Skip navigation

14 Nollaig 2020

Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019 - Daoine le Míchumas

Sciar trí oiread níos mó de dhaoine le míchumas (43%) a thuairiscíonn dúlagar a bheith orthu ná meán an Stáit (14%)
  • Deir 25% de dhaoine le míchumas go bhfuil an tsláinte Go Dona nó An-Dona orthu le hais 4% den daonra trí chéile
  • Tuairiscíonn 31% de dhaoine le deacracht nó éagumas ‘cuimhneamh nó aire a dhíriú’ go bhfuil dúlagar trom nó an-trom orthu
  • I measc daoine le míchumas, is iad daoine le deacrachtaí siúil an dream ar a bhfuil an stádas sláinte is ísle i ngach réimse ach amháin sláinte intinne
  • Deir 26% de dhaoine le míchumas nach bhfuil freastal déanta ar a riachtanais sláinte de bharr liostaí feithimh, le hais 14% de phobal iomlán an Stáit
  • Tá deacracht ag 37% de dhaoine 55 bliana d’aois agus níos sine le míchumas gníomhaíocht féinchúraim a dhéanamh dóibh féin
  • 77% de dhaoine 55 bliana d’aois agus níos sine le míchumas, tá deacrachtaí áirithe acu le gníomhaíochtaí tí

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019 – Daoine le Míchumas [en]

Tá sonraí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (14 Nollaig 2020) ar thorthaí ó Shuirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019 a bhaineann le Daoine le Míchumas.

Déanann Keith McSweeney, Staitisteoir Sinsearach trácht ar an bhfoilseachán:

“Féintuairisciú ó dhaoine 15 bliana d’aois agus níos sine atá mar bhonn ag an bhfoilseachán inniu. Léirítear ann stádas sláinte ag daoine le míchumas in Éirinn mar aon le léargas faoin méid gur féidir leo braith ar thacaí sóisialta neamhfhoirmeálta – cabhair ó chomharsana, mar shampla. Leagtar amach san fhoilseachán chomh maith an cás ina mbíonn daoine le míchumas 55 bliana d’aois agus níos sine ó thaobh deacrachtaí le féinchúram agus gníomhaíochtaí tí. Don fhoilseachán seo, baineann an tomhas míchumais leis an oiread deacrachta a bhíonn ag duine i réimse gníomhaíochta fisiciúla agus céadfacha. Tuairiscítear ar dhaoine a bhfuil go leor deacrachta le gníomhaíocht nó nach bhfuil sí ar a gcumas ar chur ar bith – radharc, éisteacht, siúl, srl.

I mbliana, tá torthaí na Suirbhéireachta roinnte ina trí chuid. Foilsíodh an chéad ceann maidir le Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta an 07 Nollaig, an dara ceann ina raibh Príomhthorthaí do dhaonra iomlán an Stáit, agus anois ceann an lae inniu. Déantar tagairt go minic san fhoilseachán inniu d’fhigiúirí ó na Príomhthorthaí, chun an staid ina bhfuil daoine le míchumas a chur i gcomhthéacs. Bailíodh na sonraí don tSuirbhéireacht idir Iúil 2019 agus Feabhra 2020, mar sin tugann siad léargas dúinn ar thaithí sláinte sa tír roimh na paindéime.

De réir mar atá tuairiscithe ag daoine iad féin, tá stádas sláinte níos ísle ag daoine le míchumas ná mar atá ag an daonra trí chéile i roinnt mhaith réimsí éagsúla. Deir 25% dóibh siúd le míchumas go bhfuil an tsláinte ghinearálta Go Dona nó An-Dona orthu, le hais 4% den phobal i gcoitinne. Anuas air sin tá drochshláinte intinne níos coitianta ag daoine le míchumas – tá sciar 43% díobh a bhfuil dúlagar de chineál éigean orthu, breis is trí oiread níos mó ná meán an Stáit (14%).

I measc daoine le míchumas, tá an stádas sláinte is ísle ag daoine a bhfuil deacracht nó éagumas acu ‘Cuimhneamh nó aire a dhíriú’ – tuairiscíonn 31% den dream seo go bhfuil dúlagar trom nó an-trom orthu. Ó thaobh sláinte ginearálta de, tá an stádas sláinte is ísle ag daoine a bhfuil an-deacracht acu siúl nó nach féidir leo siúl. Deir 26% de dhaoine le míchumas nach bhfuil freastal á dhéanamh ar riachtanais cúram sláinte acu de bharr liostaí feithimh, níos airde ná an sciar 14% den daonra trí chéile atá 15 bliana d’aois agus níos sine.

Deir 77% de dhaoine le míchumas 55 bliana d’aois agus níos sine go mbíonn deacrachtaí orthu obair tí nó gníomhaíochtaí eile tí a dhéanamh agus deir 37% go bhfuil deacrachtaí acu le gníomhaíochtaí féinchúraim amhail iad féin a ní nó bogadh isteach nó amach as cathaoir nó leaba.”

Gabhann an Phríomh-Oifig Staidrimh buíochas le freagróirí na suirbhéireachta. Gan a gcabhair siúd, ní fhéadfaí torthaí an lae inniu á fhoilsiú.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Thart ar 7,600 daoine aonair a d’fhreagair Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019, agus tá an foilseachán seo maidir le Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta bunaithe ar fhreagraí a fuarthas ar chuid de na ceisteanna sa cheistneoir iomlán. Ó thús na srianta COVID-19 i mí Márta agus i  gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí, ní tugann agallóirí na hOifige cuairt ar fhreagróirí ag an mbaile le haghaidh suirbhéanna líon tí CSO. Faoi láthair, cuirtear litreacha amach sa phost chuig líonta tí roghnaithe chun iarraidh orthu a bheith páirteach agus déantar agallaimh thar an nguthán.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Keith McSweeney (+353) 21 453 5423 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485

nó seol ríomhphost chuig health@cso.ie

-- CRÍOCH --