I mí Aibreáin 2022, thuairiscigh níos mó ná 1 milliún duine (22% den daonra) go bhfuil deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh.
I bhFine Gall, bhí deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil do 19% den daonra, agus bhí sé sin ar an sciar is ísle sa tír. Is i gContae Loch Garman a bhí an sciar is airde ag 24%.
Is ag obair a bhí níos mó ná 346,000 duine (34% den daonra a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh).
Sna bailte a bhfuil daonra níos mó ná 1,500 duine iontu, is i gCnocán na Biolraí i gCorcaigh a raibh an ráta is airde (91%) de dhaoine a thuairiscigh go raibh a sláinte go maith nó an-mhaith.
I measc oibrithe gairmiúla, thuairiscigh 72% acu go raibh a sláinte an-mhaith i gcomparáid le 41% d’oibrithe neamhoilte.
Bhí beagnach 450,000 duine, nó 9% den daonra, ag caitheamh tobac gach lá agus bhí díreach os cionn 226,400 duine (4%) ag caitheamh tobac anois agus arís.
Bhí beagnach 300,000 duine ag cur cúnamh rialta gan íocaíocht ar fáil agus b’ionann sin agus 6% den daonra.
Bhí thart ar 57% de chúramóirí gan íocaíocht (níos sine ná 15 bliana d’aois) ag obair in 2022, is ardú é sin ó 51% in 2016.
Tabhair ar aird go n-áirítear sna catagóirí deacrachtaí atá ag gabháil do dhuine mar gheall ar sheanaois.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Tá Próifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (28 Meán Fómhair 2023). Cuirfear sonraí, anailís agus ábhar físiúil ar fáil sa tuarascáil ar chineálacha agus ar chomh mór is atá deacrachtaí nó riochtaí fadtéarmacha ag gabháil don daonra, ar ár sláinte ghinearálta agus ar chúramóirí a chuireann cúram gan íocaíocht ar fáil in Éirinn.
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Sheelagh Bonham, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Le torthaí an lae inniu, cuirtear sonraí ríthábhachtacha ar fáil chun cuidiú linn súil a choinneáil ar na forbairtí sna réimsí seo. Thuairiscigh níos mó ná 1.1 milliún duine go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh agus b’ionann sin agus 22% den daonra. I nDaonáireamh 2022, rinneadh athbhreithniú ar an dá cheist (C15 agus C16) ar dheacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha chun a chur ar chumas daoine chomh mór is atá na deacrachtaí agus riochtaí sin ag gabháil dóibh a chur in iúl, rud a chuidigh linn léargas níos fearr a fháil ar an ábhar (Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar na hathruithe ar na ceisteanna i Nóta an Eagarthóra thíos agus sna Nótaí Cúlra).
Maidir le sláinte ghinearálta, tá sé spéisiúil a fheiceáil go ndúirt níos lú daoine (53%) go raibh a sláinte an-mhaith i nDaonáireamh 2022 agus ba laghdú é sin ó bhí Daonáireamh 2016 ann nuair a bhí sé 59%. Tomhaistear an cineál poist in aghaidh sláinte ghinearálta agus léirítear gur thuairiscigh 72% d’oibrithe gairmiúla go raibh a sláinte an-mhaith i gcomparáid le 41% d’oibrithe neamhoilte.
Bhí faisnéis maidir le nósanna caite tobac an náisiúin mar chuid de thorthaí an Daonáirimh den chéad uair riamh agus léirítear dúinn go raibh 9% den daonra ag caitheamh tobac gach lá agus nach raibh caitheamh tobac laethúil chomh coitianta céanna i measc daoine a bhí os cionn 55 bliain d’aois.
Tháinig ardú ar an líon daoine a chuireann cúram gan íocaíocht ar fáil chomh maith le líon uaireanta an chloig ina gcuirtear cúram ar fáil. 6% den daonra an céatadán den daonra iomlán a chuireann cúram rialta gan íocaíocht ar fáil i gcomparáid le 4% sa bhliain 2016. Is idir 40 agus 64 bliain d’aois a bhí beagnach dhá thrian de chúramóirí gan íocaíocht. Tháinig méadú ar chéatadán na gcúramóirí a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine agus a bhí ag obair go 57% in 2022, sin ardú ó 51% in 2016.”
Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí – Roinnt Buaicphointí
Daoine le Míchumas
I mí Aibreáin 2022, bhí deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil do níos mó ná 1.1 milliún duine (22% den daonra). Áiríodh orthu sin níos mó ná 400,000 duine (8% den daonra) a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh go mór.
Maidir le leanaí faoi 15 bliana d’aois agus daoine a bhí idir 60 agus 75 bliain d’aois, thuairiscigh níos mó fireannach ná baineannaigh go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh agus is a mhalairt a bhí fíor do gach catagóir aoise eile.
I bhFine Gall, thuairiscigh 19% den daonra go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh, agus ba é sin an sciar is ísle sa tír. Is i gContae Loch Garman a bhí an sciar is airde ag 24%.
Is in Uíbh Fhailí a bhí an ráta is airde leanaí (suas go 15 bliana d’aois) a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh (11%) agus is i Muineachán a bhí an ráta is ísle ag 8%.
Maidir le bailte a raibh daonra 1,500 duine nó níos mó iontu, is i dTeach Sagard, Contae Bhaile Átha Cliath (an baile leis an meánaois is óige) a raibh an sciar is ísle de dhaoine a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh (13%) agus is i mBéal Átha Seanaidh i nDún na nGall (an baile leis an meánaois is sine) a raibh an ráta is airde (31%).
Bhí deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag beagnach 52,000 duine a bhí 25 bliain d’aois agus níos sine agus a raibh cónaí orthu lena dtuismitheoirí. Maidir leis na daoine sin a raibh sé sin ag gabháil dóibh go mór, thuairiscigh níos mó ná 11,500 duine go raibh deacracht acu le bheith ag obair i bpost nó i ngnólacht nó le freastal ar an scoil nó coláiste.
B’ionann 2.3 milliún duine (56% de na daoine ar fad a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine) agus an líon iomlán daoine sa tír a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine agus a bhí ag obair sa bhliain 2022. I gcomparáid leis sin, is ag obair a bhí díreach os cionn 346,000 duine (34%) a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine agus a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh.
Ba é 22% an ráta dífhostaíochta do dhaoine a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh go mór. Ba é 8% an ráta dífhostaíochta ar an iomlán mar a taifeadadh i nDaonáireamh 2022.
Sláinte
Sláinte Ghinearálta
Bhí cúig rogha freagraí ag an gceist faoi shláinte ghinearálta ar fhoirm an daonáirimh agus ba iad na roghanna sin ná an-mhaith, go maith, réasúnta, go dona agus an-dona. Tháinig laghdú ó 88% in 2011 go 83% in 2022 ar chéatadán na ndaoine a thuairiscigh go raibh a sláinte ghinearálta an-mhaith nó go maith. Thuairiscigh gach contae go raibh athrú ó shláinte mhaith go sláinte nach raibh chomh maith céanna acu idir 2011 agus 2022.
Dúirt níos lú daoine (53%) go raibh a sláinte an-mhaith in 2022, sin laghdú ó 59% in 2016. Tháinig ardú beag, 30%, ar líon na ndaoine a dúirt go raibh a sláinte go maith i gcomparáid le 28%.
Suas go dtí 30 bliain d’aois, ba iad na fireannaigh ba mhó is dóichí a thuairiscigh go raibh a stádas sláinte an-mhaith i gcomparáid le baineannaigh. Athraíonn sé sin i measc daoine os cionn 30 bliain d’aois agus ba iad na baineannaigh ba mhó is dóichí a thuairiscigh go raibh a stádas sláinte an-mhaith i ngach aoisghrúpa seachas fireannaigh.
Sna bailte a bhfuil daonra níos nó ná 1,500 duine iontu, thuairiscigh 91% de na daoine i gCnocán na Biolraí i gCorcaigh go bhfuil a sláinte go maith nó an-mhaith. Thuairiscigh sciar ard (90%) go raibh a sláinte an-mhaith nó go maith freisin i mBearna, Contae na Gaillimhe, Mullach Íde, Contae Bhaile Átha Cliath, agus Carraig Uí Leighin i gContae Chorcaí. I measc na mbailte a thuairiscigh daoine sciar níos ísle de shláinte mhaith a bheith acu, bhí an Caisleán Riabhach i gContae Ros Comáin agus Baile Uí Mhatháin i gContae an Longfoirt. Thuairiscigh an dá áit sin go raibh a stádas sláinte an-mhaith nó go maith ag 67%.
I measc oibrithe gairmiúla, thuairiscigh 72% acu go raibh a sláinte an-mhaith i gcomparáid le 41% d’oibrithe neamhoilte.
Caiteamh Tobac
Bhí beagnach 450,000 duine (9% den daonra) ag caitheamh tobac gach lá agus thuairiscigh díreach os cionn 226,400 duine (4%) go gcaitheann siad tobac anois agus arís in Aibreán 2022. Níor chaith díreach os cionn 60% de dhaoine (os cionn 3.1 milliún duine) tobac riamh agus d’éirigh 19% (níos mó ná 975,000 duine) as bheith ag caitheamh tobac.
Is san aoisghrúpa idir 25 agus 29 bliain d’aois a bhí an sciar is airde de na daoine ar fad a chaitheann tobac gach lá nó anois is arís agus bíonn beagnach duine amháin as gach ceathrar ag caitheamh tobac.
Tháinig laghdú ar a choitianta agus atá sé a bheith ag caitheamh tobac aníos agus arís tar éis duine a bheith 30 bliain d’aois agus níor tháinig laghdú ar an gcaitheamh tobac laethúil go dtí go raibh duine 55 bliain d’aois.
Cúramóirí
Bhí beagnach 300,000 duine ag cur cúnamh rialta gan íocaíocht ar fáil in Aibreán 2022 agus b’ionann sin agus 6% den daonra. Ba mhéadú é sin ar níos mó ná 50% den líon cúramóirí gan íocaíocht ó 2016 i leith.
Ba iad na baineannaigh fós a bhí i bhfad ba mhó is dóichí ina gcúramóirí gan íocaíocht agus b’ionann iad agus 61% de na cúramóirí ar fad i nDaonáireamh 2022 (181,592 duine). D’fhan na sciartha sin seasta ó Dhaonáireamh 2011 i leith.
Maidir le próifíl aoise na gcúramóirí, bhí a bhformhór mór (64%) san aoisghrúpa idir 40 agus 64 bliain d’aois. Bhí 15% eile de chúramóirí 65 bliain d’aois nó níos sine. Bhí 4,759 cúramóir óg sa tír freisin, déantar cur síos ar chúramóir óg mar dhuine atá faoi bhun 15 bliana d’aois. Bhí 959 cúramóir óg níos mó ann in 2022 ná mar a bhí in 2016.
Bhí beagnach leath de na cúramóirí (46%) ag cur suas le 14 uair an chloig de chúram ar fáil gach seachtain, sin ardú ó 43% in 2016. Tháinig laghdú beag ar chéatadán na gcúramóirí a bhí ag cur cúraim ar fáil ar feadh idir 15 agus 28 uair an chloig agus ar feadh idir 29 agus 42 uair an chloig gach seachtain. Mar mhalairt air sin, bhí 29% de chúramóirí ag cur 43 uair an chloig nó níos mó de chúram gan íocaíocht ar fáil gach seachtain, i gcomparáid le 21% in 2016.
Bhí thart ar 57% de chúramóirí gan íocaíocht (níos sine ná 15 bliana d’aois) ag obair in 2022, b’ardú é sin ó 51% in 2016.