Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (19 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Chiarraí. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.”
Roinnt buaicphointí faoi Chiarraí
Cainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta
Tháinig méadú ó bheagnach 8,800 duine go dtí 9,036 duine ar dhaonra Ghaeltacht Chiarraí. Áirítear orthu sin 8,791 duine a bhí 3 bliana d’aois agus níos sine agus astu sin bhí 6,068 acu in ann Gaeilge a labhairt.
Tháinig méadú ó 415 duine go dtí 590 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 1,541 duine a labhair Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, sin laghdú ó 1,634 duine in 2016. Tháinig méadú de bheagán ó 718 duine go dtí 732 duine ar an líon daoine a labhair Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin).
Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt. Bhí 2,733 duine in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, 1,945 duine a bhí in ann í a labhairt go maith agus 1,268 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith.
Cainteoirí Gaeilge ar an Iomlán
Tháinig méadú de bheagnach 1,300 duine go dtí 62,877 duine ar an líon daoine (3 bliana d’aois agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt i gCiarraí i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 44% de dhaonra an chontae a bhí trí bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 44.7% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 1.9 milliún duine in ann Gaeilge a labhairt, nó 40% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine. Sin méadú níos mó ná 112,500 duine ó 2016 i leith (+6%).
Bhí níos mó cainteoirí Gaeilge mná ná cainteoirí Gaeilge fir sa chontae. Bhí 48% de mhná in ann Gaeilge a labhairt i gcomparáid le 40% d’fhir. Go náisiúnta, ba mhná ba mhó is dóichí freisin a bhí in ann Gaeilge a labhairt seachas fir agus b’ionann iad agus 55% de na cainteoirí Gaeilge ar fad.
Na hÁiteanna ar Labhair Daoine Gaeilge
Tháinig laghdú ó 17,218 duine i nDaonáireamh 2016 go 16,411 duine i nDaonáireamh 2022 ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil (laistigh den chóras oideachais amháin). Bhí 2,740 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, i gcomparáid le 2,816 duine in 2016. Maidir leis na 4,076 duine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, méadú de bheagán a bhí ansin ar an 4,164 duine a rinne amhlaidh in 2016.
Líofacht i Labhairt na Gaeilge
I gCiarraí, bhí 7,709 duine in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith (12%), 20,730 duine a bhí in ann í a labhairt go maith (33%) agus 32,530 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (52%). In Éirinn ar an iomlán, bhí 10% de na cainteoirí Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, labhair 32% acu go maith í agus bhí 55% nach raibh in ann í a labhairt go maith.
An Leibhéal Oideachais
Tháinig méadú ó bheagnach 35,700 duine in 2016 go dtí níos mó ná 44,200 duine in 2022 ar an líon daoine sa chontae a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu. B’ionann sin agus 41% den daonra a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine i nDaonáireamh 2022, ardú ó 35% in 2016. Bhí céatadán na ndaoine i gCiarraí a raibh cáilíocht tríú leibhéal acu faoi bhun an ráta náisiúnta ag 45%. Bhí 708 duine sa chontae a raibh PhD bainte amach acu agus b’ionann sin agus 2% de na daoine ar fad sa tír a raibh PhD acu.
Bhí oideachas lánaimseartha ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagán os cionn 29,300 duine, nó ag 27% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Ba mhéadú é sin ó bheagnach 28,100 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 867,400 duine (26%).
Bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag 15,808 duine sa chontae i nDaonáireamh 2022 (15%) de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine, i gcomparáid le 15,839 duine i nDaonáireamh 2016 a chuir in iúl go ndearna siad amhlaidh. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 446,000 duine (13%).
Bhí níos mó ná 11,500 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (11%). Ba laghdú é sin ó bheagnach 13,500 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 332,500 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu/nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%).
Aois nuair a Críochnaíodh Oideachas
Tháinig ardú ar an meánaois inar chríochnaigh daoine oideachas lánaimseartha i ngach contae idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022. D'ardaigh an mheánaois i gCiarraí ó 19.7 bliain d’aois go 20.5 bliain d’aois. D’ardaigh an mheánaois go náisiúnta ó 19.9 bliain d’aois go 20.8 bliain d’aois.