Skip navigation

12 Samhain 2021

Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2019

Rugadh tríríní do 21 mháthair agus ceathrairíní do bheirt mháthair in 2019
  • Líon breitheanna ag titim go fóill, é 21.5% níos ísle in 2019 ná mar a bhí 2009 (buaicbhliain an Chéid go dtí seo)
  • Rugadh 38.2% de leanaí lasmuigh den phósadh agus den pháirtnéireacht shibhialta
  • Tá laghdú 61.8% tagtha ar an líon breitheanna do mháithreacha sna déaga thar tréimhse deich mbliana, 858 leanbh in 2019 le hais 2,249 leanbh in 2009
  • Ailse agus galair imshruthaithe ar na cúiseanna báis ba choitianta in 2019
  • Básanna ó néaltrú agus ón ngalar Alzheimer nach mór dhá oiread ní ba choitianta i measc ban le hais fear
  • Fir a bhí i gceist le trí ceann as gach ceathair bhás ón bhféinmharú (76.9%) in 2019

Breathnaigh ar an eisiúint: Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2019 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2019 inniu (12 Samhain 2021).

Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar thorthaí na tuarascála: “In 2019, cláraíodh 59,294 beobhreith sa stát; 29,023 cailín agus 30,271 buachaill. Is ionann sin agus laghdú 19.9% le hais na bliana 2011 agus laghdú 2.8% ón mbliain roimhe, 2018. Ar achar deich mbliana, feictear titim shuntasach de 16,260, nó 21.5%, ón líon 75,554 breith a taifeadadh in 2009.

33.1 bliana ab ea meánaois na máithreacha a rugadh leanbh dóibh in 2019. Máithreacha faoi 30 bliain d’aois a bhí i gceist le 26.2% de bhreitheanna (15,557), sin i gcomparáid le sciar 38.8% siar in 2009.

In 2019, rugadh 22,643 leanbh nua, sin 38.2% den iomlán, do mháthair nach raibh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta. Tríocha bliain roimhe sin, in 1989, bhí figiúr inchomparáide de 12.8% (6,671 breith).

Rugadh 858 leanbh do mháithreacha faoi 20 bliain d’aois in 2019, laghdú 61.8% ón líon 2,249 leanbh sa chatagóir seo in 2009.

In 2019, bhí ilbhreith (níos mó ná leanbh amháin ag an am) ag 1,081 bean. Astu sin bhí cúpla ag 1,058 díobh, tríríní ag 21 díobh agus ceathrairíní ag beirt de na mná. Le 20 bliana anuas, tá ardú suntasach tagtha ar ráta na mbreitheanna cúpla – chomh híseal le 13.7 in aghaidh gach 1,000 máthair a rugadh leanbh dóibh in 1999, agus chomh hard le 19.0 in aghaidh 1,000 máthair in 2016. Bhí ráta 18.2 i gceist in 2019.

Taifeadadh 31,184 bás in Éirinn in 2019, mionmhéadú 44 ar fhigiúr na bliana 2018. Bhain 9,574 bás le neoplasmaí neamhurchóideacha, téarma teicniúil don ailse. B’shin 30.7% d’iomlán na mbásanna in 2019. Galair imshruthaithe, ar a n-áirítear taomanna chroí, a ba chúis le 8,928 bás nó 28.6% den iomlán. Galair riospráide a bhí i gceist le 3,930 bás nó 12.6% den iomlán in 2019.

Bhí 2,392 bás, nó 7.7% den iomlán in 2019, a raibh néaltrú nó an galar Alzheimer mar chúis leo. Astu sin, bhain nach mór dhá trian (64.0%) le mná.

Básanna ón bhféinmharú a bhí i 390 cás nó 1.3% den iomlán in 2019. Bhain 76.9% de na cásanna seo le fir.

Tugtar bás naíonáin ar chás a bhaineann le naíonán faoi aon bhliain d’aois a saolaíodh beo. Cláraíodh 167 bás naíonáin in 2019, rud a fhágann ráta báis naíonán de 2.8 in aghaidh gach 1,000 beobhreith. Ba laghdú 0.1 é seo le hais ráta 2018. Tugtar bás leanbh nuabheirthe ar chásanna a bhaineann le naíonáin faoi 4 seachtaine d’aois. Bhain 128 bás le leanaí nuabheirthe in 2019, agus ráta báis nuabheirthe de 2.2 in aghaidh 1,000 beobhreith. Breis is trí cheann as ocht bás naíonáin (38.3%), tharla siad sa chéad lá théis na breithe. Tharla 56.9% de bhásanna naíonáin sa chéad seachtain théis na breithe, an chéad lá san áireamh. Ó thaobh cúiseanna báis de, bhain 46.1% de bhásanna naíonáin le riochtaí imbhreithe áirithe, agus bhain 40.7% eile le anchumaí ó bhroinn, le míchumaí ó bhroinn nó le mínormáltachtaí crómasómacha in 2019.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó John G. O'Connor Location needed 5787

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --