Skip navigation

15 Samhain 2021

Cuntais Éiceachórais - Tailte Féaraigh agus Curaíochta 2018

Tailte Féaraigh nó Tailte Curaíochta a bhí i mbreis is 68% de chríocha an stáit in 2018
  • Is ionann tailte féaraigh agus beagnach 56% de thalamh in Éirinn, i gcomparáid leis an meánfhigiúr san AE, beagán le cois 10%
  • Is ionann tailte curaíochta agus breis is 12% de thalamh in Éirinn, lena ais sin breis is 37% a bhí san AE ar an meáb
  • Méid is lú tailte féaraigh agus curaíochta sa stáit i nDún na nGall, níos ísle ná 40% den chontae sin
  • Is sa Mhí agus i Muineachán atá an sciar is mó tailte féaraigh agus curaíochta, iad ag clúdach breis is 90% de thalamh sa dá chontae
  • Tá 6 gnáthóg thalamh féaraigh in Éirinn luaite faoi Iarscríbhinn I de Threoir an AE maidir le Gnáthóga, agus achar níos lú ná 3,000 heicteár i gceist leo seo uile in 2019
  • Stádas caomhnaithe foriomlán na ngnáthóga thalamh féaraigh in 2019 ‘go dona’ nó ‘easnamhach’ agus iad ag dul in olcas

Breathnaigh ar an eisiúint: Cuntais Éiceachórais - Tailte Féaraigh agus Curaíochta 2018 [en]

Eisíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an foilseachán Cuntais Éiceachórais – Tailte Féaraigh agus Curaíochta 2018 inniu (15 Samhain 2021). Tá an foilseachán seo á eisiúint mar Aschur Ceannródaíoch CSO (tuilleadh eolais sna Nótaí d’Eagarthóirí thíos).


Is é is aidhm leis an gcuntasaíocht éiceachórais ná tuiscint chomhleanúnach chomhoiriúnach a thabhairt ar éiceachórais. Anuas air sin, tomhaistear caidrimh éiceachóras leis an ngeilleagar agus le tairbhithe foriomlána earraí agus seirbhísí éiceachórais. Ar leibhéal idirnáisiúnta, tá Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil – Cuntais Éiceachórais (SEEA-EA) [en] cruthaithe agus á fhorbairt ag na Náisiúin Aontaithe. Leis seo, táthar ag obair chun caighdeáin idirnáisiúnta a chur ar bun chun sonraí a bhailiú agus a thiomsú sa réimse cuntasaíochta éiceachórais. Is réimse réasúnta nua í cuntasaíocht éiceachórais agus tá forbairt modheolaíochta ar siúl go fóill ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta.


Buntreoir eisithe ag an CSO freisin chun cuid de na coincheapa, sainmhínithe agus dúshláin agus bhaineann le cuntasaíocht éiceachórais a mhíniú.
Is iad na Tailte Féaraigh agus Curaíochta in Éirinn na héiceachórais ina dtarlaíonn móramh mór de ghníomhaíochta talmhaíochta an stáit agus tá tábhacht gheilleagrach, comhshaoil agus shóisialta leo. San fhoilseachán Aschur Ceannródaíoch seo, déanta cíoradh ar cá háit in Éirinn ina dtarlaíonn na gnáthóga thalamh féaraigh agus thalamh curaíochta, cén cineálacha iad agus líon teoranta táscairí maidir le staid na n-éiceachóras sin.
Déanann Nova Sharkey, Staitisteoir, trácht ar thorthaí an lae inniu, “De réir an tsraith sonraí Cumhdaigh Talún CORINE*, ba Thailte Féaraigh nó Tailte Curaíochta iad breis is 68% de chríocha an stáit in 2018. Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a chuireann an tsraith seo i dtoll a chéile. Tailte Féaraigh a bhí i mbeagnach 56% de thailte iomlána in Éirinn, le hais beagán le cois 10% san AE ar an meán. Tagann breis is 12% eile de chríocha na hÉireann faoin aicmiú Tailte Curaíochta, sin i gcomparáid le breis is 37% san AE.
Fuarthas an méid ba lú tailte féaraigh agus curaíochta sa stáit i nDún na nGall, sciar níos lú ná 40% den chontae sin. Ba sa Mhí agus i Muineachán a thangthas ar an sciar is mó tailte féaraigh agus curaíochta, iad ag clúdach breis is 90% de thalamh sa dá chontae.
In 2019, taifeadadh 6 gnáthóg thalamh féaraigh in Éirinn a thagann faoi Iarscríbhinn I de Threoir an AE maidir le Gnáthóga**. Tógtha le chéile, bhí achar níos lú ná 3,000 heicteár i gceist leis na gnáthóga sin. Maítear stádas caomhnaithe foriomlán na ngnáthóga thalamh féaraigh seo in 2019 a bheith ‘go dona’ nó ‘easnamhach’ agus bhí an chuid is mó díobh ag dul in olcas.”

Nótaí d’Eagarthóirí
*Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) in Éirinn a réitigh sraith sonraí Cumhdach Talún CORINE don bhliain 2018 thar ceann an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) bunaithe ar léirmhíniú íomhánna satailíte an tionscal Copernicus [en] nasctha le sonraí talún ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ón tSeirbhís Foraoiseachta agus ó Coillte.


**De réir Alt 17 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga, tuairiscíonn an tSeirbhís Náisiúnta Páirceanna agus Fiadhúlra (NPWS) ar stádas caomhnaithe gnáthóga ar leith go dtí Choimisiún na hEorpa. Tugtar gnáthóga Iarscríbhinn I orthu seo, mar is é sin an chuid den Treoir faoina liostáiltear iad. Sainítear réimse leathan sonraí le tuairisciú faoi Alt 17, lena n-áirítear raon tíreolaíoch, fairsinge spásúil, struchtúr, feidhmeanna agus stádas caomhnaithe gnáthóga.
Tá an foilseachán seo á eisiúint faoin bhrat Aschur Ceannródaíoch CSO [en] – rud a chiallaíonn go bhfuil ceisteanna fós le réiteach faoi mhodhanna nó anailísiú i gcineál taighde nua. Ní mór a bheith cúramach agus staitisticí san anailís thurgnamhach seo á léamh. Ach staitisticí a fhoilsiú faoin teideal Aschur Ceannródaíoch, bíonn deis ag an Oifig eolas nua fónta a chur ar fáil d’úsáideoirí agus aiseolas saineolach a fháil uathu ar na modhanna agus táirgí aschuir nua sin. Ag an am céanna, mínítear go soiléir aon teorainn a bhaineann leis an taighde.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Nova Sharkey (+353) 1 498 4217

nó seol ríomhphost chuig ecosystems@cso.ie

-- CRÍOCH --