Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (19 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.”
Roinnt buaicphointí faoi Bhaile Átha Cliath
Cainteoirí Gaeilge
Bhí 162,400 duine (trí bliana d’aois agus níos sine) in ann Gaeilge a labhairt i gCathair Bhaile Átha Cliath i nDaonáireamh 2022. B’ardú é sin ó níos mó ná 156,400 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann sin agus 33% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine.
Tháinig méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin go dtí beagnach 94,000 duine ó dhíreach os cionn 83,000 duine in 2016. B’ionann sin agus 43% den daonra a bhí trí bliana d’aois agus níos sine.Bhí níos mó ná 113,000 duine in ann Gaeilge a labhairt i bhFine Gall i gcomparáid le díreach os cionn 100,000 duine in 2016. B’ionann sinagus 38% den daonra a bhí trí bliana d’aois agus níos sine.
Tháinig méadú ó bheagnach 91,000 duine go dtí díreach os cionn 98,000 ar an líon cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath Theas. B’ionann sin agus 36% de na daoine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine.
Go náisiúnta, beagnach 1.9 milliún duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, nó 40% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine. Sin méadú níos mó ná 112,500 duine ó 2016 i leith (+6%).
Bhí níos mó ban ná fear i mBaile Átha Cliath in ann Gaeilge a labhairt. I gceantar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, bhí níos mó ná 90,000 bean agus níos mó ná 72,000 fear in ann Gaeilge a labhairt. I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí níos mó ná 51,000 cainteoir mná agus níos mó ná 42,000 cainteoir fir.I bhFine Gall bhí díreach os cionn 52,000 cainteoir fir agus 61,500 cainteoir mná. ImBaile Átha Cliath Theas bhí beagnach 54,000 cainteoir Gaeilge mná agus díreach os cionn 44,000 cainteoir Gaeilge fir.
Go náisiúnta, ba mhná ba mhó is dóichí freisin a bhí in ann Gaeilge a labhairt seachas fir agus b’ionann iad agus 55% de na cainteoirí Gaeilge ar fad.
Na hÁiteanna ar Labhair Daoine Gaeilge
I gCathair Bhaile Átha Cliath, tháinig laghdú ó 1,875 duine in 2016 go dtí 1,589 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 4,465 duineag labhairt Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin laghdú ó 4,756 duine. D’ardaigh an líon daoine a bhí ag labhairt na teanga go seachtainiúil (lasmuigh den chóras oideachais amháin) go dtí 10,322 duine ó 9,866 duine.
Bhí 1,101 duineag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, ardú de bheagán ó 1,076 duine in 2016. Tháinig ardú beag ar an líon daoine a labhair Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin) ó 2,410 duine go 2,427 duine. Bhí díreach os cionn 6,000 duineag labhairt Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), i gcomparáid le beagnach 5,200 duine in 2016.
I bhFine Gall, bhí 1,179 duineag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais, sin ardú ó 1,131 duine in 2016. Bhí 2,221 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin laghdú ó 2,254 duine. Tháinig méadú ó 5,553 duine go dtí 6,264 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin).
I mBaile Átha Cliath Theas, tháinig méadú de bheagán ó 1,240 duine go dtí 1,262 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Bhí 2,244 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin méadú ó 2,303 duine. Tháinig méadú ó 5,287 duine go dtí 5,618 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin).
Líofacht i Labhairt na Gaeilge
Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt.
I measc na gcainteoirí Gaeilge i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath, níos mó ná 16,500 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith (10%), beagnach 50,000 duine a bhí in ann í a labhairt go maith (31%) agus níos mó ná 92,000 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (57%).
I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin,bhí níos mó ná 9,500 duine in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith (10%), beagnach 27,500 duine a bhí go maith á labhairt (29%) agus beagnach 55,000 duine (58%) nach raibh in ann í a labhairt go maith.
I bhFine Gall, bhí díreach os cionn 10,000 duine in ann an Ghaeilge a labhairt go han-mhaith (9%), níos mó ná 36,200 duine a bhí go maith á labhairt (32%) agus beagnach 64,500 duine (57%) nach raibh in ann í a labhairt go maith.
I mBaile Átha Cliath Theas, bhí beagnach 10,500 duine in ann an Ghaeilge a labhairt go han-mhaith (11%), beagnach 30,600 duine a bhí go maith á labhairt (31%) agus 54,600 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (56%).
In Éirinn ar an iomlán, bhí 10% de na cainteoirí Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, labhair 32% acu go maith í agus níor labhair 55% go maith í.
An Leibhéal Oideachais
Bhí cáilíocht tríú leibhéal bainte amach ag beagnach 480,000 duine i mBaile Átha Cliath de réir Dhaonáireamh 2022. Ba mhéadú é sin ó díreach os cionn 398,000 duine in 2016. Áirítear orthu sin díreach os cionn 193,000 duine i gCathair Bhaile Átha Cliath, níos mó ná 100,000 duine i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, beagnach 102,000 duine i bhFine Gall agus díreach os cionn 84,000 duine i mBaile Átha Cliath Theas. Bhí beagnach 16,000 duine i mBaile Átha Cliath a raibh PhD bainte amach acu agus b’ionann sin agus 42% de na daoine ar fad sa tír a raibh PhD acu.
I measc na ndaoine sin a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine i gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 81,000 duine (20%). Rinne beagnach 30,000 duine i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin amhlaidh (19%), sin laghdú ó bheagnach 32,500 duine in 2016. I bhFine Gall, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag díreach os cionn 53,300 duine (26%), sin ardú ó bheagnach 51,500 duine in 2016. Rinne direach os cionn 50,000 duine i mBaile Átha Cliath Theas amhlaidh (27%). Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 867,400 duine (26%).
Ag féachaint ar an leibhéal meánscoile íochtaraí, chríochnaigh níos mó ná 42,600 duine i gCathair Bhaile Átha Cliath a gcuid oideachais ag an gcéim sin (10%), sin laghdú ó dhíreach os cionn 44,200 duine in 2016. I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí a gcuid oideachais críochnaithe ag beagnach 11,200 duine ag an gcéim sin (7%), sin laghdú ó bheagnach 12,000 duine in 2016. Tháinig méadú de bheagán ó 20,755 duine go dtí 20,784 (10%) ar an líon daoine a rinne amhlaidh i bhFine Gall. I mBaile Átha Cliath Theas, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag díreach os cionn 24,600 duine (13%), sin laghdú ó dhíreach os cionn 25,000 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 446,000 duine (13%).
I gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí níos mó ná 41,000 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%), sin laghdú ó bheagnach 49,000 duine in 2016. Bhí níos mó ná 7,700 duine i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (5%), sin laghdú ó níos mó ná 9,100 duine in 2016. Bhí beagnach 13,000 duine i bhFine Gall nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu nó a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu (6%), sin laghdú ó bheagnach 14,000 duine in 2016. Bhí beagnach 19,000 duine i mBaile Átha Cliath Theas nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu nó a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu (10%), sin laghdú ó bheagnach 21,000 duine in 2016. Go náisiúnta, beagnach 332,500 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%).
Aois nuair a Críochnaíodh Oideachas
Tháinig ardú ar an meánaois inar chríochnaigh daoine oideachas lánaimseartha i ngach contae idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022.
D’ardaigh an mheánaois i gCathair Bhaile Átha Cliath ó 20.6 bliain d’aois go 21.4 bliain d’aois. Ba é 22.5 bliain d’aois an mheánaois i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, sin ardú ó 21.7 bliain d’aois. Tháinig méadú ar an meánaois i bhFine Gall ó 20.4 bliain d’aois go 21.2 bliain d’aois. Ba é 20.5 bliain d’aois an mheánaois i mBaile Átha Cliath Theas, sin ardú ó 19.7 bliain d’aois. D’ardaigh an mheánaois go náisiúnta ó 19.9 bliain d’aois go 20.8 bliain d’aois.