Cuireann an anailís seo leis an eisiúint d’fhoirmeacha Dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta agus cuireann sé léargais agus comparáidí nua ar fáil idir an saol sa Saorstát nua-bhunaithe agus an saol in Éirinn in 2022. Clúdaítear ábhair amhail athruithe daonra, ionchas saoil, an saol uirbeach agus saol na tuaithe, gairmeacha, teangacha, reiligiúin agus tuilleadh chun léargas a thabhairt ar an gcaoi ar fhorbair Éire le beagnach 100 bliain anuas.
Dúirt Jennifer Banim, Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh: “Tá sé an-spéisiúil a fheiceáil conas a d’athraigh ár saol agus ár dtír idir an dá linn, ó stát nua ag teacht isteach air féin go náisiún nua-aimseartha, bríomhar an 21ú haois.
Léiríonn an eisiúint seo an tábhacht atá le sonraí a bhailiú agus a chaomhnú. Tá buntáiste ar leith ag an CSO chun comparáid a dhéanamh idir sonraí 1926 agus an daonáireamh is déanaí a reáchtáladh, is é sin Daonáireamh 2022. Cuireann an anailís seo leis an tuiscint atá againn ar threochtaí fadtéarmacha a mhúnlaíonn Éire sa lá atá inniu ann. Tá an CSO bródúil as coinneáil leis an traidisiún fada daonáirimh a reáchtáil in Éirinn, agus as cúpla léargas ar a léiríonn daonáirimh 1926 agus 2022 faoi shaol athraitheach ár ndaonra a roinnt. Táimid ag súil leis an gcéad daonáireamh eile in Aibreán/Bealtaine 2027 freisin, agus le rogha a thabhairt do dhaoine den chéad uair an daonáireamh Éireannach a chomhlánú ar líne.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair den scoth a rinne an Chartlann Náisiúnta agus foireann an CSO, a chuir acmhainn ar fáil go díograiseach agus go rathúil, ar achmhainn í a rabhthas ag súil go mór lél, trí fhoirmeacha Dhaonáireamh 1926 a fhoilsiú. Bainfidh daoine ar fud na tíre, chomh maith leis an diaspóra Éireannach ar fud an domhain, úsáid as agus tuigfidh siad a luach.”
Dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir Sinsearach Sa Roinn Daonáireamh: “Leis an eisiúint seo, pléitear cuid de na hathruithe iomadúla a tháinig ar an gcaoi ar mhair agus ar oibrigh muintir na hÉireann in 1926 i gcomparáid le 2022. Léiríonn sé gur tháinig méadú 73% ar an daonra idir 1926 agus 2022, ar méadú é sin ó 2.97 milliún duine go 5.15 milliún duine. Tá ionchas saoil méadaithe ó 57 bliain go 81 bliain do na fir agus ó 58 bliain go 84 bliain do na mná. Léiríonn an anailís seo go soiléir uirbiú an daonra freisin. Mar shampla, tá an sciar den daonra atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath méadaithe ó 17% in 1926 go 28% in 2022. Áirítear san eisiúint seo freisin léarscáileanna idirghníomhacha, graif agus grafaicí eolais chun brí agus anam a chur sna scéalta atá á n-insint.”
Dúirt Eileen Murphy, Ceannasaí um Chlaochlú Digiteach do Dhaonáireamh 2027, agus í ag trácht ar an eisiúint: “Taifead ar ár stair, tomhas ar an lá inniu agus plean donam atá le teacht is ea é an Daonáireamh. Agus muid ag féachaint siar ar an gcéad bliain seo a chuaigh thart, léiríonn an daonáireamh an dul chun cinn atá déanta againn agus léiríonn sé na hathruithe a tháinig ar an tsochaí thar na blianta.
Tá go leor le foghlaim ón eisiúint seo, lena n-áirítear poist agus gairmeacha a bhí ag daoine ach nach bhfuil mar chuid den saol a thuilleadh, chomh maith le poist atá ann anois nárbh fhéidir a shamhlú in 1926, mar shampla bhí 10,852 tiománaí cóiste capaill agus 211 glantóir simléar, ar bean í duine amháin díobh. Ba mhná iad 26% den lucht saothair an uair sin; faoi 2022, bhí an figiúr sin méadaithe go 47%.
Agus muid ag féachaint chun cinn, tá ullmhúcháin do Dhaonáireamh 2027 faoi lán seoil ag an CSO. Den chéad uair, tabharfaidh deis do dhaoine a bhfoirm dhaonáirimh a chomhlánú ar pháipéar nó ar líne. Cuirfear tús le hearcaíocht Fhoireann Allamuigh an Daonáirimh an tseachtain seo, agus beidh tuilleadh deiseanna fostaíochta ann i Meán Fómhair agus Samhain na bliana seo. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas earcaíochta seo ar census.ie.”
Cé nár mhair foirmeacha Dhaonáireamh 1926 i dTuaisceart Éireann, bhain an Northern Ireland Statistics and Research Agency (NISRA) úsáid as faisnéis atá le fáil i dtuarascálacha digitithe Dhaonáireamh 1926 agus Dhaonáireamh 2021 chun táblaí staidrimh agus tráchtaireacht a fhoilsiú maidir leis an dóigh ar athraigh Tuaisceart Éireann le céad bliain anuas.
Achomire ar Thorthai
Taifeadadh gur 2.97 milliún duine a bhí in Éirinn in 1926 sa chéad daonáireamh a reáchtáil Saorstát Éireann. Faoi 2022 bhí sé méadaithe go 5.15 milliún, ar méadú 73% é sin a léiríonn go soiléir an t-athrú ó laghdú fadtéarmach go fás leanúnach daonra.
Bhí ionchas saoil tráth na breithe 57 bliain ag na fir agus 58 bliain ag na mná in 1926. Faoi 2022 bhí ionchas saoil tráth na breithe 81 bliain ag na fir agus 84 bliain ag na mná. In 2022, bhí 7% den daonra 75 bliain d’aois nó níos sine, le taobh beagnach 3% in 1926.
Bhí 17% den daonra ina gcónaí i mBaile Átha Cliath in 1926, agus 12.3% ina gcónaí i gCorcaigh agus idir 5% agus 6% ina gcónaí i gcontaetha amhail Maigh Eo, Gaillimh agus Dún na nGall. Faoi 2022, bhí an sciar den daonra a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath méadaithe go 28%, bhí 11% ina gcónaí i gCorcaigh. Os a choinne sin, tháinig laghdú dhá fhigiúr ar an daonra i Liatroim (-37%), Maigh Eo (-20%), agus Ros Comáin (-16%) idir 1926 agus 2022.
In 1926, is in Éirinn a rugadh 97% de na daoine a bhí ina gcónaí in Éirinn. Rugadh níos lú ná 1% den daonra lasmuigh d’Éirinn, de Thuaisceart Éireann agus den Bhreatain Mhór, rud a léiríonn an leibhéal íseal inimirce. Faoi 2022, is in Éirinn a rugadh 80% den daonra. Rugadh 14% de chónaitheoirí lasmuigh d’Éirinn, de Thuaisceart Éireann agus den Bhreatain Mhór, rud a léiríonn éagsúlú an daonra mar gheall ar an méadú atá tagtha ar inimirce.
Ba Chaitlicigh Rómhánacha 93% den daonra in 1926, ach faoi 2022, bhí sé sin tite go 69%. I nDaonáireamh 1926, ní raibh catagóir ar leith ann chun daoine gan reiligiún a thaifeadadh. Cuireadh iad siúd nár bhall iad de na príomh-sainchreidimh faoin gcatagóir ‘eile’. Faoi 2022, áfach, ní raibh creideamh ag 15% den daonra.
In 1926, bhí 1,307,662 duine ag obair, arbh fhir iad 74% den lucht saothair agus ar mhná iad 26% de. Faoi 2022, bhí 2,320,297 duine ag obair, arbh fhir iad 1,241,353 (53%) agus ar mhná iad 1,078,944 (47%), rud a léiríonn lucht saothair i bhfad níos mó agus níos cothroime ó thaobh inscne de.
Tuairiscíodh go raibh caighdeán áirithe Gaeilge ag 18% den daonra i nDaonáireamh 1926. In 2022, tuairiscíodh go raibh labhairt na Gaeilge ag 40% den daonra, bunaithe ar shlat tomhais níos leithne lenar taifeadadh aon leibhéal úsáide labhartha, idir úsáid laethúil agus úsáid ó am go chéile.
D’oibrigh an mhórchuid, nó 51%, den lucht saothair san earnáil talmhaíochta in 1926. Faoi 2022, bhí an sciar sin chóir a bheith tite go 3.5% díobh siúd a bhí ag obair.
Táthar tar éis grafaic eolais a fhoilsiú le haghaidh Éire mar a bhí agus Éire mar atá: An Saol in Éirinn 1926-2022.
Tá cóipeanna folmha d’fhoirmeacha Dhaonáireamh 1926 agus Dhaonáireamh 2022 le fáil san aguisín de Éire mar a bhí agus Éire mar atá: An Saol in Éirinn 1926-2022.
Tá tuarascálacha na ndaonáireamh stairiúil, lena n-áirítear tuarascálacha Dhaonáireamh 1926, le fáil anseo.
Reáchtáladh Daonáireamh 2022 ar an 03 Aibreán 2022. Tá na tuarascálacha foilsithe le fáil ar shuíomh gréasáin an CSO.
Léirítear an t-athrú a tháinig ar Éirinn i gcomparáid ar leith idir sonraí Dhaonáirimh 1926 agus 2022
Tá Éire mar a bhí agus Éire mar atá: An saol in Éirinn in 1926 agus in 2022 [EN] foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (20 Aibreán 2026).