Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Daonáireamh 2022 - Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

An cion is airde cónaitheoirí (72%) a rugadh sa chontae ag Corcaigh agus an cion is ísle ag an Mí (32%) léirithe i dtorthaí Dhaonáireamh 2022

  • Ba é Droichead Átha an baile is mó in Éirinn a raibh daonra 44,135 duine ann.

  • Bhí 49 baile sa tír a raibh daonra níos mó ná 10,000 duine iontu sa bhliain 2022.

  • I measc na mbailte níos lú a raibh daonra 1,500 – 10,000 iontu, ba é Teach Sagard i mBaile Átha Cliath an baile leis an daonra is óige leis an meánaois 30.4 bliain agus ba iad Béal Átha Seanaidh i nDún na nGall agus Daingean Uí Chúis i gCiarraí na bailte leis an daonra is sine. Ba é 44.4 bliain an mheánaois a bhí ag an dá bhaile sin.

  • I measc na mbailte níos mó a raibh daonra 10,000 nó níos mó iontu, ba é Baile Brigín i mBaile Átha Cliath an baile leis an daonra is óige leis an meánaois 33.6 bliain agus ba é Cluain Meala i dTiobraid Árann an baile leis an daonra is sine leis an meánaois 40.8 bliain.

  • Bhí an céatadán is airde (72%) cónaitheoirí a rugadh sa chontae ag Corcaigh agus bhí an céatadán is lú cónaitheoirí a rugadh sa chontae ag an Mí (32%).

  • Le linn na bliana roimh an daonáireamh, bhog 265,098 duine chuig áit chónaithe nua laistigh d’Éirinn. Bhog 29% astu sin chuig contae difriúil.

  • As na 112,548 líon tí a bhog chuig teach eile sa bhliain roimh 2022, bhog 61% acu chuig réadmhaoin ar cíos, 23% acu chuig réadmhaoin ar leo í le morgáiste nó iasacht agus bhog 11% acu chuig réadmhaoin a cheannaigh siad gan mhorgáiste nó iasacht.

Trácht an Staitisteora

Próifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (an 29 Meitheamh 2023). Is é seo an chéad cheann i sraith d’ocht bpróifíl théamacha a chuirfidh torthaí mionsonraithe ar fáil faoi réimsí áirithe Dhaonáireamh 2022. Tá Próifíl 1 dírithe ar dháileadh an daonra ar fud bhailte agus chathracha na tíre, an áit a rugadh gnáthchónaitheoirí gach contae, agus gluaiseachtaí daonra go dtí gach contae, laistigh de gach contae agus lasmuigh de gach contae ó bhí an bhliain 2016 ann. Agus ag trácht ar na torthaí, dúirt Dr. Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Cuirtear leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil sna Torthaí Achoimre a eisíodh an mhí seo caite i bPróifíl 1. Áirítear sonraí mionsonraithe faoi dháileadh an daonra i ngach contae agus i mbailte agus i gcathracha na tíre, próifíl aoise an daonra atá iontu agus faoin méid daoine a bhog isteach go dtí gach contae, laistigh de gach contae agus lasmuigh de gach contae ó bhí Daonáireamh 2016 ann. Cuirtear faisnéis ar fáil freisin faoi na cineálacha tionachta agus na cineálacha cóiríochta atá ag na daoine a bhog (i.e. cibé an bhfuil a gcóiríocht féin acu nó cóiríocht ar cíos, nó ar bhog siad isteach i dteach nó árasán). Beidh an fhaisnéis áitiúil seo sárluachmhar d’údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí, grúpaí pobail agus áitiúla agus tá an fhaisnéis mar chuid thábhachtach d’íomhá an daonra a chuirfidh torthaí Dhaonáireamh 2022 ar fáil. Leanfaidh muid orainn ag cur tuilleadh sonraí mionsonraithe agus anailís ar fáil sna próifílí atá fanta le linn an chuid eile den bhliain.” 

Buaicphointí na Tuarascála

Dáileadh Daonra 

In Aibreán na bliana 2022, bhí an dá bhaile is mó sa Stát, Droichead Átha (44,135 duine) agus Dún Dealgan (43,112 duine), ag Lú, an contae is lú in Éirinn de réir méide.

Is i gCúige Laighean a bhí na cúig bhaile a raibh an daonra is airde iontu ar bhonn náisiúnta agus cuirtear an liosta sin i gcrích le Sord (40,776 duine), An Uaimh (33,886 duine) agus Bré (33,512 duine).

Ba é Inis an séú baile is mó le 27,923 duine ann.

Is i Sligeach (20,608 duine) agus Leitir Ceanainn (22,549 duine) a bhí an daonra is airde i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh (cuid de) faoi seach.

Prófíl aoinse na mbailte

Bhí 49 baile sa tír a raibh daonra 10,000 duine nó níos mó iontu. Bhí formhór na mbailte sin (33 baile) i gCúige Laighean, bhí 11 baile i gCúige Mumhan, trí cinn i gCúige Chonnacht agus dhá cheann i gCúige Uladh (cuid de). Ba é Baile Brigín an baile mór leis an daonra is óige leis an meánaois 33.6 bliain. Ba é Cluain Meala, leis an meánaois 40.8 bliain, an baile mór leis an daonra is sine. Bhí 164 baile ann a raibh daonra 1,500 duine go 10,000 duine ann. Ní raibh ach meánaois faoi bhun 33 bliain ag 12 de na bailte sin. Ba é Teach Sagard i mBaile Átha Cliath an baile leis an daonra is óige sa chatagóir seo leis an meánaois 30.4 bliain in 2022.

Bhí 12 baile sa chatagóir seo, áit a raibh an mheánaois os cionn 42 bliain. Ba iad Baile Átha Seanaidh i nDún na nGall agus Daingean Uí Chúis i gCiarraí, leis an meánaois 44.4 bliain, na bailte leis an daonra is sine sa bhliain 2022. Is san iarthar a bhí formhór na mbailte is sine sa chatagóir seo lena n-áirítear Ciarraí, Ros Comáin, Dún na nGall, Corcaigh agus an Clár.

Áit Bhreithe

Bhí 5,084,879 gnáthchónaitheoir (ciallaíonn sé sin daoine a chónaíonn de ghnáth sa tír agus a bhí i láthair sa Stát ar Oíche an Daonáirimh) in Éirinn ar an 03 Aibreán 2022. Bhí 59% (3,014,287 duine) astu sin ina gcónaí sa chontae ar rugadh iad. Rugadh 21% eile acu (1,053,155 duine) in áit eile sa Stát. Rugadh an 20% atá fanta astu sin a bhí ina gcónaí in Éirinn in Aibreán na bliana 2022 (1,017,437 duine) taobh amuigh den Stát agus is ardú é sin ó 17% sa bhliain 2016.

Is ag Corcaigh a bhí an céatadán is airde de na daoine, ag 72%, a rugadh agus atá ina gcónaí sa chontae céanna. Mar mhalairt air sin, níor rugadh ach 32% de chónaitheoirí na Mí sa chontae, 34% i gCill Dara agus 35% i gCill Mhantáin.

Rugadh duine as gach ceathrar astu sin atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath i dtír eile agus rugadh 23% de na daoine sin atá ina gcónaí i Muineachán agus 22% de na daoine sin atá in gconaí i nDún na nGall taobh amuigh den Stát.

Daoine a bhog teach le déanaí

Idir Aibreán na bliana 2021 agus Aibreán na bliana 2022, bhog duine as gach fiche cónaitheoir ,aon bhliain d'aois agus níos sine   - 265,098 duine - chuig teach nua laistigh d’Éirinn. Méadú 0.6% (1,547 duine) é sin i gcomparáid leis an mbliain 2016.

As na daoine sin a bhog le linn an 12 mhí suas go dtí Aibreán na bliana 2022, bhí 29% (76,683 duine) ina gcónaí i gcontae difriúil sular bhog siad. Bhain 35% de na daoine a bhog le contae Bhaile Átha Cliath.

Bhí méadú 2% sa méid líonta tí a bhog sa bhliain roimh an daonáireamh i gcomparáid leis na daoine a bhog sa bhliain roimh Dhaonáireamh 2016.

Na daoine a bhog de réir aoinse

Is iad na daoine a bhí 26 bliain d’aois is mó is dóichí a bhí ag bogadh agus bhí 15% astu sin ag an aois sin ag bogadh sa bhliain roimh Dhaonáireamh 2022. Tháinig laghdú de réir a chéile ar chion na ndaoine a bhog tar éis 26 bliain d’aois agus bhí níos lú ná 2% de na daoine a bhí 65 bliain d’aois ag bogadh sa bhliain roimh an daonáireamh.

Na daoine a bhog de réir ceann scribe

Is iad na daoine a bhog i Ros Comáin agus Liatroim is mó is dóichí a bhogfadh chuig contae difriúil agus rinne 46% agus 45% faoi seach de na daoine a bhog amhlaidh. D’fhág duine as gach ceathrar de na daoine a bhog i mBaile Átha Cliath an contae. D’fhág 18% de na daoine a bhog i gCorcaigh an contae agus bhí sé sin ar an ráta is ísle maidir le daoine ag bogadh chuig contae eile. 

Na Líonta Tí a Bhog de réir Stádas Úinéireachta and Cineál Cóiríochta

Is chuig réadmhaoin ar cíos a bhog formhór na líonta tí (61%) a bhog sa bhliain 2022. Bhog 26,443 duine (23%) chuig teach nua a raibh úinéireacht acu air le morgáiste nó iasacht. Méadú 36% a bhí ansin i gcomparáid leis an mbliain 2016. Is iad na líonta tí a bhog i mBaile Átha Cliath na daoine is mó is dóichí a bhog chuig teach ar cíos (69%). Bhog beagnach líon tí amháin as gach ceithre cinn a bhog i Ros Comáin chuig teach a raibh úinéireacht acu air gan mhorgáiste nó iasacht. Is iad na líonta tí a bhog i nDún na nGall agus i Liatroim is mó is dóichí go comhréireach a bhog chuig réadmhaoin saor ó chíos, 6% i ngach contae.

Bhog beagnach líon tí amháin as gach trí cinn a bhog sa bhliain roimh Dhaonáireamh 2022 chuig árasán. Bhog beagnach 70% de na líonta tí a bhog isteach i dteach a raibh úinéireacht acu air le morgáiste nó iasacht isteach i dteach scoite nó teach leathscoite. Bhog níos mó ná leath (52%) astu sin a bhog chuig réadmhaoin a raibh úinéireacht acu uirthi gan mhorgáiste nó iasacht isteach i dteach scoite.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an daonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áirítear sa daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí ann ar oíche an Daonáirimh.  Ní áirítear sa daonra de facto iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as baile go sealadach in áit lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Do Dhaonáireamh 2022, thug an Phríomh-Oifig Staidrimh bealach nua isteach chun limistéir uirbeacha a shainmhíniú. Forbraíodh na limistéir nua uirbeacha seo nó Limistéir Faoi Fhoirgnimh (LFFanna) i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (Tailte Éireann anois). Cruthaíodh na teorainneacha nua LFF trí úsáid a bhaint as cur chuige difriúil i leith na Lonnaíochtaí a úsáideadh i nDaonáireamh 2016 agus mar sin ní féidir comparáid dhíreach ar na sonraí do na limistéir uirbeacha a dhéanamh idir an dá dhaonáireamh san fhoilseachán seo. Sna cásanna a úsáidtear an focal ‘baile’ sa preasráiteas seo, tá sé ag tagairt do na LFFanna. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na LFFanna sa fhoilseachán.
  • Chun críocha daonáirimh, taifeadtar áit bhreithe duine mar an áit a raibh a máthair ina cónaí ag an am ar rugadh iad. Ar an bhfoirm dhaonáirimh, iarradh ar dhaoine a rugadh in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a gcontaedúchais a scríobh isteach agus iarradh ar dhaoine a rugadh thar lear a dtír dhúchais a ainmniú.
  • Tá Próifíl 1 ar an gcéad cheann i sraith de thuarascálacha ar Dhaonáireamh 2022. Foilseofar tuilleadh tuarascálacha téamacha le linn an chuid eile den bhliain, lena n-áirítear próifílí maidir le tithíocht, míchumas, sláinte agus cúramóirí agus fostaíocht. Is iad seo a leanas na tuarascálacha atá fanta:
    • Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn
    • Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022 Proifíl 1 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --