Skip navigation

08 Feabhra 2022

Ceadúnú feithiclí den chéad uair, Eanáir 2022

In Eanáir 2022, hibridí inluchtaithe (PHEV) nó feithiclí leictreacha (EV) a bhí in 21% de ghluaisteán nua a ceadúnaíodh
  • Laghdú 1,134 (-7%) ar cheadúnú gluaisteán nua in Eanáir 2022 le hais Eanáir 2021
  • Sa chéad mhí de 2022, feithiclí díosail ab iad 20% de ghluaisteáin nua phríobháideacha, le hais 34% bliain níos luaithe
  • Laghdú 4,440 (-55%) ar cheadúnú gluaisteán athláimhe in Eanáir 2022 le hais Eanáir 2021

Breathnaigh ar an eisiúint: Ceadúnú feithiclí den chéad uair, Eanáir 2022 [en]

Tá figiúirí maidir le Ceadúnú Feithiclí in Eanáir 2022 foilsithe inniu (08 Feabhra 2022) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na figiúirí seo bunaithe ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe a chuireann an Roinn Iompair ar fáil.

In eisiúint an lae inniu, léirítear gur 15,814 gluaisteán nua a ceadúnaíodh den chéad uair in Eanáir 2022, le hais 16,948 ceann in Eanáir 2021, laghdú de 1,134 nó 7%.

Agus í ag trácht ar shonraí an lae inniu, deir an Dr Nele van der Wielen, Staitisteoir:

“Léirítear i dtorthaí an CSO inniu go bhfuil fás i gcónaí ar líon na hibridí inluchtaithe (PHEV) agus gluaisteán leictreacha (EV) atá á gceadúnú in Éirinn. Bhí an líon hibridí inluchtaithe nua 82% ní b’airde in Eanáir 2022 ná Eanáir 2021 (1,507 le hais 827). Ceadúnaíodh 1,813 gluaisteán leictreacha nua in Eanáir 2022, sin breis is dhá oiread ní ba mhó ná an líon 739 in Eanáir 2021.

Ar an lámh eile de, tá meath ag teacht ar an líon gluaisteán nua díosail. Taifeadadh 3,116 díobh seo sa chéad mhí den bhliain seo, le hais 5,801 in Eanáir 2021.

Ar deireadh, deir Nele van der Wielen: “Tháinig titim 55% ar chéad ceadúnú do ghluaisteáin athláimhe in Eanáir 2022 le hais na míosa céanna anuraidh.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Clárú feithicle

Déantar feithicil a chlárú nuair a íoctar an cháin cláraithe feithicle atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim. Ina dhiaidh sin, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim uimhir chlárúcháin don fheithicil.

 

Ceadúnú feithicle

Déantar feithicil a cheadúnú nuair a íoctar an mhótarcháin atá dlite di den chéad uair.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

An Dr Nele van der Wielen (+353) 21 453 5379 nó Noreen Dorgan (+353) 21 453 5260

nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie

-- CRÍOCH --