Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (19 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Dhún na nGall. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.”
Roinnt buaicphointí faoi Dhún na nGall
Cainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta
Tháinig méadú ó níos mó ná 23,300 duine go dtí 24,220 duine ar dhaonra Ghaeltacht Dhún na nGall. Áirítear orthu sin 23,554 duine a bhí 3 bliana d’aois agus níos sine agus astu sin bhí 15,549 acu in ann Gaeilge a labhairt. Tháinig laghdú 2% ar an líon daoine a bhí in ann Gaeilge a labhairt i nGaeltacht Dhún na nGall idir na daonáirimh in 2016 agus in 2022.
Tháinig méadú ó 1,158 go dtí 1,310 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. 4,443 duine a labhair Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, sin laghdú ó 4,771 in 2016. Tháinig laghdú de bheagán ó 1,540 go dtí 1,476 ar an líon daoine a labhair Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin). Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt. Bhí 7,016 duine ann a bhí in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, 4,726 duine a bhí in ann í a labhairt go maith agus 3,493 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith.
Cainteoirí Gaeilge ar an iomlán
Tháinig méadú de bheagnach 2,400 go dtí 59,130 ar an líon daoine (3 bliana d’aois agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt i nDún na nGall i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 38.5% de dhaonra an chontae a bhí trí bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 38.1% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 1.9 milliún duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, nó 40% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine. Sin méadú níos mó ná 112,500 duine ó 2016 i leith (+6%).
Bhí níos mó cainteoirí Gaeilge mná ná cainteoirí Gaeilge fir sa chontae. Bhí 42% de mhná in ann Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 35% d’fhir. Go náisiúnta, ba mhná ba mhó is dóichí freisin a bhí in ann Gaeilge a labhairt seachas fir agus b’ionann iad agus 55% de na cainteoirí Gaeilge ar fad.
Na hÁiteanna ar Labhair Daoine Gaeilge
Tháinig laghdú ó 18,305 duine i nDaonáireamh 2016 go 17,215 duine i nDaonáireamh 2022 ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil (laistigh den chóras oideachais amháin). 5,819 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, i gcomparáid le 6,187 duine in 2016. Maidir leis na 4,331 duine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, méadú de bheagán a bhí ansin ar an 4,188 duine a rinne amhlaidh in 2016.
Líofacht i Labhairt na Gaeilge
I nDún na nGall, 11,621 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith (20%), 18,937 duine a bhí in ann í a labhairt go maith(32%) agus 27,122 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (46%). In Éirinn ar an iomlán, bhí 10% de na cainteoirí Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, labhair 32% acu go maith í agus níor labhair 55% go maith í.
An Leibhéal Oideachais
Tháinig méadú ó bheagnach 32,600 duine in 2016 go dtí níos mó ná 41,300 duine in 2022 ar an líon daoine sa chontae a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu. B’ionann sin agus 37% den daonra a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine i nDaonáireamh 2022, ardú ó 31% in 2016. Bhí céatadán na ndaoine i nDún na nGall a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu faoi bhun an ráta náisiúnta ag 45%. Bhí 655 duine sa chontae a raibh PhD bainte amach acu agus b’ionann sin agus 2% de na daoine ar fad sa tír a raibh PhD acu.
Bhí oideachas lánaimseartha ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 28,500 duine, nó ag 25% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. B’ardú é sin ó bheagnach 25,900 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 867,400 duine (26%).
Bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag beagnach 18,500 duine sa chontae i nDaonáireamh 2022 (16% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine), i gcomparáid le beagnach 17,600 duine i nDaonáireamh 2016 a chuir in iúl go ndearna siad amhlaidh. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 446,000 duine (13%).
Díreach os cionn 18,200 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (16%). Ba laghdú é sin ó níos mó ná 21,300 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 332,500 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%).
Aois nuair a Críochnaíodh Oideachas
Tháinig ardú ar an meánaois inar chríochnaigh daoine oideachas lánaimseartha i ngach contae idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022. D'ardaigh an mheánaois i nDún na nGall ó 18.9 bliain d’aois go 19.9 bliain d’aois. D’ardaigh an mheánaois go náisiúnta ó 19.9 bliain d’aois go 20.8 bliain d’aois.