Skip navigation

10 Bealtaine 2021

Feithiclí a ceadúnaíodh den chéad uair, Aibreán 2021

Breathnaigh ar an eisiúint: Feithiclí a ceadúnaíodh den chéad uair, Aibreán 2021 [en]

Tá figiúirí maidir le Ceadúnú Feithiclí in Aibreán 2021 foilsithe inniu (10 Bealtaine 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na figiúirí seo bunaithe ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe a thiomsaíonn an Roinn Iompair.

Léirítear in eisiúint an lae inniu gur ceadúnaíodh 8,214 gluaisteán nua den chéad uair in Aibreán 2021 le hais 1,338 in Aibreán 2020. Is ionann seo agus méadú 514% nó 6,876 ar líon na ngluaisteán nua.

Déanann Nele van der Wielen, Staitisteoir, trácht ar shonraí na heisiúna:

Léirítear i  bhfigiúirí an lae inniu ón CSO an tionchar atá á imirt ag an bpaindéim ar cheadúnú feithiclí in Éirinn. Cé go bhfuil aiséirí áirithe tagtha ar ghníomhaíocht san earnáil seo tar éis na chéad dianghlasála in Aibreán 2020, tá líon na bhfeithiclí fós níos ísle ná mar a bhí roimh COVID-19, mar a léirítear le tagairt d’fhigiúirí Aibreán 2019. Tá líon na ngluaisteán nua a ceadúnaíodh den chéad uair in Aibreán 2021 méadaithe 6,876 (+514%) ar Aibreán 2020 ach tá seo fós 5,580 níos ísle (-41%) ná Aibreán 2019.

Feictear borradh faoi ghluaisteáin leictreacha agus hibrideacha sna figiúirí chomh maith. Feithiclí leictreacha nó hibridí a bhí i 32% de ghluaisteáin nua a ceadúnaíodh sa chéad ceithre mhí de 2021, sin le hais sciar 19% sa tréimhse chéanna anuraidh.

Ag tagairt do fhigiúirí eile san eisiúint, deir van der Wielen:

Tá méadú tagtha ar cheadúnú gluaisteán athláimhe (iompórtálaithe) go dtí seo i mbliana. Sa chéad cheithre mhí de 2021, feictear méadú 5,963 (+28%) ar an líon gluaisteán athláimhe a ceadúnaíodh i gcomparáid leis an tréimhse sin in 2020. Mar chuid de sin, tá méadú 12% tagtha ar an líon gluaisteán díosail athláimhe, ó 14,715 sa chéad cheithre mhí de 2020 go 16,435 go dtí seo in 2021.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Clárú feithicle

Déantar feithicil a chlárú nuair a íoctar an cháin cláraithe feithicle atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim. Ina dhiaidh sin, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim uimhir chlárúcháin don fheithicil

 

Ceadúnú feithicle

Déantar feithicil a cheadúnú nuair a íoctar an mhótarcháin atá dlite di den chéad uair.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Nele van der Wielen (+353) 21 453 5260

nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie

-- CRÍOCH --