • Ní mór do mhúinteoirí daltaí faoina stiúir a chlárú
  • Tá an comórtas seo ar oscailt d’iar-bhunscoileanna lonnaithe aon áit in Éirinn (thuaidh nó theas).
  • Saothar na ndaltaí féin a mba chóir a bheith i ngach ábhar a soláthraítear. Níl sé ceadaithe aon seirbhís seachtrach deartha nó comhairleoireachta a úsáid d'aon ghné den tionscadal.
  • Is gá do mhúinteoirí na daltaí a chlárú i bhfoirne de bheirt nó thriúr. Ní féidir le daltaí aonair a bheith páirteach - comórtas d'fhoirne atá ann.

Tá dhá catagóir aoise ann:
– daltaí a rugadh in 2009 nó ina dhiaidh
– daltaí a rugadh in 2006 nó ina dhiaidh

Rialacha

Is éard is iontráil bailí ann ná póstaer arna chur faoi bhráid ag múinteoir thar ceann foireann daltaí agus an póstaer sin a bheith faighte sa bhformáid chuí faoin spriocdháta deiridh. Chun póstaeir a chur faoi bhráid ní mór cloí leis na treoirlínte póstaeir ionas go nglacfaí leis mar iontráil bailí:

(a) Cur i láthair aonleathanaigh digiteach i bhformáid portráide nó tírdhreacha. Ní ghlacfar le curtha i láthair il-leathanaigh. Ní mór cloí le formáid aon leathanaigh d’iontrálacha póstaeir. Ní ghlacfar le hiontrálacha póstaeir ar pháipéar, óir is comórtas do phóstaeir ríomhghinte é seo
(b) Ní ghlacfar ach amháin le comhaid d’fhormáid PNG, JPEG, GIF, nó PDF
(c) Is féidir le póstaeir a bheith dírithe ar aon ábhar a roghnaíonn daltaí
(d) Is é uasmhéid an chomhad póstaeir ar ríomhphost ná 1MB
(e) Ba chóir don phóstaer a bheith inléite do dhuine dhá mhéadar (c. seacht dtroithe) uaidh agus an póstaer curtha i gcló ar leathanach ar mhéid A1
(f)  Ba chóir nach mbeadh aon eolas nó scríbhneoireacht aitheanta ar an bpóstaer, m.sh. ainmneacha daltaí nó ainm na scoile
(g)  Ba chóir an póstaer a chur faoi bhráid trí thairseach idirlín roimh 5 i.n. an 06 Márta 2025.

  • Níl teorainn ar líon na n-iontrálacha póstaeir ó aon scoil. É sin ráite, ní féidir le haon dalta a bheith rannpháirteach ach in aon iontráil phóstaeir amháin in aon bhliain, mar dhalta aonair nó mar bhall d’fhoireann amháin de bheirt nó thriúr dalta.
  • Coinnítear na póstaeir go léir a chuirtear faoinár mbráid go daingean ar fhreastalaithe na Príomh-Oifige Staidrimh (na hOifige) agus ní úsáidtear iad ach ar mhaithe le hacmhainní teagaisc a fhorbairt agus chun an comórtas a chur chun cinn. Ba chóir nach mbeadh aon eolas inaitheanta ar phóstaer a chuirtear faoi bhráid ionas go nglacfaí leis mar iontráil póstaeir bailí.
  • Ní bheidh dliteanas ar an Oifig as iontrálacha nach bhfaightear faoin spriocdháta le haghaidh iontrálacha. Ní ghlacann an Oifig freagracht maidir le haon iontráil a bheith neamhbhailí toisc í a bheith caillte, doléite, truaillithe, damáistithe, easnamhach; moill a bheith uirthi nó í a bheith neamhbhailí ar aon chúinse eile
  • Déanfaidh na moltóirí an trí phóstaer buaiteacha is fearr a roghnú ar dtús, beag beann ar chatagóir aoise, de réir na critéir mheasúnachta agus treoirlínte scórála arna leagadh síos ag eagarthóirí an chomórtais agus iad ag fearadh ar na hiontrálacha bailí go léir a fhaightear faoin spriocdháta deiridh chun póstaeir a chur faoi bhráid. Bronnfar duais ar na daltaí rannpháirteacha agus ar an scoil bainteach leis na hiontrálacha buaiteacha seo.
  • Ní féidir rialacha an Chomórtais a athrú nó a mionathrú agus beidh feidhm dhaingean leo.
  • Má bhíonn aon díospóid ann maidir leis na rialacha, fógra an chomórtais, iompar rannpháirtithe, torthaí nó maidir le haon ábhar eile bainteach leis an gcomórtas seo, is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na Príomh-Oifige Staidrimh agus ní tosófar ar aon chomhfhreagras nó aon phlé ina leith.
  • Níl fostaithe de chuid na hOifige, an Tionscadail Mata nó an Ionaid Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas incháilithe chun cur isteach ar an gcomórtas seo.
  • Lena gcaoinchead, is féidir do n-úsáidfear grianghraif de na daltaí, scoileanna agus múinteoirí buacacha mar aon lena n-ainmneacha i bhfeachtais poiblíochta. Is féidir gur sna meáin thraidisiúnta, i gcló, sna meáin dhigiteacha agus ar ardáin ar líne a fhoilseofaí a leithéid d'ábhar poiblíochta.