Skip navigation

02 Iúil 2020

An Beochlár, Meitheamh 2020

Tionchar suntasach á imirt go fóill ag COVID-19 ar an margadh saothair le linn Meitheamh 2020
  • Seasann iomlán an Bheochláir neamhchoigeartaithe ag 220,871 do Mheitheamh 2020
  • Tá iomlán 213,700 ann don Bheochláir coigeartaithe de réir séasúir i Meitheamh 2020, laghdú 14,200 ar iomlán Bealtaine 2020
  • Sa tseachtain deireanach de Mheitheamh 2020, bhí 438,933 duine i bhfáltas an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime
  • I Meitheamh 2020, bhain 382,018 duine tairbe as an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19
  • Ar an iomlán, áirítear 1,002,470 duine i Meitheamh 2020 a bheith ar an mBeochlár, i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíocht Paindéime, nó ag baint tairbhe as an Scéim Foirdheontais Shealadaigh Pá

Breathnaigh ar an eisiúint: An Beochlár, Meitheamh [en]

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (02 Iúil 2020) maidir leis an mBeochlár le haghaidh Meitheamh 2020. Tá sonraí in eisiúint an lae inniu chomh maith maidir leis na scéimeanna íocaíochta COVID-19.

Míníonn Catalina Gonzalez, Staitisteoir, an cur chuige a ghlactar le foilsiú na sonraí seo ar an mBeochlár agus ar íocaíochtaí COVID-19:

‘An móramh daoine a bhfuil COVID-19 tar éis cur isteach ar a n-ioncam ó fhostaíocht, tá siad á thacú leis an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 (438,933). Is scéim é seo atá á riaradh ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Tá grúpa níos lú ann atá ag fáil tacaíocht leis an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim (382,018).

Ní áirítear na híocaíochtaí éigeandála seo ar an mBeochlár faoin ngnáthmhodheolaíocht. Sraith sonraí stairiúil atá sa Bheochlár lena ndéantar taifead ar an oiread éilitheoir ar  Shochar Cuardaitheora Poist (JB) nó  Liúntas Cuardaitheora Poist (JA).

Ina theannta sin, faoi láthair breathnaítear ar na híocaíochtaí COVID-19 mar bhearta gearrthéarmacha agus an táthar ag súil go mbeidh na daoine ag fáil íocaíocht faoi láthair ag dul ar ais ar obair nó go ndéanfar measúnú orthu le haghaidh JB nó JA.

Ós rud é nach mbeadh sé bailí nó fóinteach ó thaobh staidrimh de sraith reatha an Bheochláir a bhriseadh chun na bearta sealadacha seo a chur san áireamh, tá cinnte ag an Oifig na sonraí Beochláir le haghaidh Meitheamh 2020 a chur i dtoll a chéile ar an ngnáthbhealach agus sonraí astu féin a chur ar fáil faoi na híocaíochtaí COVID-19.

Leis an gcur chuige seo, caomhnaítear leanúnachas na gnáthsraithe den Bheochlár i gcomhthéacs an idirghabháil éigeandála gearrthéarmach agus, ag an am céanna tá trédhearcacht ann maidir le tionchar COVID-19.

Féach an fógra eolais seo le haghaidh tuilleadh comhthéacs.

Leanann Catalina Gonzalez uirthi le trácht ar eisiúint an lae inniu:

‘Seasann iomlán an Bheochláir neamhchoigeartaithe ag 220,871 do Mheitheamh 2020. Nuair a cuirtear éifeachtaí séasúracha san áireamh, iomlán coigeartaithe de réir séasúir de 213,700 a bhí ar an mBeochlár don mhí seo chaite, laghdú 14,200 ar iomlán mhí Bealtaine 2020.

Seachas an Beochlár féin, bhí 438,933 duine i bhfáltas an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime sa tseachtain deireanach de Mheitheamh 2020. Sa mhí iomlán, bhain 382,018 duine tairbe as an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá.

Bhí líon iomlán daoine de 1,002,470 i Meitheamh 2020 áirithe ar an mBeochlár, ag fáil Íocaíocht Dífhostaíocht Paindéime, nó ag fáil íocaíocht faoin Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá. Níl an figiúr seo bunaithe ar iomlán gach ceann den trí chatagóir seo ar chúpla cúis: bhí comhthráth i gceist eatarthu toisc na híocaíochtaí difriúla a bheith á dhéanamh ar mhinicíochtaí éagsúla; bhí roinnt daoine áirithe ar an mBeochlár ach gan a bheith i bhfáltas íocaíocht JB nó JA agus tá seans go raibh siad i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime nó ag baint tairbhe as an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá.’

Ar deireadh, luann Catalina Gonzalez na figiúirí comhiomlána de na tacaithe ioncaim COVID-19:

‘Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tar éis obair i dteannta leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus leis na Coimisinéirí Ioncaim chun freastal ar riachtanais úsáideoirí mar a bhaineann sé le figiúirí níos mionsonraithe ar chomhiomláin na dtacaithe ioncaim COVID-19.

Ta táblaí ina thugtar miondealú ar na daoine i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime agus ag baint tairbhe as an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá gach seachtain de réir inscne, aoisghrúpa, contae agus grúpa náisiúntachta ar fáil ag an nasc seo [en]. Déantar na táblaí seo a nuashonrú ar bhonn seachtainiúil agus déanfar amhlaidh ar feadh tréimhse iomlán na scéimeanna seo.’

Nótaí d'Eagarthóirí:

Fiosruithe

Catalina Gonzalez, Anailísiú Margadh Saothair (+353) 87 646 7535

 

Breis sonraí:

Fógra Eolais - Tionchar ag COVID-19 ar an mBeochlár agus ar na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúla

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Catalina Gonzalez (+353) 21 453 5163

nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie

-- CRÍOCH --