Skip navigation

28 Bealtaine 2021

Staitisticí Beatha - Achoimhre Bhliantúil 2020

Laghdú arís ar líon na mbreitheanna in 2020, iad aon cheathrú níos ísle (-25.4%) ná mar a bhí in 2010
  • 31.4 bliain ab ea meánaois na máithreacha chéaduaire in 2020, ardú 0.1 ar 2019 agus ag leanacht treocht fadtéarmach
  • Rugadh 16 leanbh do chailíní faoi 16 bliana d’aois agus 354 do mhná 45 bliana d’aois nó níos sine
  • Daoine 65+ bliana d’aois i gceist le ceithre as gach cúig bás cláraithe in 2020
  • Ailsí, galair imshruthaithe agus galair riospráide ba chúis le dhá trian (67.7%) de bhásanna anuraidh
  • Bhain 52.6 as gach 1,000 bás cláraithe in 2020 le COVID-19
  • 9,523 pósadh anuraidh, arbh póstaí comhghnéis iad 314 díobh

Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Beatha - Achoimhre Bhliantúil 2020 [en]

Tá tuarascálacha Staitisticí Beatha foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (28 Bealtaine 2019), sin iad Staitisticí Beatha Ráithe 4 2020 agus an Achoimre Bhliantúil 2020.

Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar an Achoimre Bhliantúil:

“Cláraíodh 55,959 breith sa stát anuraidh, líon 3,837 níos lú ná in 2019, titim bhliantúil 6.4%. Laghdú 25.4% atá i gceist le hais na bliana 2010. Ráta breithe bliantúil de 11.2 in aghaidh 1,000 den daonra a bhí ann in 2020, in áit an ráta 16.5 siar in 2010.

31.4 bliain ab ea meánaois na máithreacha chéaduaire in 2020, ardú 0.1 bliain ón bhfigiúr in 2019. Sheas meánaois iomlán na máithreacha tráth breithe anuraidh ag 33.1 bliana, le hais 33.0 bhliain in 2019 agus 31.5 bliain siar in 2010.

Rugadh 830 leanbh do dhéagóirí in 2020, 16 díobh do chailíní faoi 16 bliana d’aois. Saolaíodh 4,701 páiste do mháithreacha 40 bliana d’aois nó níos sine. I gcás 354 díobh seo, bhí an mháthair 45 bliana d’aois nó níos sine.

Rugadh 38.4% d’iomlán na leanaí nua, sin 21,478, do mháthair nach raibh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta. Astu sin, ba do thuismitheoirí i gcónaí in aontíos a rugadh 59.2%.

Breitheanna do mháithreacha le náisiúntacht Éireannach ab iad trí cheathrú den iomlán (76.9%) in 2020. Bhí náisiúntacht den Ríocht Aontaithe ag 2.1% de mháithreacha, agus ba náisiúnaigh den AE14 (seachas Éire) iad 2.2% eile.”

Maidir le staitisticí básmhaireachta, lean Hennessy uirthi:

“In 2020, bhí COVID-19 mar bunchúis báis ag 1,672 duine a cailleadh. Bhí 1,341 díobh seo 75 bliana d’aois nó níos sine.

Ar an iomlán, cláraíodh 31,765 bás in 2020. Astu sin, baineannaigh ab iad 15,315 agus fireannaigh ab iad 16,450. B’ionann an méid seo agus ráta báis de 6.4 in aghaidh an 1,000 den daonra. Tá figiúr na bliana anuraidh 15.2% níos airde ná mar a bhí in 2010, tráth ar cláraíodh 27,565 bás.

Cailleadh 26,440 duine 65 bliana d’aois nó níos sine de réir na clárúcháin in 2020, breis is ceithre as gach cúig bás a cláraíodh sa bhliain.

Tugtar bás linbh ar chás inar cailleadh naíonán faoi aon bhliain d’aois a saolaíodh beo. Cláraíodh 153 bás linbh in 2020, rud a fhágann ráta báis naíonán de 2.7 in aghaidh 1,000 beobhreith. Deich mbliana roimhe sin, in 2010, cláraíodh 282 bás linbh agus an ráta báis naíonán céanna, 3.8 in aghaidh 1,000 beobhreith. Tugtar básanna leanaí nuabheirthe ar bhásanna a bhaineann de naíonáin faoi 4 seachtaine d’aois. 111 bás de leanaí nuabheirthe a cláraíodh in 2020, ionann le ráta báis nuabheirthe de 2.0 in aghaidh 1,000 beobhreith.

Trí chineál galair a ba chúis le breis is dhá trian den iomlán básanna. Is iad sin ailse (neoplasmaí urchóideacha) le 9,356 bás nó 29.5%, galair an chóras imshruthaithe le 8,744 bás nó 27.5%, agus galair an chóras riospráide le 3,404 nó 10.7%. Básanna de bharr timpistí, féinmharú agus cúiseanna seachtracha eile a bhí i gceist le 1,276 nó 4.0% den iomlán básanna in 2020.”

Ar deireadh, luaigh Hennessy dhá tháscaire tábhachtach eile ó thorthaí an lae inniu:

“Bhí breisiú nádúrtha, sin é an líon breitheanna lúide básanna, de 24,194 in 2020. Ba laghdú 15.6% an méid sin ón mbreisiú nádúrtha 28,662 in 2019.

Taifeadadh 9,523 pósadh in 2020, arbh póstaí comhghnéis iad 314 díobh. Anuraidh, bhí ráta pósta de 1.9 in aghaidh 1,000 den daonra, sin le hais ráta 4.1 in 2018.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Bunaítear an achoimre bhliantúil de bhreitheanna, básanna agus póstaí ar dháta cláraithe na himeachtaí beatha seo. Tá cur síos ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte ag an nasc a leanas maidir le clárú básanna le linn an phaindéim COVID-19 mar eolas cúlra.

https://www2.hse.ie/services/births-deaths-and-marriages/registering-a-birth-death-or-marriage/how-to-register-a-death-in-ireland.html [en]

Ina theannta sin, tá eolas curtha ar fáil ag an Oifig maidir le hamscála na staitisticí ar bhásanna i bhfianaise an phaindéim COVID-19. In Éirinn, is féidir básanna a chlárú suas le trí mhí i ndiaidh dóibh tarlú. Féach an Fógra Eolais le haghaidh tuilleadh sonraí.

https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/in/vs/informationnoteontheimplicationsofcovid-19ontheprocessingofdeathcertificates/ [en]

Tá eolas sainiúil maidir le pósadh (cineál searmanais, srl.) le fáil san fhoilseachán Póstaí 2020 a eisíodh le déanaí.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó John G. O’Connor (+353) 21 453 5787

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --