Skip navigation

27 Meán Fómhair 2021

SFInna na hÉireann 2019 - Sprioc 9: Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar 2021

Mionlaghdú ar astaíochtaí CO₂ in 2019
  • Astaíochtaí CO₂ bainteach le déantúsaíocht de 6,330 ktCO₂ sa bhliain 2019, le hais 6,694 ktCO₂ in 2018
  • In 2020, bhí Oll-bhreisluach (OBL) Déantúsaíochta de €28,213 an duine in Éirinn, ionann le 37.2% den Olltáirgeacht Intíre (OTI)
  • Chuir an Rialtas €802 milliún i dtreo Taighde agus Forbartha in 2019
  • B’ionann fostaíocht san earnáil déantúsaíochta agus 12.2% d’fhostaíocht go léir in R1 2021
  • In 2016, bhí 70% den daonra ag maireachtáil i bhfoisceacht 5km ón gréasán lárnach bóithre

Breathnaigh ar an eisiúint: SFInna na hÉireanna - Sprioc 9: Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar 2021 [en]

Is é seo an naoú dtuarascáil i sraith ón Oifig lena ndéantar tomhas ar dhul chun cinn na hÉireann i gcomhlíonadh a dualgas faoin 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, clár gnímh idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe.

Déanann Kevin McCormack, Staitisteoir Sinsearach, trácht ar thuarascáil an lae inniu:

"I Sprioc 9: Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar leagtar amach sonraí náisiúnta d’Éirinn maidir le 12 tháscairí faoi thrí phríomhthéama: (i) Tionsclaíocht, (ii) Nuálaíocht agus (iii) Bonneagar.

Déantar scagadh ar shonraí de réir inscne, aoisghrúpa, grúpaí leochaileacha agus láithreach tíreolaíche an oiread agus is féidir. Ceapadh na SFInna agus na táscairí a bhaineann leo le réimse leathan a chlúdach. Mar gheall air seo, tagann na sonraí maidir le hÉireann ó iliomad foinsí éagsúla: ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tuilleadh nach iad. Cuireadh an tuarascáil seo i dtoll a chéile i gcomhpháirt leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.”

Ag tagairt do phríomhthorthaí na tuarascála, lean Kevin McCormack air:

“Tháinig laghdú 5% ar astaíochtaí CO₂ bainteach le déantúsaíocht idir 2018 agus 2019, ó 6,694 ktCO₂ go 6,330 ktCO₂. San achar ama céanna, thit astaíochtaí CO₂ sa gheilleagar trí chéile 4.5% ó 39,095 ktCO₂ in 2018 go 37,349 ktCO₂ in 2019.

In 2020, b’ionann Oll-bhreisluach (OBL) san earnáil déantúsaíochta agus €28,213 an duine daonra in Éirinn. Is san earnáil seo a gineadh 37.2% den Olltáirgeacht Intíre an bhliain sin. Ardú a bhí i gceist leis an dá fhigiúir seo le hais 2019, tráth arbh ionann OBL Déantúsaíochta agus €23,189 an duine agus 32% den OTI.

Bhí Leithdháilte Buiséid an Rialtais i leith Taighde agus Forbartha (GBARD) de €802.15 milliún ann in 2019. Sa bhliain chéanna, b’ionann Ollchaiteachas i leith Taighde agus Forbartha (GERD) agus €4,373m, an figiúr is mó ar an taifead agus beagnach dhá oiread an suim €2,736m a caitheadh in 2009.

Bhí nach mór an ochtú chuid d’oibrithe (12.2%) fostaithe san earnáil déantúsaíochta i Ráithe 1 2021.

De réir na figiúirí is déanaí ó 2016, bhí 70% den daonra ag maireachtáil i bhfoisceacht 5 km ón ngréasán lárnach bóithre (príomhbhóithre agus bóithre den dara ghrád) agus leath díobh sin, nó 35% den daonra, faoi bhun 2 km.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is féidir teacht ar thuarascálacha eile na sraithe SFI go dáta anseo.

Is é atá sa 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) ná sraith cuspóirí forbartha domhanda ar ghlac ballstáit na Náisiún Aontaithe leo i Meán Fómhair 2015 chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách. Tá clár oibre faoi bhun na SFInna ceaptha chun forbairt an domhain a stiúradh go dtí 2030 (Agenda 2030). Tá sé i gceist leis na SFInna aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear cinn a bhaineann leis an mbochtaineacht, éagothroime, athrú aeráide, díghrádú comhshaoil, síocháin, dlí agus cirt. Tá ról lárnach ag an Oifig i sonraí a aithint, a bhainistiú agus a chur i láthair ionas go mbeifear in ann riachtanais faoi Tháscairí SFI na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh.

Bunaíodh foireann tionscail ar a raibh ionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) agus Environment Systems Research Institute (Esri-Ireland) in Aibreán 2017 chun tabhairt faoi bheart ceaptha ag Rannán Staitisticí na Náisiún Aontaithe (UNSD) agus Esri-Ireland. Ba é cuspóir an bhirt seo ná cur chuige nuálach a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le monatóireacht ar Tháscairí SFI na Náisiún Aontaithe, ag úsáid córas faisnéise geografaí. Is é toradh an bhirt ná suíomh gréasáin, Mol Sonraí SFInna na hÉireann https://irelandssdg.geohive.ie/), á óstáil ar ardán an OSi. Tá an suíomh seo ina lárphointe eolais mar gheall ar SFInna na hÉireann agus sonraí ar fáil ann ar tháscairí na 17 Sprioc uile d'Éirinn. Cuirfear na sonraí ar fad ón bhfoilseachán seo leis an Mol Sonraí freisin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Kevin McCormack (+353) 21 453 5603 nó Mary Smyth (+353) 21 453 5309

nó seol ríomhphost chuig sdg@cso.ie

-- CRÍOCH --