Skip navigation

29 Bealtaine 2020

Staitisticí Beatha - Achoimre Bhliantúil 2019

Breathnaigh ar an eisiúint: Staitisticí Beatha - Achoimre Bhliantúil 2019 [EN]

Tá tuarascálacha Staitisticí Beatha foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (29 Bealtaine 2020), sin iad Staitisticí Beatha Ráithe 4 2019 agus an Achoimre Bhliantúil 2019. Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar an Achoimre Bhliantúil: “g Cláraíodh 59,796 breith sa stát anuraidh, líon 1,220 níos lú ná in 2018, titim bhliantúil 2.0%. Laghdú 20.2% atá i gceist le hais na bliana 2009. Ráta breithe bliantúil de 12.1 in aghaidh 1,000 den daonra a bhí ann in 2019, in áit an ráta 16.5 siar in 2009.

31.3 bliain ab ea meánaois na máithreacha chéaduaire in 2019, ardú 0.2 bliain ón bhfigiúr in 2018. Sheas meánaois iomlán na máithreacha tráth breithe anuraidh ag 33.0 bliana, le hais 32.9 bhliain in 2018 agus 31.3 bliain siar in 2009.

Rugadh 864 leanbh do dhéagóirí in 2019, 21 díobh do chailíní faoi 16 bliana d’aois. Saolaíodh 4,612 páiste do mháithreacha 40 bliana d’aois nó níos sine. I gcás 360 díobh seo, bhí an mháthair 45 bliana d’aois nó nios sine.

Rugadh 38.1% d’iomlán na leanaí nua, sin 22,772, do mháthair nach raibh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta. Astu sin, ba do thuismitheoirí i gcónaí in aontíos a rugadh 59.4%.

Breitheanna do mháithreacha le náisiúntacht Éireannach ab iad trí cheathrú den iomlán (77.0%) in 2019. Ar an dara dream ba choitianta, ar 2.1%, bhí máithreacha le náisiúntacht den Ríocht Aontaithe, agus ba náisiúnaigh den AE15 (seachas Éire ná an RA) iad 2.0% eile.

Cláraíodh 31,134 bás in 2019, astu sin baineannaigh ab iad 14,866 agus fireannaigh ab iad 16,268. B’ionann an méid seo agus ráta báis de 6.3 in aghaidh an 1,000 den daonra. Tá figiúr na bliana anuraidh 7.7% níos airde ná mar a bhí in 2009, tráth ar cláraíodh 28,898.

Cailleadh 25,438 duine 65 bliana d’aois nó níos sine de réir na clárúcháin in 2019, breis is ceithre as gach cúigear bás a cláraíodh sa bhliain.

Tugtar bás linbh ar chás inar fuair naíonán  faoi aon bhlain d’aois a saolaíodh beo bás. Cláraíodh 190 bás linbh in 2019, rud a fhágann ráta báis naíonán de 3.2 bhás in aghaidh 1,000 beobhreith. Deich mbliana roimhe sin, in 2009, cláraíodh 240 bás linbh agus an ráta báis naíonán céanna, 3.2 in aghaidh 1,000 beobhreith. Tugtar básanna leanaí nuabheirthe ar básanna a bhaineann de naíonáin faoi 4 seachtaine d’aois. 144 bás de leanaí nuabheirthe a cláraíodh in 2019, ionann le ráta báis nuabheirthe de 2.4 bás in aghaidh 1,000 beobhreith.

Trí chineál galair a ba chúis le beagnach trí cheathrú den iomlán básanna. Is iad sin neoplasmaí urchóideacha (ailse) le 9,589 bás nó 30.8%, galair an chóras imshruthaithe le 8,989 bás nó 28.9%, agus galair an chóras riosparáide le 3,807 nó 12.2%. Básanna de bharr timpistí, féinmharú agus cúiseanna seachtracha eile a bhí i gceist le 1,393 nó 4.5% den iomlán básanna in 2019.

Bhí breisiú nádúrtha, an líon breitheanna lúide básanna, de 28,662 in 2019. Ba laghdú 4.1% é seo ná an breisiú nádúrtha de 29,900 in 2018.

Taifeadadh 20,313 pósadh in 2019, arbh póstaí comhghnéis iad 640 díobh. Anuraidh an ráta pósta ag 4.1 in aghaidh 1,000 den daonra, sin le hais ráta 4.3 in 2018.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Bunaítear an achoimre bhliantúil de bhreitheanna, básanna agus póstaí ar dháta cláraithe na himeachtaí beatha seo. Tá cur síos ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte ag an nasc a leanas maidir le clárú básanna le linn an phaindéim COVID-19 mar eolas cúlra.

https://www2.hse.ie/services/births-deaths-and-marriages/registering-a-birth-death-or-marriage/how-to-register-a-death-in-ireland.html

Ina theannta sin, tá eolas curtha ar fáil ag an Oifig maidir le hamscála na staitisticí ar bhásanna i bhfianaise an phaindéim COVID-19. In Éirinn, is féidir básanna a chlárú suas le trí mhí i ndiaidh dóibh tarlú. Féach an Fógra Eolais le haghaidh tuilleadh sonraí.

https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/in/vs/informationnoteontheimplicationsofcovid-19ontheprocessingofdeathcertificates/ [en]

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó Marie Crowley (+353) 21 453 5016

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --