Skip navigation

24 Meitheamh 2020

Impleachtaí Sóisialta COVID-19 (Meitheamh 2020): Eispéiris na Paindéime agus a bhfuiltear ag súil leis ina diaidh

Nach mór leath d’fhreagróirí (47.7%) An-imníoch nó Thar a bheith imníoch faoi dhaoine eile a bheith ag cloí le comhairle rialtais le linn maolú céimnitheach na srianta COVID-19
  • Breis is duine as seisear freagróirí (18.5%) An-imníoch nó Thar a bheith imníoch faoi chumas a bhfostóir timpeallacht oibre shábháilte a chur ar fáil dóibh i gcomhthéacs COVID-19
  • Aon chúigiú d’fhostaithe (19.6%) ag obair ón mbaile faoi láthair Gan spás oibre feiliúnach le fearas sásúil acu
  • Rátáil Ard comhlíonta le treoracha reatha rialtais tugtha ag triúr as cúigear freagróirí (59.9%) dóibh féin, laghdaithe ó ceathrar as cúigear (80.6%) in Aibreán
  • Sciar is airde freagróirí i measc mná (46.8%) agus daoine a cuireadh as obair ó thús na srianta COVID-19 (49.0%) a luann méadú ar a meáchain
  • Deir 70.3% d’fhreagróirí go bhfuil a nglanioncam Gan athrú ó cuireadh na srianta COVID-19 i bhfeidhm

Breathnaigh ar an eisiúint: Impleachtaí Sóisialta COVID-19 (Meitheamh 2020): Eispéiris na Paindéime agus a bhfuiltear ag súil leis ina diaidh [EN]

Tá cuid de thorthaí ón dara bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh  (CSO) inniu (24 Meitheamh 2020). Ar na topaicí a chlúdaítear san fhoilseacháin seo tá comhlíonadh le comhairle oifigiúil ar COVID-19, athruithe meáchain, ábhair imní pearsanta, caiteachas agus saol oibre ó thús na géarchéime COVID-19.

Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir, trácht ar na torthaí: ‘Léirítear i bhfreagraí an tsuirbhé seo na bealaí a bhfuil an ghéarchéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar shaol laethúil mhuintir na hÉireann.

Mar shampla, tá nach mór leath (47.7%) d’fhreagróirí i mí an Mheithimh An-imníochThar a bheith imníoch faoi chumas daoine eile cloí le treoracha an rialtais mar a bhaineann sé le maolú céimnitheach ar shrianta COVID-19.

Dar le triúr as cúigear freagróirí (59.9%) tá leibhéal Ard comhlíonta acu féin le treoracha an rialtais le hais ceathrar as cúigear (80.6%) a dúirt amhlaidh i mí Aibreán. Tá sciar níos mó de mhná ná d’fhir a luann leibhéal Ard comlíonta dóibh féin, 68.4% de mhná i gcomparáid le 51.2% d’fhir i mí an Mheithimh.

Ó thoabh an saol oibre de, tá breis is duine as seisear fregróirí (18.5%) An-imníochThar a bheith imníoch faoi chumas a bhfostóra timpeallacht oibre shábháilte a chur ar fáil i gcomhthéacs COVID-19. Aon chúigiú d’fhostaithe ag obair ón mbaile faoi láthair, tá siad ag déanamh amhlaidh gan spás oibre feiliúnach le fearas sásúil.

Deir níos mó na duine as cúigear (21.3%) go bhfuil siad An-imníochThar a bheith imníoch faoina sláinte féin i mí an Mheithimh, laghdú ón sciar 25.8% a dúirt amhlaidh i mí Aibreáin. Ar an ábhar céanna i measc freagróirí 70 bliain d’aois nó níos sine, tháinig laghdú ó 42.5% in Aibreán go 29.6% i mí an Mheithimh. B’ionann seo agus laghdú 30% ar an sciar den aoisghrúpa seo leis na leibhéil imní sin faoina sláinte féin – an laghdú is suntasaí as aon aoisghrúpa sa tréimhse seo.

Deir beirt as cúigear freagróirí (40.9%) go bhfuil méadú tagtha a meáchan ó thús na srianta COVID-19. Tá sciar níos mó mná ná fir a deir amhlaidh, 46.8% agus 34.8% faoi seach. Aon cheathrú (24.8%) de dhaoine le hInnéacs Corpmhaise (BMI) Sláintiúil a dúirt go raibh méadú tagtha ar a meáchan, le hais 44.9% d’fhreagróirí rangaithe mar Róthrom ná 55.5% díobh siúd atá Murtallach. Tuairiscíonn beagnach leath (49.0%) d’fhreagróirí a cuireadh as obair le déanaí (daoine i bhfostaíocht roimh na géarchéime agus nach bhfuil ag obair faoi láthair) méadú meáchain, i gcomparáid le 37.6% de dhaoine atá ag obair faoi láthair.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is ón Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 le haghaidh Meitheamh 2020 a eascraíonn torthaí i dtuarascáil seo an lae inniu. Bailíodh freagraí don suirbhé trí mheasán de cheistneoir leictreonach ar líne agus agallaimh thar an nguthán, agus bhí 1,693 freagróir aonair i gceist ar deireadh. Tá tuilleadh sonraí maidir le modheolaíocht an tsuirbhé le fáil i Nótaí Cúlra [EN] na tuarascála.

Féach chomh maith: Impleachtaí Sóisialta COVID-19 Meitheamh 2020: Leibhéil Compoird le Maolú Srianta a Thomhas 

 

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eva O'Regan (+353) 21 453 5243 nó Kathryn Foskin (+353) 21 453 5302

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --