Skip navigation

25 Meitheamh 2020

Impleachtaí Sóisialta COVID-19 Meitheamh 2020: Leibhéil Compoird le Maolú Srianta a Thomhas

Duine as cúigear freagróirí (21.3%) a mbeadh An-mhíchompord orthu dul isteach i dteach tábhairne nó beár le scaradh sóisialta dhá mhéadar
  • Sciar beagnach dhá oiread chomh mór, 39.5%, a mbeadh An-mhíchompord orthu dul chuig teach tábhairne le scaradh maolaithe aon mhéadar
  • Ceathrar as cúigear (82.0%) a mbeadh MíchompordAn-mhíchompord orthu freastal ar imeacht mór faoin aer gan scaradh sóisialta agus beagnach leath d’fhreagróirí (47.6%) a deir amhlaidh maidir le freastal ar sheirbhís reiligiúnach
  • Deir cúigear as naonúr (57.0%) go mbeadh MíchompordAn-mhíchompord orthu a bpáiste a chur chuig cúram leanaí nó naíolann
  • Tá beagnach leath de mhná (47.3%) CompordachAn-chompordach leis an smaoineamh dul chuig gruagaire/bearbóir, le hais duine as triúr fear (34.9%)
  • Níos mó ná triúr as cúigear freagróirí (63.3%) a n-airíonn MíchompordachAn-mhíchompordach maidir le taisteal ar sheirbhís iompair phoiblí

Breathnaigh ar an eisiúint: Impleachtaí Sóisialta COVID-19 (Meith 2020): Leibhéil Compoird le Maolú Srianta a Thomhas [en]

Tá cuid de thorthaí ón dara bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (25 Meitheamh 2020). Dírítear san fhoilseachán seo ar na leibhéil compoird nó míchompoird atá ar dhaoine maidir le réimse gníomhaíochtaí i measc an phobail. Cuireadh na ceisteanna seo ar fhreagróirí i gcomhthéacs an maolaithe ar shrianta COVID-19 faoin straitéis rialtais chun gnólachtaí a athoscailt agus an saol sóisialta poiblí a thosú arís.

Déanann Brian Cahill, Staitisteoir, trácht ar na torthaí: Léirítear dúinn sna torthaí seo cé chomh suaimhneach nó a mhalairt is atá muintir na hÉireann tabhairt faoi ghníomhaíochtaí arbh cuid laethúil den saol iad roimh COVID-19. Tugann sé leid dúinn an oiread tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag COVID-19 ar iompar dhaoine amach anseo.

Mar shampla, i mí an Mheithimh deir duine as cúigear freagróirí (21.3%) go mbeadh An-mhíchompord orthu dul isteach i dteach tábhairne nó beár le scaradh sóisialta dhá mhéadar. Tá nach mór dúbailt ar an gcatagóir seo go 39.5% dá mbeadh maolú ar scaradh sóisialta ó dhá mhéadar go méadar amháin.

Níl an oiread céanna míshuaimhneas ar fhreagróirí maidir le dul isteach i mbialann. Deir 12.9% díobh go mbeidís An-mhíchompordach le scaradh dhá mhéadar agus 28.7% a deir amhlaidh i gcás scaradh aon mhéadar.

Tuairiscíonn ceathrar as cúigear freagróirí  (82.0%) go mbeidís Míchompordach An-mhíchompordach freastal ar imeacht faoin aer ag a mbeadh lear mór daoine  gan scaradh sóisialta. Tá beagnach leath (47.6%) de dhaoine Míchompordach An-mhíchompordach fad is a bhaineann sé le dul chuig gnáthsheirbhís reiligiúnach fiú agus scaradh sóisialta i bhfeidhm.

Maidir le meon daoine ar gníomhaíochtaí a bpáistí, tá cúigear as naonúr freagróirí (57%) a mbeadh MíchompordAn-mhíchompord orthu a bpáistí a chur chuig cúram leanaí nó naíolann, agus nach mór an sciar céanna a n-airíonn amhlaidh faoi ligint dá bpáistí spóirt foirne ina mbeadh gartheagmháil fhisiciúil a imirt.

Is cúis imní é do roinnt daoine freastal ar choinní cúraim sláinte. Aireodh níos mó ná duine as seisear (18.5%) Míchompordach An-mhíchompordach dul chuig coinne lena dochtúir teaghlaigh, agus geall le haon trian de dhaoine a n-aireodh amhlaidh faoi coinne ospidéil (33.6%) nó coinne fiaclóra (33.1%).

Tá treocht le braith ar leibhéil compoird chun freastal ar choinní cúraim sláinte bunaithe ar rachmas an cheantar cónaithe. I measc freagróirí a mhaireann i gceantair Faoi an-mhíbhuntáiste níl ach 9.7% a deir go bhfuil siad An-chompordach freastal ar choinne dochtúra, le hais 22.6% a deir amhlaidh i gceantair An-rachmasacha.

Tá níos mó ná triúr as cúigear freagróirí (63.3%) a n-airíonn MíchompordachAn-mhíchompordach maidir le taisteal ar sheirbhís iompair phoiblí. I measc fostaithe i mbun oibre, is iad siúd atá ag obair ón mbaile i Meitheamh 2020 is mó atá míshuaimhneach faoi thaisteal ar iompar poiblí le hais daoine ag obair lasmuigh den bhaile.

Deir nach mór ceathrar as gcúigear (78.0%) go mbeadh MíchompordAn-mhíchompord orthu dul ar thuras idirnáisiúnta ar eitleán, i gcomparáid le 63.3% chun amhlaidh a dhéanamh ar bhád farantóireachta.

Is féidir le COVID-19 tionchar a imirt ar iompar ban agus ar iompar fear ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, de réir torthaí an tsuirbhé seo, bheadh fir níos compordaí na mná dul isteach i dteach tábhairne, 32.2% díobh a bheadh CompordachAn-chompordach ann le scaradh sóisialta dhá mhéadar le hais 23.1% de mhná.

Ar an lámh eile, tá sciar níos mó mná (47.1%) CompordachAn-chompordach fáilte a chur roimh seisear cuairteoirí orthu sa mbaile ná fir (44.8%).

Tuairiscíonn beagnach leath de mhná (47.3%) go mbeadh CompordAn-chompord orthu dul chuig gruagaire nó bearbóir le hais aon trian d’fhir (34.9%). Deir 43.7% d’fhir go mbeidís Compordach An-chompordach dul chuig ionad siopadóireachta i gcomparáid le 37.2% de mhná.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is ón Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 le haghaidh Meitheamh 2020 a eascraíonn torthaí i dtuarascáil seo an lae inniu. Bailíodh freagraí don suirbhé trí mheasán de cheistneoir leictreonach ar líne agus agallaimh thar an nguthán, agus bhí 1,693 freagróir aonair i gceist ar deireadh. Tá tuilleadh sonraí maidir le modheolaíocht an tsuirbhé le fáil i Nótaí Cúlra [EN] na tuarascála.

Féach chomh maith: Preasráiteas - Impleachtaí Sóisialta COVID-19 Meitheamh 2020: Eispéiris na Paindéime agus a bhfuiltear ag súil leis ina diaidh

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Brian Cahill (+353) 21 453 5173 nó Gerry Reilly (+353) 21 453 5700

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --