Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 7 Dhaonáireamh 2022: Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Ardú 16% tagtha ar líon na ndaoine atá ag obair agus ardú 21% tagtha ar líon na ndaoine atá ar scor de réir thorthaí Dhaonáireamh 2022

  • D'ardaigh líon na ndaoine atá ag obair 16% go dtí 2.3 milliún in Aibreán 2022, agus bhí fás eacnamaíochta le brath i ngach contae.

  • 8% ráta dífhostaíochta an daonáirimh in Aibreán 2022, síos ó 13% i nDaonáireamh 2016 agus síos ó 19% i nDaonáireamh 2011.

  • D’ardaigh líon na ndaoine atá ar scor ag ráta níos tapa (21%) ná líon na ndaoine atá ag obair (16%) ó 2016, le 660,000 duine ag tabhairt le fios go raibh siad ar scor in 2022.

  • Bhí beagnach an ceathrú cuid de na mná go léir ag obair go páirtaimseartha agus ba 7% d’fhir a bhí ag obair go páirtaimseartha.

  • Bhí beagnach an tríu cuid d’oibrithe (750,000 duine) ag obair ón mbaile lá amháin sa tseachtain ar a laghad.

  • Ba í an earnáil tionsclaíochta ba mhó a raibh ardú ar líon na n-oibrithe (+37,000 duine) ó 2016 ná Gníomhaíochtaí Eile Shláinte an Duine ina n-áirítear gairmeacha amhail fisiteiripe agus teiripe shaothair.

  • 3.2 milliún duine a bhí ag taisteal chuig an scoil, chuig an obair nó chuig an gcoláiste de réir Dhaonáireamh 2022, ardú 8% ó 2016. Ba í an carr i gcónaí an modh iompair ba choitianta d’oibrithe agus do lucht scoile.

  • Lean an meánam taistil ag fáil níos faide, suas ó 26.6 nóiméad i nDaonáireamh 2011 go dtí 29.1 nóiméad i nDaonáireamh 2022.

Ráiteas an Staitisteora

Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (05 Nollaig 2023). Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Pléitear sa tuarascáil seo daoine a bhí ag obair nó dífhostaithe, slite beatha daoine agus cineál na n-earnálacha tionsclaíochta a bhfuil siad ag obair iontu chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Bhí roinnt ábhair nua i gceist do Dhaonáireamh 2022 - ag comaitéireacht chuig cúram leanaí, obair pháirtaimseartha, ag obair ón mbaile, agus ag taifeadadh an ama a d’fhág daoine an t-ionad oibre, scoil, coláiste nó ionad cúraim leanaí, agus thug sé sin léargas níos fearr dúinn ar phatrúin taistil.

Bhí breis is 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16% ó 2016. Laghdaigh ráta dífhostaíochta an daonáirimh ó 13% in 2016 go dtí 8%, agus bhí laghdú ar an ráta i ngach aoisghrúpa. D'ardaigh líon na ndaoine atá ar scor 21% ó bhreis is 545,000 duine go dtí beagnach 660,000 duine. Go spéisiúil, is ráta níos airde d’ardú é seo ná an fás atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag obair (16%)Thug oibrí amháin as gach triúr le fios go mbíonn siad ag obair ón mbaile lá amháin sa tseachtain ar a laghad (750,000).

Tá bealaí comaitéireachta, treimhsí taistil agus na hachair taistil ar fad ina gcuid den fhaisnéis a chuirtear ar fáil i bPróifíl 7. Ba í an carr i gcónaí an príomh-mhodh taistil a d’úsáid comaitéirí chun taisteal chun na hoibre ag 1.3 milliún duine (63% d’oibrithe) agus ba í an bus an modh ba choitianta ag mic léinn le dul chuig an gcoláiste (25%).

Fostaíocht, Slite Beatha & Comaitéireacht - Roinnt Buaicphointí

Daoine ag Obair agus Lasmuigh den Fhórsa Saothair

Tháinig ardú 16% ar líon na ndaoine a bhí ag obair go dtí 2.3 milliún in Aibreán 2022. Bhí 1.1 milliún oibrí mná agus 1.2 milliún oibrí fir san áireamh ansin. D’fhás an ráta fostaíochta i ngach contae, cé go raibh éagsúlacht mhór ag baint leis na rátaí sin.  Ba sa Longfort a bhí an fás ba mhó ag 30%, agus i gCeatharlach agus sa Mhí ina dhiaidh sin, 22% an ráta sa dá chontae sin. Ba i gCiarraí a bhí an ráta fáis ba lú ag 10%.

Bhí beagnach 660,000 duine ar scor de réir Dhaonáireamh 2022 i gcomparáid le breis is 545,000 duine i nDaonáireamh 2016, ardú 21%. Go spéisiúil, is ráta níos airde d’ardú é seo ná an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag obair. Ba é an chéad uair é a raibh níos mó ban (342,000) ná fear (316,000) ar scor. Lean an treocht de líon na ndaoine a bhí ag tabhairt aire don teach/teaghlach a bheith ag titim i nDaonáireamh 2022 go dtí 272,318 duine, síos 11% ó Dhaonáireamh 2016. Tá laghdú níos mó ná a leath tagtha ar an uimhir sin ó 1986. Ba mhná iad formhór na ndaoine sa chatagóir seo (90%). Tháinig ardú 20% go dtí 189,308 duine ar líon na ndaoine nach raibh ábalta a bheith ag obair de bharr easláinte/míchumas buan.

Den chéad uair riamh, áiríodh ceist sa daonáireamh ar fhostaíocht lánaimseartha agus pháirtaimseartha. Taispeántar san anailís go raibh 14% d’oibrithe ag obair ar bhonn páirtaimseartha. Bhí seans níos mó ann gur mná, ag 23%, seachas fir (7%) a bheadh ag obair go páirtaimseartha. 

An Áit a raibh Daoine ag Obair

Ag féachaint ar an bhfás a bhí ar fhostaíocht de réir an ghrúpa tionsclaíochta ó 2016, ba sna Gníomhaíochtaí Eile Shláinte an Duine a bhí an t-ardú ba mhó (lena n-áirítear seirbhísí teiripeacha, seirbhísí radharceolaí, seirbhísí otharchairr, bainc fola, agus clinicí vacsaíní), ardú breis is 37,000 oibrí. D’ardaigh líon na ndaoine atá ag obair i nGníomhaíochtaí TF beagnach 31,000 oibrí, agus bhí breis is 23,000 duine níos mó ag obair sa Riarachán Poiblí. 107,000 duine líon iomlán na ndaoine a bhí ag obair sa Riarachán Poiblí amhail Aibreán 2022. Ba í seo an earnáil ba mhó dá réir. Tharla roinnt laghduithe i bhfostaíocht freisin ar ábhar suntais iad, lena n-áirítear titim breis is 8,000 oibrí in earnáil na Feirmeoireachta agus titim breis is 6,500 oibrí san earnáil Miondíola Bia.

Obair ón mBaile

Bhí beagnach an tríú cuid d’oibrithe (750,000 duine) ag obair ón mbaile lá amháin sa tseachtain ar a laghad. Bhí duine amháin as gach triúr díobh sin ag obair ón mbaile cúig lá nó níos mó in aghaidh na seachtaine, bhí 26% ag obair trí go ceithre lá sa bhaile, agus 32% ag obair lá go dhá lá sa bhaile. B’oibrithe i nDún Laoghaire - Ráth an Dúin ba mhó is dóichí a d’oibreodh ón mbaile le 57% díobh ag obair ón mbaile lá amháin nó níos mó sa tseachtain.   Ní raibh ach 21% d’oibrithe i Muineachán agus sa Longfort ag obair ón mbaile.

Dífhostaíocht

8% ráta dífhostaíochta Dhaonáirimh 2022, síos ó 13% in 2016 agus síos ó 19% in 2011. D’áirigh sin ráta dífhostaíochta fadtréimhsí (12 mí níos mó) 4%. Ba i gcontaetha Lú, an Longfoirt agus Dhún na nGall a bhí na rátaí dífhostaíochta ab airde, an ráta 11% a bhí i gceist sna trí chontae sin. Ba i gContae Chorcaí agus i nDún Laoghaire - Ráth an Dúin a bhí an ráta ba lú, 6% an ráta a bhí sa dá limistéar sin. Ba i nDún na nGall agus i Lú a bhí na rátaí dífhostaíochta fadtréimhsí ab airde, 6% an ráta sa dá chontae sin. Ba i gContae Chorcaí agus i nDún Laoghaire - Ráth an Dúin a bhí an ráta ba lú, 3% an ráta a bhí sa dá limistéar sin.

Ag Taisteal chun na hOibre

3.2 milliún duine a bhí ag taisteal chuig an scoil, chuig an obair nó chuig an gcoláiste in 2022. Sin ardú 8% ó 2016 i leith. Déantar an chuid is mó de na turais sin i gcónaí i gcarr, agus ba ionann sin agus 63% de na turais go léir chuig an obair. Mar sin féin, thit an ráta sin ó 66% in 2016. Thiomáin breis is 70% d’oibrithe i gcontaetha na Gaillimhe agus Ros Comáin chuig an obair, ach bhí níos lú ná 30% á dhéanamh sin i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Ag siúl a bhí 9% de dhaoine a bhí ag comaitéireacht chuig an obair, síos ó 15% in 1986. Ba i gCathair na Gaillimhe agus i gCathair Bhaile Átha Cliath ag 16% agus 18% faoi seach a bhí an sciar ba mhó de dhaoine a bhí ag siúl chuig an obair. Bhí comaitéireacht ar bus ag leibhéal céanna agus a bhí in 2016 ag 6%. Ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a bhí an sciar ba mhó de dhaoine a bhí ag comaitéireacht chuig an obair, 15%, a bhain úsáid as an mbus. Ní raibh athrú ar bith ar líon na ndaoine a bhí ag comaitéireacht chuig an obair ar Thraein, Dart nó Luas, 3%, ó 2011. Ar rothar a bhí 3% de dhaoine a bhí ag comaitéireacht chuig an obair. Ní raibh aon athrú ar an ráta sin ó 2016 ach bhí sé tite ó 7% in 1986. Ba i mBaile Átha Cliath a bhí an sciar ab airde ag 10% agus ba i nDún na nGall agus sa Chabhán a bhí an sciar ab ísle ag 0.5%.

Lean an meántréimhse taistil ag fáil níos faide, ó 26.6 nóiméad in 2011 go dtí 29.1 nóiméad in 2022. Ba dhíreach faoi 17 ciliméadar, suas ó 15km in 2016, meánachar na comaitéireachta chuig an obair go náisiúnta. 

Ag Taisteal chuig an Scoil, Coláiste nó Cúram Leanaí

Thaistil beagnach 160,000 leanbh réamhscoile (0-4 bliana d’aois) chuig cúram leanaí nó chuig an scoil. Ba i gcarr a thaistil a dtromlach (119,000 leanbh). Thaistil breis is 563,000 leanbh bunscoile (5-12 bliana d’aois) chuig an scoil (ardú 3% ó Dhaonáireamh 2016). Is í an carr i gcónaí an príomh-mhodh iompair le 55% de leanaí á dtiomáint chuig an scoil, síos ó 60% i nDaonáireamh 2016. D'ardaigh líon na leanaí a bhí ag rothaíocht chuig an scoil 88% go dtí beagnach 14,000 agus bhí breis is 133,000 leanbh ag siúl chuig an scoil, ardú 4% ó Dhaonáireamh 2016. Ar bhus a bhí 9% eile ag taisteal chuig an scoil.

Thaistil breis is 388,000 leanbh meánscoile (13-18 bliana d’aois) chuig an scoil (ardú 11% ó Dhaonáireamh 2016). Ba í an carr freisin an príomh-mhodh iompair a bhí acu le 41% de leanaí á dtiomáint chuig an scoil, síos ó 42% i nDaonáireamh 2016. D'ardaigh líon na leanaí a bhí ag rothaíocht chuig an scoil 79% go dtí breis is 13,000 leanbh agus bhí beagnach 77,800 leanbh ag siúl chuig an scoil, ardú 5% ó Dhaonáireamh 2016. Ar bhus a bhí 26% de scoláirí meánscoile ag taisteal chuig an scoil. Maidir leis an 201,000 mac léinn tríú leibhéal, a rangaítear iad a bheith 19 mbliana d’aois agus níos sine, ba ar bhus an bealach ba choitianta a bhí acu chun taisteal chuig an gcoláiste nó 25% de mhic léinn. Díreach faoin gceathrú cuid de mhic léinn a bhí ag tiomáint cairr, bhí 20% díobh ag siúl agus 8% ag taisteal ar an Traein/Dart/Luas. Ní raibh ach 4% de mhic léinn ag rothaíocht.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Foilseofar Próifíl 8 (An Ghaeilge agus Oideachas) ar an 19 Nollaig 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • Soláthraíonn torthaí an tSuirbhe ar an bhFórsa Saothair (SFS) an bunús do shraith oifigiúil na meastachán ráithiúil ar an bhfórsa saothair. Tá na figiúirí don fhórsa saothair agus a chomhghnéithe a thaispeántar sa tuarascáil seo bunaithe go díreach ar an daonáireamh.  Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar a n-airdeall go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith le sonrú san eolas a fuarthas ó cheisteanna comhionanna sa daonáireamh agus sa LFS don bhliain chéanna. Is iad na príomhchatagóirí a bhfuil tionchar orthu ná na gnéithe a bhaineann leis an gceist ar phríomhstádas eacnamaíochta agus na meastacháin fostaíochta arna rangú de réir tionscail agus slí bheatha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Nótaí Cúlra na tuarascála.
  • Tá an fórsa saothair comhdhéanta de dhaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine atá fostaithe, ag lorg a gcéad phoist, nó dífhostaithe. Tugtar ráta rannpháirtíochta an fhórsa saothair ar chéatadán na ndaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine a ghlacann páirt san fhórsa saothair – seachas stádas eile a bheith acu amhail mac léinn, ar scor nó bean nó fear tí. Tomhaistear é mar líon na ndaoine san fhórsa saothair (ag obair nó dífhostaithe) arna léiriú mar chéatadán den daonra iomlán atá 15 bliana d’aois agus níos sine.
  • Ríomhtar an ráta dífhostaíochta mar líon na ndaoine atá dífhostaithe nó ag lorg a gcéad phoist mar sciar de gach duine 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí ag obair, ag lorg a gcéad phoist nó dífhostaithe. Is ionann stádas dífhostaíochta duine agus an stádas eacnamaíoch féindearbhaithe a thaifead an duine ar an bhfoirm daonáirimh.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --