Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 8 Dhaonáireamh 2022: An Ghaeilge agus Oideachas– Luimneach

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Cáilíocht tríú leibhéal bainte amach ag níos mó ná 57,000 duine i Luimneach de réir thorthaí Dhaonáireamh 2022

Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (19 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Luimneach. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.”

Roinnt buaicphointí faoi Luimneach

Cainteoirí Gaeilge

Tháinig méadú de bheagnach 900 duine go dtí 78,172 duine ar an líon daoine (3 bliana d’aois agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt i Luimneach i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 42.7% de dhaonra an chontae a bhí trí bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 41.3% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 1.9 milliún duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, nó 40% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine. Sin méadú níos mó ná 112,500 duine ó 2016 i leith (+6%).

Bhí níos mó cainteoirí Gaeilge mná ná cainteoirí Gaeilge fir sa chontae. Bhí 46% de mhná in ann Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 39% d’fhir. Go náisiúnta, ba mhná ba mhó is dóichí freisin a bhí in ann Gaeilge a labhairt seachas fir agus b’ionann iad agus 55% de na cainteoirí Gaeilge ar fad.

Na hÁiteanna ar Labhair Daoine Gaeilge

Tháinig laghdú ó 22,768 duine i nDaonáireamh 2016 go 22,273 duine i nDaonáireamh 2022 ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil (laistigh den chóras oideachais amháin). Bhí 1,372 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, i gcomparáid le 1,308 duine in 2016. Maidir leis na 4,096 duine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, méadú a bhí ansin ar an 4,283 duine a rinne amhlaidh in 2016.

Líofacht i Labhairt na Gaeilge

Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt. I Luimneach, bhí 7,021 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith (9%), 25,160 duine a bhí in ann í a labhairt go maith (32%) agus 43,457 duine nach raibh go maith á labhairt (56%). In Éirinn ar an iomlán, bhí 10% de na cainteoirí Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, labhair 32% acu go maith í agus 55% nach raibh in ann í a labhairt go maith. 

An Leibhéal Oideachais

Tháinig méadú ó níos mó ná 45,500 duine in 2016 go dtí díreach os cionn 57,000 duine in 2022 ar an líon daoine a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu sa chontae. B’ionann sin agus 41% den daonra a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine i nDaonáireamh 2022, ardú ó 36% in 2016. Bhí céatadán na ndaoine i Luimneach a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu faoi bhun an ráta náisiúnta ag 45%. Bhí 1,450 duine sa chontae a raibh PhD bainte amach acu agus b’ionann sin agus 4% de na daoine ar fad sa tír a raibh PhD acu. 

Bhí oideachas lánaimseartha ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 35,500 duine, nó ag 26% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Ba mhéadú é sin ó níos mó ná 35,400 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 867,400 duine (26%).

Bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 20,000 duine sa chontae i nDaonáireamh 2022, nó 14% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le beagnach 20,300 duine i nDaonáireamh 2016 a chuir in iúl go ndearna siad amhlaidh (1Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 446,000 duine (13%).

Bhí beagnach 14,300 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%). Ba laghdú é sin ó níos mó ná 16,900 duine in 2016 (10%). Go náisiúnta, bhí beagnach 332,500 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%).

Aois nuair a Críochnaíodh Oideachas

Tháinig ardú ar an meánaois inar chríochnaigh daoine oideachas lánaimseartha i ngach contae idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022. D’ardaigh an mheánaois i Luimneach ó 19.7 go 20.6 bliain d’aois. D’ardaigh an mheánaois go náisiúnta ó 19.9 bliain d’aois go 20.8 bliain d’aois.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreaán 2022. 
  • Tá próifílí uile Dhaonáireamh 2022 atá foilsithe go dtí seo ar fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
  • Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • I nDaonáireamh 2022, fiafraíodh de na daoine a dúirt go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt cé chomh minic is a labhair siad í agus cuireadh rogha de chúig fhreagra ar fáil – (i) Go laethúil, taobh istigh den chóras oideachais; (ii) Go laethúil, taobh amuigh den chóras oideachais; (iii) Go seachtainiúil; (iv) Ní chomh minic sin; (v) Riamh. D’fhéadfadh daoine a labhraíonn Gaeilge laistigh den chóras oideachais freisin a bheith san áireamh i gcatagóirí (ii) go (v).
  • Fiafraíodh freisin de dhaoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt agus bhí rogha as na freagraí seo a leanas ann – (i) go han-mhaith; (ii) go maith; (iii) go dona.
  • In Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956, 1967, 1974 agus 1982, rinneadh cur síos ar an nGaeltacht mar 155 Toghroinn nó codanna de Thoghroinn i gcontaetha Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí, Mhaigh Eo, na Mí agus Phort Láirge. Tá daonra na dToghrann sin nó codanna díobh ar fáil i dTábla 2 san Aguisín - Daonra na Gaeltachta de réir Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta de réir Inscne, 2022 sna Nótaí Cúlra de Phróifíl 1 Dhaonáireamh 2022: Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra.
  • Taispeántar an líon daoine sa Ghaeltacht de réir teorainneacha Contae mar gheall ar inchomparáideacht idir na daonáirimh.
  • I nDaonáireamh 2022 cuireadh dhá cheist a bhain leis an oideachas ar dhaoine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Sa chéad cheist, fiafraíodh do fhreagróirí an raibh siad críochnaithe lena gcuid oideachais lánaimseartha. Má d’fhreagair siad ‘Tá’, fiafraíodh díobh ansin cén aois a bhí siad nuair a críochnaíodh é. Sa dara ceist, fiafraíodh díobh cén leibhéal is airde oideachais (lánaimseartha nó páirtaimseartha) a baineadh amach. Bhí idir gan aon oideachas foirmiúil go céim iar-dhochtúireachta tríú leibhéal sna leibhéil sin. Baineadh an cheist a bhain le Réimse Staidéir, a bhí san áireamh i nDaonáireamh 2011 agus i nDaonáireamh 2016 araon, d’fhoirm Dhaonáireamh 2022. Tá sé i gceist ag an bPríomh-Oifig Staidrimh sonraí maidir le Réimse Staidéir ó Dhaonáireamh 2022 a chur ar fáil trí fhreagraí ó Dhaonáireamh 2016 agus sonraí ón Údarás um Ard-Oideachas a chur le chéile agus na freagraí a bhunú ar shlite beatha agus tionscal. Cuirfear na sonraí maidir le Réimse Staidéir leis an PxStat sna míonna amach romhainn.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.
  • Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tuilleadh foilseachán ó Dhaonáireamh 2022 a eisiúint in 2024. Beidh sonraí faoi sin ar fáil ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --