Tá Eacnamaí Óg na Bliana, nó YEOTY mar a thugtar air, 13 bliana ar an bhfód anois agus tá fás agus forbairt tagtha ar an ngradam go bhfuil sé ina thionscnamh náisiúnta mór ina ndéantar taitneamhacht agus tuiscint na heacnamaíochta a cheiliúradh agus a chur chun cinn.
Ar oscailt d’iontrálacha ó Phoblacht na hÉireann, agus ó Thuaisceart Éireann le déanaí, tá méadú ag teacht ar an lucht spéise atá ag Eacnamaí Óg na Bliana agus is imeacht Uile-Oileáin é a bhfuil meas mór air anois. Tá sé maoinithe go páirteach ag Rannóg Oideachais Múinteoirí (TES) na Roinne Oideachais agus Óige, faoi choimirce Oide, agus ag líonra láidir comhpháirtithe amhail an Phríomh-Oifig Staidrimh, Ollscoil Luimnigh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, Banc Ceannais na hÉireann, an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus go leor eile.
Gheobhaidh buaiteoir(í) Ghradam na Príomh-Oifige Staidrimh don Úsáid is Fearr a Bhaintear as Sonraí €500 agus bonn.
Foghlaim tuilleadh faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe →
Féach ar dhul chun cinn na hÉireann maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm
Déanann eacnamaithe agus oideachasóirí ó réimse ollscoileanna agus institiúidí eacnamaíochta measúnú ar aighneachtaí mac léinn bunaithe ar cháilíocht an fhiosrúcháin agus na hanailíse eacnamaíochta. Glacfar le haighneachtaí trí bhíthin póstaeir, aiste, tuarascála, gearrfhíseán/clár faisnéise gearr, PowerPoint, Prezi, etc.
Foghlaim tuilleadh faoi riachtanais iontrála maidir le hEacnamaí Óg na Bliana →
Fógrófar buaiteoirí Bhonn Óir na Príomh-Oifige Staidrimh don Ghradam don Úsáid is Fearr a Bhaintear as Sonraí ag Searmanas Bronnta Eacnamaí Óg na Bliana i mí na Bealtaine agus gheobhaidh na buaiteoirí cuireadh freastal ar Shearmanas Bronnta na Príomh-Oifige Staidrimh i mí Dheireadh Fómhair, áit a mbronnfar an bonn óir orthu.
Foghlaim tuilleadh faoi Shearmanas Bronnta na Príomh-Oifige Staidrimh →
Chun teacht ar shonraí iomlána faoi chomórtas Eacnamaí Óg na Bliana seo, dátaí iontrála agus eolas úsáideach eile, téigh chuig →
Bronnfar an Bonn Óir don Ghradam don Úsáid is Fearr a Bhaintear as Sonraí ar an mbuaiteoir ag Searmanas Bronnta Bliantúil na Príomh-Oifige Staidrimh a reáchtálfar i Svuít Uí Chíosóg i bPáirc an Chrócaigh i mí Dheireadh Fómhair.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Eacnamaí Óg na Bliana nó faoi chomórtais eile na Príomh-Oifige Staidrimh, déan teagmháil le: