Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (19 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Phort Láirge. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.”
Roinnt buaicphointí faoi Phort Láirge
Cainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta
Tháinig méadú ó dhíreach os cionn 1,800 duine go dtí 2,063 duine ar dhaonra Ghaeltacht Phort Láirge. Méadú 274 duine a bhí ansin (14%), an ráta fáis daonra ab airde sna ceantair Ghaeltachta.
Áirítear orthu sin 2,002 duine a bhí 3 bliana d’aois agus níos sine agus astu sin bhí 1,473 acu in ann Gaeilge a labhairt. Méadú 187 duine a bhí ansin (15%), an fás ab airde i líon na ndaoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt sna ceantair Ghaeltachta.
Tháinig méadú ó 154 duine go dtí 201 ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 307 duine a labhair Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, sin laghdú ó 313 duine in 2016. Tháinig méadú de bheagán ó 157 duine go dtí 176 duine ar an líon daoine a labhair Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin).
Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt. Bhí 689 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, 448 duine a bhí in ann í a labhairt go maith agus 321 duine nach raibh go maith á labhairt.
Cainteoirí Gaeilge ar an iomlán
Tháinig méadú de bheagnach 2,800 duine go dtí 48,106 duine ar an líon daoine (3 bliana d’aois agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt i bPort Láirge i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 41.9% de dhaonra an chontae a bhí trí bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 41.7% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 1.9 milliún duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, nó 40% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine. Sin méadú níos mó ná 112,500 duine ó 2016 i leith (+6%).
Bhí níos mó cainteoirí Gaeilge mná ná cainteoirí Gaeilge fir sa chontae. Bhí 45% de mhná in ann Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 39% d’fhir. Go náisiúnta, ba mhná ba mhó is dóichí freisin a bhí in ann Gaeilge a labhairt seachas fir agus b’ionann iad agus 55% de na cainteoirí Gaeilge ar fad.
Na hÁiteanna ar Labhair Daoine Gaeilge
Tháinig laghdú de bheagán ó 14,284 duine i nDaonáireamh 2016 go dtí 13,980 duine i nDaonáireamh 2022 ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil (laistigh den chóras oideachais amháin). Bhí 1,196 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, i gcomparáid le 1,126 duine in 2016. Maidir leis na 2,718 duine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, laghdú de bheagán a bhí ansin ar an 2,742 duine a rinne amhlaidh in 2016.
Líofacht i Labhairt na Gaeilge
I bPort Láirge, bhí 4,646 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith (10%), 15,102 duine a bhí in ann í a labhairt go maith (31%) agus 26,940 duine nach raibh go maith á labhairt (56%). In Éirinn ar an iomlán, bhí 10% de na cainteoirí Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, labhair 32% acu go maith í agus bhí 55% nach raibh in ann í a labhairt go maith.
An Leibhéal Oideachais
Tháinig méadú ó bheagnach 27,200 duine in 2016 go dtí díreach os cionn 34,900 duine in 2022 ar an líon daoine a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu sa chontae. B’ionann sin agus 41% den daonra a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine i nDaonáireamh 2022, b’ardú é sin ó 36% in 2016. Bhí céatadán na ndaoine i bPort Láirge a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu faoi bhun an ráta náisiúnta ag 45%. Bhí 800 duine sa chontae a raibh PhD bainte amach acu agus b’ionann sin agus 2% de na daoine ar fad sa tír a raibh PhD acu.
Bhí oideachas lánaimseartha ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 23,000 duine, nó ag 27% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Ba mhéadú é sin ó bheagnach 21,600 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 867,400 duine (26%).
Bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag beagnach 12,800 duine sa chontae i nDaonáireamh 2022 (15% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine), i gcomparáid le beagnach 12,700 duine i nDaonáireamh 2016 a chuir in iúl go ndearna siad amhlaidh. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 446,000 duine (13%).
Bhí níos mó ná 8,700 duine ann a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%). Ba mhéadú é sin ó bheagnach 9,900 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 332,500 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu/nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%).
Aois nuair a Críochnaíodh Oideachas
Tháinig ardú ar an meánaois inar chríochnaigh daoine oideachas lánaimseartha i ngach contae idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022. D'ardaigh an mheánaois i bPort Láirge ó 19.7 bliain d’aois go 20.6 bliain d’aois. D’ardaigh an mheánaois go náisiúnta ó 19.9 bliain d’aois go 20.8 bliain d’aois.