Skip navigation

17 Meitheamh 2020

Staitisticí Eitlíochta Ráithe 1 2020

Titim suntasach ar an taistil idirnáisiúnta
  • Laghdú os cionn 1.5 milliún ar an líon paisinéirí láimhseálaithe ag aerfoirt na hÉireann i R1 2020 le hais R2 2019
  • Líon 6,000 eitilt níos lú isteach agus amach as aerfoirt na hÉireann i R1 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019
  • Titim 57.5% ar an líon paisinéir ag teacht isteach nó ag dul amach as Éirinn i mí Márta
  • Méadú 14.1% ar an aerlasta láimhseálaithe ag aerfoirt na hÉireann i R1 2020 le hais R1 2019

Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Eitlíochta, Ráithe 1 2020 [en]

Tá Staitisticí Eitlíochta le haghaidh Ráithe 1 2020 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (17 Meitheamh 2020). Faightear figiúirí don tsraith seo ón gcúig aerfort is mó sa stát: Baile Átha Cliath, Ciarraí, Cnoc Mhuire (Co. Mhaigh Eo), Corcaigh agus Sionainn.

Déanann Olive Loughnane, Staitisteoir, trácht ar eisiúint an lae inniu:

‘Mar a léirítear sna figiúirí, tá titim suntasach tagtha ar thaisteal idirnáisiúnta le linn Ráithe 1 2020. Bhí méaduithe beaga ar an líon paisinéirí in Eanáir agus Feabhra. Feictear dúinn i sonraí an Mhárta gur tháinig laghdú 57.5% ar phaisinéirí le hais na míosa céanna i 2019. Tá baint aige seo le srianta a cuireadh i bhfeidhm de bharr COVID-19.

I Ráithe 1 2020, tháinig beagnach 3.0 milliún paisinéir chun na hÉireann agus d’imigh 2.9 milliún amach as an stát. Tá laghdú 20.1% (752,629) agus 20.7% (766,567) faoi seach i gceist leis na figiúirí seo i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Chonacthas borradh 14.1% ar an oiread aerlasta a láimhseáladh ag na príomhaerfoirt go 37,135 tonna san iomlán sa chéad trí mhí de 2020. B’shin i gcomparáid leis a gcéad ráithe de 2019.’

Tá miondealú le fáil i bhfigiúirí an lae inniu de réir aerbhealaigh chomh maith. I R1 2020, bhí beagnach naonúr as deichniúr paisinéirí ar eitiltí idirnáisiúnta ag taisteal chun na hEorpa nó isteach uaithi. I measc tíortha na hEorpa, b’iad an Ríocht Aontaithe agus an Spáinn na haerbhealaí is gnóthaí.

Lasmuigh den Eoraip, bealaí ar an dá shlí idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe b’iad na cinn is mó tóir.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Olive Loughnane (+353) 21 453 5281

nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie

-- CRÍOCH --