In 2022, ceadúnaíodh 101,349 gluaisteán nua príobháideacha don chéad uair, laghdú de 504 feithicil le hais 2021 (101,853).
Méadú 81% ar an líon gluaisteán nua leictreacha a ceadúnaíodh, ó 8,554 in 2021 go 15,462 in 2022.
In 2022, maraíodh 155 duine ar bhóithre na hÉireann, méadú 19 bás le hais 2021.
In 2022, thaisteal feithiclí ceadúnaithe na hÉireann 47.6 billiún ciliméadar ar an iomlán, le hais 41.9 billiún ciliméadar in 2021, agus 36.2 billiún in 2020.
Bhí tacsaithe oiriúnach do chathaoir rothaí agus hacnaithe mar 17% (3,347) den iomlán feithiclí seirbhíse poiblí beaga in 2022.
Ag tiomáint róthapa ab ea an chúis de trí cheathrú (76%) den iomlán fógraí formhuinithe pointe pionóis eisithe in 2022.
Tugann an Deais Iompair rochtain níos tapúla d’úsáideoirí do shonraí iompair ag baint úsáid as sraith bheag de tháscairí iompair. Ina measc siúd, tá na sonraí is déanaí ar an líon gluaisteán nua a ceadúnaíodh, imréitigh máil ar bhreoslaí, líon daoine a mharaítear ar na bóithre, turais ar iompar poiblí, méid tráchta, líon na long tagtha isteach go hÉirinn agus líon na bpaisinéirí a láimhseáladh ag na príomhaerfoirt. Déantar uasdátú ar na táscairí cuí chomh luath is atá siad ar fáil, ag soláthar rochtain níos tapúla d’úsáideoirí do staidreamh iompair.
Ag caint faoi sheoladh na deaise iompair, deir an Dr Nele van der Wielen, Staitisteoir sa Rannóg Iompair ‘Is freagra nuálach é an Deais Iompair ar an gá do staidreamh níos praise. Léiríonn an Deais na táscairí iompair is deireanaí atá ar fáil i bhformaid atá nua agus so-aimsithe.
Is cuid den Deais iad staidreamh faoi mhéid tráchta agus líon na long tagtha go hÉirinn a fhoilsítear mar chuid den Sraith Cheannródaíoch, a úsáideann foinsí mórshonraí. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an CSO staidreamh nua agus níos praise a ghiniúint. Tá tuilleadh eolais ar na táscairí nua seo ar fáil ar an leathanach faoi Mhodheolaíocht Iompair.
Tabhair faoi deara go dtagann an Deais Iompair nua seo in ionad ár bhFeasachán Iompair míosúil.
Forbraíodh an Mol Staitisticí Iompair ag an CSO ag baint úsáide as na sonraí is deireanaí ón CSO agus roinnt gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí chun ionad ilfhreastail do shonraí faoi Iompar in Éirinn a sholáthar. Cuireann an Mol réimse leathan eolais faoi chúrsaí iompair ar fáil, mar shampla líon agus cineál na bhfeithiclí ceadúnaithe, an méid scrúduithe tiomána nó tástálacha feithiclí a rinneadh, achar ár mbóithre, agus rianaítear básanna ar bhóithre freisin. Beidh fáil ar eolas faoi na cineálacha d’earraí a iompraíodh timpeall na tíre ar bhóthar, ar aer agus ar muir, mionsonraí faoi iompar poiblí agus príobháideacha, agus fiú an méid ciliméadar a thaistilíodh i bhfeithiclí gach bliain. Cuirfear go leor den táscairí i láthair i bhfoirm roghbhlúire chun comparáid so-aimsithe a chur ar fáil.
Ag labhairt faoin Mol Staitisticí Iompair, dúirt an Dr Nele van der Wielen, Staitisteoir sa Rannóg Iompair, “Tar éis comhairliúcháin a bheith againn lenár n-úsáideoirí, d’aithníomar an gá d’ardán amháin ar líne a thiomsaíonn na sonraí iompair is déanaí agus a chuireann léargas cuimsitheach ar fáil den earnáil iompair. Chun aghaidh a thabhairt ar an rochtain seo, d’oibrigh an Phríomh-Oifig Staidrimh leis an Roinn Iompair agus gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí chun an Mol Staitisticí Iompair a fhorbairt: áis dírithe chun feidhmiú mar ionad ilfhreastail do shonraí iompair na hÉireann.
Is é aidhm an mhoil ná staitisticí iompair a bhailiú ón bPríomh-Oifig Staidrimh agus gníomhaireachtaí eile san earnáil phoiblí, ina measc siúd an Roinn Iompair, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, na Coimisinéirí Ioncaim agus Bonneagar Iompair Éireann. Dearadh an Mol Staitisticí chun an próiseas de theacht ar eolas maidir le hiompar a dhéanamh níos simplí le foinse so-aimsithe amháin.
Déanfar leathnú ar an Mol Staitisticí nuair atá sonraí nua ar fáil, agus déanfar uasdátú ar bhonn leanúnach leis na sonraí iompair is déanaí. Táimid buíoch d’ár soláthraithe sonraí go léir as ucht a dtacaíocht leis an tseirbhís bharrthábhachtach seo a chruthú.”
Ag labhairt faoin Mol Staitisticí Iompair, dúirt Sorcha O’Callaghan, Staitisteoir Sinsearach sa Roinn Iompair: “Chuir an Roinn Iompair Aonad Sonraí agus Anailísíochta ar bun i mí Eanáir na bliana seo. Cruthaíodh an rannóg chun an úsáid is fearr de bhailiúcháin sonraí na Roinne a chinntiú, na cinn óna gníomhaireachta agus sonraí ábhartha eile chun dul i bhfeidhm ar pholasaithe agus chun iad a mheas. Tá an Rannóg freagrach le deimhniú go gcuireann an Roinn leis an mBonneagar Sonraí Náisiúnta agus le tionscnaimh sonraí oscailte na hearnála poiblí. Tá sé ar intinn ag an Roinn Iompair an méid sonraí oscailte a chuirimid ar fáil a mhéadú agus fáiltímid an tionscnamh seo ón bPríomh-Oifig Staidrimh chun mol láraithe a sholáthar inár bhféidir linn ár sonraí oscailte a fhoilsiú le sonraí a ghin gníomhaireachtaí eile san éiceachóras iompair chun léargas comhdhlúite ar staitisticí iompair a chur ar fáil d’úsáideoirí.”
Tabhair faoi deara go dtagann an Mol Staitisticí Iompair nua seo in ionad an Omnibus Iompair bliantúil.
Le hais 2021, tháinig méadú ar líon na scrúduithe tiomána a rinneadh in 2022.
Le linn 2022, eisíodh 193,706 fógra formhuinithe pointe pionóis, laghdú 11% le hais na bliana roimhe. Bhí 76% de fhógraí formhuinithe pointe pionóis eisithe in 2022 as bheith ag tiomáint róthapa.
In 2022, maraíodh 155 duine ar bóthair na hÉireann, méadú 19 bás le hais 2021.
Thaisteal feithiclí ceadúnaithe na hÉireann, ar an meán, 16,261 ciliméadar in 2022, méadú 13% le hais 2021. É sin ráite, is suimiúil a lua go raibh laghdú 3.6% ar mheánmhéid na gciliméadar feithiclí a taistealaíodh le hais 2019 (roimh an bpaindéim).
Láimhseáladh 53 milliún tonna earraí ag calafoirt na hÉireann in 2022. Léiríonn sé seo laghdú 1.5% le hais 2021.
In 2022, iompraíodh 164.3 milliún tonna earraí ar bhóthar, a léiríonn fás de 6% ar an líon iomlán ó 2021, agus méadú 16% le hais 2020.
In 2022, ceadúnaíodh 101,349 gluaisteán nua príobháideacha don chéad uair, laghdú de 504 feithicil le hais 2021. Bhí méadú 81% ar an líon gluaisteán nua leictreacha a ceadúnaíodh, ó 8,554 in 2021 go 15,462 in 2022. Ag an am céanna, bhí laghdú ar líon na bhfeithiclí díosail. In 2022, ceadúnaíodh 27,188 feithicil nua díosal le hais 34,396 in 2021.
Dr Nele van der Wielen | (+353) 21 453 5379 |
---|---|
Noreen Dorgan | (+353) 21 453 5260 |
Barry Kelly | (+353) 21 453 5588 |
R-phost | transport@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Preasráiteas
Tá dhá áis nua foilsithe inniu (04 Nollaig 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), le heolas faoin earnáil iompair. Forbraíodh an Mol Staitisticí Iompair seo ag an CSO chun feidhmiú mar ionad ilfhreastail do shonraí faoi Iompar in Éirinn, agus cuireann an Deais Iompair an t-eolas is deireanaí ar fáil ar sraith bheag de tháscairí iompair, a sholáthraítear úsáideoirí le rochtain níos tapúla ar eolas tábhachtach don earnáil iompair.
Is iad na príomhdhifríochtaí idir an Mol Staitisticí Iompair agus an Deais Iompair ná go gclúdaíonn an Deais sraith bheag de tháscairí iompair amháin ar fhéidir le bheith uasdátaithe ar bhonn míosúil, agus úsáideann an Mol Staitisticí Iompair na sonraí is déanaí ón CSO agus roinnt gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí chun forléargas níos cuimsithí ar earnáil iompair na hÉireann a chur ar fáil.