Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (19 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Ghaillimh. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Deirdre Lynch, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Caitear súil go mion i bPróifíl 8 ar dhá ghné éagsúla de thorthaí Dhaonáireamh 2022, Gaeilge agus oideachas an daonra. Áirítear sa tuarascáil sonraí faoin méid daoine a labhraíonn Gaeilge, cé chomh minic is a labhraímid í, agus cén leibhéal a labhraítear í. Maidir le hábhar an Oideachais, cuirtear léargas ar fáil faoi na leibhéil cáilíochtaí a baineadh amach sa daonra, an aois ar éiríodh as oideachas lánaimseartha, luathfhágálaithe scoile de réir aoise agus inscne, chomh maith leis an nasc atá idir an leibhéal oideachais agus fostaíochta agus stádas eacnamaíochta.”
Roinnt buaicphointí faoi Ghaillimh
Cainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta
Tháinig méadú ó 49,524 duine i nDaonáireamh 2016 go dtí 54,183 duine i nDaonáireamh 2022 ar dhaonra Gaeltacht na Gaillimhe a chónaíonn laistigh de theorainn chontae na Gaillimhe. Áirítear orthu sin 17,496 duine i gceantar Gaeltachta Chathair na Gaillimhe agus 36,687 duine i gceantar Gaeltachta Chontae na Gaillimhe. Ba i gceantar Gaeltachta an Chontae a bhí an méadú ba mhó daonra as na ceantair Ghaeltachta ar fad agus bhí beagnach 3,000 níos mó daoine ina gcónaí ann ná mar a bhí in 2016.
Beagnach 17,000 duine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine i gceantar Gaeltachta Chathair na Gaillimhe agus bhí níos mó ná 7,700 acu sin in ann Gaeilge a labhairt. I gceantar Gaeltachta Chontae na Gaillimhe, díreach os cionn 24,200 duine as beagnach 35,500 duine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine a bhí in ann Gaeilge a labhairt.
Bhí 124 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais i gceantar Gaeltachta na Cathrach i gcomparáid le 156 in 2016. Tháinig méadú ó 490 duine in 2016 go dtí 522 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin). Ba ag ceantar Gaeltachta na Cathrach a bhí an sciar ab ísle de chainteoirí laethúla Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ag 4%. Bhí 677 duine a labhair Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin méadú ó 593 duine in 2016.
I gceantar Gaeltachta Chontae na Gaillimhe in Aibreán 2022, bhí 2,141 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais, sin ardú ó 2,011 duine in 2016. Bhí 7,232 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin laghdú ó 7,434 in 2016.
Ba ag an gceantar sin a bhí an sciar ab airde cainteoirí laethúla Gaeilge i measc na gceantar Gaeltachta ar fad ag 26% (cé go raibh an figiúr sin tite ó 29% in 2016). Tháinig méadú ó 1,770 duine go dtí 1,878 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin).
Cuireadh leis an gceist faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2022 lena fháil amach ó dhaoine a labhair Gaeilge cé chomh maith is a bhí siad in ann í a labhairt. I measc na gcainteoirí Gaeilge i gceantar Gaeltachta na Cathrach, bhí 1,351 duine acu in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, 2,583 duine a bhí in ann í a labhairt go maith agus 3,677 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith. Ba iad na cainteoirí Gaeilge i gceantar Gaeltachta na Cathrach ba mhó is dóichí, i measc na gcainteoirí ar fad i gceantair Ghaeltachta, nach raibh in ann í a labhairt go maith (47%). I gceantar Gaeltachta an Chontae, bhí 12,132 duine in ann an Ghaeilge a labhairt go han-mhaith, 5,709 duine a bhí in ann í a labhairt go maith agus 5,978 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith. Maidir leis na ceantair Ghaeltachta ar fad, ba iad na cainteoirí Gaeilge i nGaeltacht an Chontae ba mhó is dóichí a labhraíonn an Ghaeilge go maith (24%) nó go han-mhaith (50%).
Cainteoirí Gaeilge ar an Iomlán
Bhí 82,073 duine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí i gceantar Chathair na Gaillimhe agus bhí 32,708 acu siúd in ann Gaeilge a labhairt. Ba mhéadú é sin ó 31,140 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt in 2016. B’ionann cainteoirí Gaeilge agus 45% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine i gcomparáid le 43% in 2016.
I gceantar an Chontae, bhí 89,222 duine de na 186,508 duine a bhí trí bliana d’aois agus níos sine agus a bhí ina gcónaí ansin in ann Gaeilge a labhairt. Ba mhéadú é sin ó 84,249 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt in 2016. B’ionann cainteoirí Gaeilge agus 50% den daonra a bhí trí bliana d’aois agus níos sine, an sciar céanna a bhí ann in 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 1.9 milliún duine in ann Gaeilge a labhairt, nó 40% de na daoine ar fad a bhí trí bliana d’aois agus níos sine. Sin méadú níos mó ná 112,500 duine ó 2016 i leith (+6%).
Bhí níos mó ban ná fear i nGaillimh in ann Gaeilge a labhairt. I gceantar Chathair na Gaillimhe, bhí 18,227 bean in ann Gaeilge a labhairt agus bhí beagnach 14,500 fear in ann í a labhairt. Bhí beagnach 48,000 cainteoir mná i gceantar an chontae agus bhí beagnach 41,500 cainteoir fir ann.
Go náisiúnta, ba mhná ba mhó is dóichí freisin a bhí in ann Gaeilge a labhairt seachas fir agus b’ionann iad agus 55% de na cainteoirí Gaeilge ar fad.
Na hÁiteanna ar Labhair Daoine Gaeilge
I gceantar Chathair na Gaillimhe in Aibreán 2022, bhí 451 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais, sin laghdú ó 460 duine a rinne amhlaidh in 2016. Bhí 1,721 duine a labhair Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais amháin, sin laghdú ó 1,835 duine in 2016. Tháinig méadú ó 2,782 duine go dtí 2,818 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin).
I gceantar an Chontae,bhí 2,671 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais, sin ardú ó 2,510 duine in 2016. Tháinig laghdú ó 9,020 duine i nDaonáireamh 2016 go dtí 8,664 duine ar an líon daoine a bhí ag labhairt Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin). 5,946 duine a labhraíonn Gaeilge go seachtainiúil (taobh amuigh den chóras oideachais amháin), sin ardú ó 5,573 duine a rinne amhlaidh in 2016.
Líofacht i Labhairt na Gaeilge
I measc na gcainteoirí Gaeilge i gceantar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, labhair 5,282 duine an Ghaeilge go han-mhaith (16%), bhí beagnach 10,500 duine in ann í a labhairt go maith (32%) agus níos mó ná 16,200 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (50%).
Maidir leis na cainteoirí Gaeilge i gceantar na Comhairle Contae, bhí níos mó ná 18,000 duine (20%) go han-mhaith ag labhairt Gaeilge, beagnach 27,000 duine a bhí go maith á labhairt (30%) agus 42,000 duine nach raibh in ann í a labhairt go maith (47%).
In Éirinn ar an iomlán, bhí 10% de chainteoirí Gaeilge in ann Gaeilge a labhairt go han-mhaith, bhí 32% go maith á labhairt agus ní raibh 55% go maith á labhairt.
An Leibhéal Oideachais
Bhí cáilíocht tríú leibhéal ag beagnach 28,500 duine i gceantar na Cathrach, b’ardú é sin ó dhíreach os cionn 24,600 duine in 2016. Ráta 53% a bhí ansin, i gcomparáid leis an ráta náisiúnta 45%. Bhí 1,657 duine i nGaillimh a raibh PhD bainte amach acu agus b’ionann sin agus 4% de na daoine ar fad sa tír a raibh PhD acu.
Bhí oideachas lánaimseartha ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag díreach os cionn 11,500 duine, nó ag 21% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. Sin laghdú ó bheagnach 12,000 duine in 2016.
Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 867,400 duine (26%).
Bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag díreach os cionn 4,200 duine i gCathair na Gaillimhe i nDaonáireamh 2022 (8% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine), i gcomparáid le 4,261 duine i nDaonáireamh 2016 a chuir in iúl go ndearna siad amhlaidh. Go náisiúnta, bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag níos mó ná 446,000 duine (13%).
Díreach os cionn 3,200 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (6%). Sin laghdú ó 3,828 duine in 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 332,500 duine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (10%).
I gceantar Chontae na Gaillimhe, bhí cáilíocht tríú leibhéal ag níos mó ná 58,600 duine, sin ardú ó 45,899 in 2016. B’ionann sin agus ráta 46% níos mó ná an ráta náisiúnta ag 45%.
Bhí oideachas lánaimseartha ar leibhéal meánscoile uachtaraí críochnaithe ag beagnach 33,000 duine, nó ag 26% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine. B’ardú é sin ó bheagnach 32,500 duine in 2016.
Bhí oideachas ar leibhéal meánscoile íochtaraí críochnaithe ag beagnach 16,000 duine i gContae na Gaillimhe i nDaonáireamh 2022 (13% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine), i gcomparáid le 16,335 duine i nDaonáireamh 2016 a chuir in iúl go ndearna siad amhlaidh.
Bhí díreach os cionn 13,700 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh oideachas ar leibhéal bunscoile críochnaithe acu nó nach raibh aon oideachas foirmiúil bainte amach acu (11%). Sin laghdú ó 16,559 duine in 2016.
Aois nuair a Críochnaíodh Oideachas
Tháinig ardú ar an meánaois inar chríochnaigh daoine oideachas lánaimseartha i ngach contae idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022.
D’ardaigh an mheánaois i gCathair na Gaillimhe ó 22 bliain d’aois go 22.6 bliain d’aois. D'ardaigh an mheánaois i gceantar an Chontae ó 20 bliain d’aois go 21 bliain d’aois. Tháinig méadú ó 19.9 mbliana d’aois go 20.8 bliain d’aois ar an meánaois go náisiúnta.