Skip navigation

13 Aibreán 2021

SFInna na hÉireann 2019 - Sprioc 7: Fuinneamh Glan agus Ar Phraghas Réasúnta

Móramh na cumhachta in-athnuaite in Éirinn ag teacht ó leictreachas ginte le gaoth
  • Teacht ar leictreachas ag líonta tí uile an Stáit tráth an daonáirimh dheireanaigh in 2016
  • Ola ab ea an breosla a choitianta do chóras teasa lárnaigh in 2016, é in úsáid ag 40.9% de líonta tí
  • Is i réigiún Bhaile Átha Cliath a bhí an sciar ba lú de líonta tí ag úsáid ola chun a n-áitribh a théamh, é chomh híseal le 6% i gCathair Bhaile Átha Cliath
  • In 2019, tháinig 36.5% den leictreachas iomlán ídithe in Éirinn as foinsí in-athnuaite. Gaoth ab fhoinse le 86% den leictreachas in-athnuaite

Breathnaigh ar an eisiúint: SFInna na hÉireannn 2019 - Sprioc 7: Fuinneamh Glan agus Ar Phraghas Réasúnta [en]

Tá tuarascáil ar 'Sprioc 7: Fuinneamh Glan agus Ar Phraghas Réasúnta' faoin gclár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (13 Aibreán 2021). Is é seo an seachtú tuarascáil i sraith ón Oifig lena ndéantar tomhas ar dhul chun cinn na hÉireann i gcomhlíonadh a dualgas faoin 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, clár gnímh idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe. Is féidir teacht ar thuarascálacha eile na sraithe go dáta anseo.

Déanann Kevin McCormack, Staitisteoir Sinsearach, trácht ar thuarascáil an lae inniu:

"I Sprioc 7: Fuinneamh Glan agus ar Phraghas Réasúnta leagtar amach sonraí náisiúnta d’Éirinn maidir le sé tháscairí faoi dhá phríomhthéama: (i) Fuinneamh Glan agus ar Phraghas Réasúnta; agus (ii) Bonneagar. Déantar scagadh ar shonraí de réir inscne, aoisghrúpa, grúpaí leochaileacha agus láithreach tíreolaíche an oiread agus is féidir. Ceapadh na SFInna agus na táscairí a bhaineann leo le réimse leathan a chlúdach. Mar gheall air seo, tagann na sonraí maidir le hÉireann ó iliomad foinsí éagsúla: ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tuilleadh nach iad. Cuireadh an tuarascáil seo i dtoll a chéile i gcomhpháirt le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).”

Ag tagairt do phríomhthorthaí na tuarascála, lean Kevin McCormack air:

“Faoin ama seo, tá isteach is amach le dhá mhilliún aonad cónaithe ceangailte leis an líonra soláthair leictreachais in Éirinn, ach tá cuid díobh sin folamh ag aon am ar leith. Taifeadadh thart ar 1.7 milliún aonad áitithe sa Stát i nDaonáireamh 2016. Tugtar ‘líon tí’ ar an duine aonair nó an grúpa daoine ina gcónaí sna haonaid áitithe seo.

Sa bhliain sin, bhí ola in úsáid don teas lárnach ag 40.9% de líonta tí. I gcás líonta tí a raibh ceann an tí 75 bliana d’aois nó níos sine, bhí 50.3% ag úsáid ola. In 2016 chomh maith, d’úsáid 34% de líonta tí in Éirinn gás nádúrtha, an dara foinse teasa ba choitianta. Ní raibh aon córas teasa lárnaigh ag 1.4% de líonta tí, sin 23,000 aonad cónaithe, sa bhliain chéanna. Bhí sé ní ba choitianta ag ceann an tí le sláinte an-dona (de réir féinmheasúnaithe) a bheith ag úsáid guail nó móna don teas lárnach nó a bheith gan aon chóras teasa lárnaigh.

De réir Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), b’ionann fuinneamh in-athnuaite agus 12% den ollídiú fuinnimh in 2019. Tá sprioc fadtéarmach náisiúnta 16% den ollídiú leagtha síos don bhliain 2020. Deir an SEAI go bhfuil súil acu go mbeidh Éire gar dá spriocanna fuinnimh in-athnuaite i ndá fhoréimse - leictreachtas inathnuaite agus iompar - le haghaidh 2020.

Giniúint leictreachais is ea an réimse is rachmasaí sa Stát ó thaobh fuinnimh in-athnuaite de, go háirithe foinsí gaoithe. Tháinig breis is dúbailt ar an sciar leictreachais a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite idir 2010 agus 2019 – ó 15.6% go 36.5% - sin méadú 21 pointe céatadáin in imeacht naoi mbliana.

In 2019, thug Éire maoiniú ar luach €5.12 milliún é do thíortha sa domhan i mbéal forbartha chun tacú le forbairt agus taighde ar fhuinneamh glan. Bhí buiséad iomlán Cúnamh Forbartha Oifigiúil de €869.5 milliún ag Éirinn an bhliain sin.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is é atá sa 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) ná sraith cuspóirí forbartha domhanda ar ghlac ballstáit na Náisiún Aontaithe leo i Meán Fómhair 2015 chun todhchaí níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách. Tá clár oibre faoi bhun na SFInna ceaptha chun forbairt an domhain a stiúradh go dtí 2030 (Agenda 2030). Tá sé i gceist leis na SFInna aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear cinn a bhaineann leis an mbochtaineacht, éagothroime, athrú aeráide, díghrádú comhshaoil, síocháin, dlí agus cirt. Tá ról lárnach ag an Oifig i sonraí a aithint, a bhainistiú agus a chur i láthair ionas go mbeifear in ann riachtanais faoi Tháscairí SFI na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh.

Bunaíodh foireann tionscail ar a raibh ionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO), Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) agus Environment Systems Research Institute (Esri-Ireland) in Aibreán 2017 chun tabhairt faoi bheart ceaptha ag Rannán Staitisticí na Náisiún Aontaithe (UNSD) agus Esri-Ireland. Ba é cuspóir an bhirt seo ná cur chuige nuálach a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le monatóireacht ar Tháscairí SFI na Náisiún Aontaithe, ag úsáid córas faisnéise geografaí. Is é toradh an bhirt ná suíomh gréasáin, Mol Sonraí SFInna na hÉireann https://irelandssdg.geohive.ie/), á óstáil ar ardán an OSi. Tá an suíomh seo ina lárphointe eolais mar gheall ar SFInna na hÉireann agus sonraí ar fáil ann ar tháscairí na 17 Sprioc uile d'Éirinn. Cuirfear na sonraí ar fad ón bhfoilseachán seo leis an Mol Sonraí freisin.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Kevin McCormack (+353) 21 453 5603 nó Mary Smyth (+353) 21 453 5309

nó seol ríomhphost chuig sdg@cso.ie

-- CRÍOCH --