Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Ag Fás Aníos in Éirinn: Cohórt ’98 ag 25 Bliana d’aois - Príomhthorthaí

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

 

Formhór na nDaoine atá 25 Bliana d’aois i gCohórt ‘98 Ag Fás Aníos in Éirinn Dóchasach faoin Todhchaí.

  • Is é seo an chéad uair a bhfuil torthaí ón suirbhé náisiúnta fadaimseartha Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.  

  • Is é seo an cúigiú huair a bhfuil curtha ag an ngrúpa daoine seo, atá 25 bliana d’aois agus ar daoine fásta anois iad, leis an staidéar luachmhar seo ar an saol in Éirinn.  

  • Is é seo an chéad cheann de cheithre eisiúint ón bPríomh-Oifig Staidrimh ina scrúdaítear taithí an ghrúpa seo de dhaoine atá 25 bliana d’aois in Éirinn.   

Ag Fás Aníos in Éirinn (FAÉ)

Tá an chéad sraith de thorthaí ó fhreagróirí 25 bliana d’aois ar an suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 27 Eanáir 2025). Is é seo an cohórt d’fhreagróirí is sine atá páirteach in FAÉ, ghlac siad páirt den chéad uair in 2007/’08 nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois.  

Is staidéar ríthábhachtach náisiúnta fadaimseartha é FAÉ ar leanaí agus ar dhaoine óga in Éirinn agus cuireann sé bonn fianaise riachtanach ar fáil do thaighdeoirí agus do lucht déanta beartas.  Is staidéar i gcomhar é FAÉ idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ).   

Ó bunaíodh é, lean an staidéar fadaimseartha seo saol níos mó ná 19,000 leanbh agus duine óg trí dhá chohórt éagsúla: iadsan a bhí naoi mbliana d’aois (Cohórt ’98) agus iadsan a bhí naoi mí d’aois (Cohórt ’08) in 2007/2008. 

I mí Mheán Fómhair 2024, sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an RLCMLÓ, cohórt nua naíonán naoi mí d’aois a dtugtar Cohórt ’24 air.  Le linn na bliana 2025, leanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tabhairt cuireadh do theaghlaigh a bhfuil leanaí naoi mí d’aois acu agus a ndearnadh sampláil randamach orthu a bheith páirteach sa suirbhé suntasach seo agus a bheith ina nguth do leanaí in Éirinn. Tá athruithe suntasacha sóisialta, eacnamaíocha agus beartais tarlaithe sa tír seo ón uair dheiridh a rinneadh sampláil ar theaghlaigh a raibh leanaí nuabheirthe acu faoin suirbhé FAÉ, 16 bliana ó shin. Cuirfidh an suirbhé FAÉ sonraí riachtanacha ar fáil ar a mhéid a théann na hathruithe sin i bhfeidhm ar fhorbairt leanaí, agus cuirfidh sé bonn eolais faoi chruthú beartas freagrúil atá dírithe ar leanaí, chun feabhas a chur ar na seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil do leanaí agus dá dteaghlaigh in Éirinn.  

Ráiteas an Staitisteora

Is éard a dúirt an Dr Katie O’Farrell, Staitisteoir Sinsearach leis an bPríomh-Oifig Staidrimh agus Ceannasaí an Rannáin Fás Aníos in Éirinn: 

Tá Cohórt Fás Aníos in Éirinn ‘98 ag 25 bliana d’aois: Na Príomhthorthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu. Tugann an eisiúint seo léargas ar thaithí an ghrúpa daoine fásta seo, atá 25 bliana d’aois anois, agus iad ag déanamh a mbealach sa saol in Éirinn.  Roinn siad a gcuid tuairimí faoi phríomhábhair amhail cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, cúrsaí caidrimh, saincheisteanna sóisialta agus cúrsaí folláine.  Féachtar leis an suirbhé seo eolas a bhailiú faoi na saincheisteanna is mó a imríonn tionchar ar an ngrúpa daoine seo ós rud é go bhfuil guth an fhreagróra i gcroílár FAÉ. Fiafraíodh de Chohórt ‘98 le linn an bhabhta bailithe sonraí seo, an raibh taithí acu ar leithcheal, agus an raibh siad ag cur cúram ar fáil do dhuine muinteartha. D’fhonn tuiscint a fháil ar aon athrú atá tagtha ar iompar i gcaitheamh ama agus d’fhonn béim a leagan ar an athrú sin cuireadh ceisteanna arís ar an gcohórt faoi iompar a bhféadfadh baol a bheith i gceist leis amhail chomh minic agus a úsáidtear drugaí agus a n-óltar alcól.  

Tá na rannpháirtithe seo feicthe ag muintir na hÉireann ag fás aníos: Casadh an cohórt seo an chéad lá riamh orainn nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois, agus ansin casadh arís orainn iad nuair a bhí siad 13 bliana d'aois, 17 mbliana d’aois agus 20 bliain d’aois. Reáchtáladh suirbhé speisialta COVID-19 freisin i mí na Nollag 2020 nuair a bhí Cohórt ’98 22 bhliain d’aois.  Bhí sé de phribhléid againn thar na blianta an oiread sin a fhoghlaim faoin saol a chaitheann siad. Dá réir sin, is féidir leis an eisiúint seo de Phríomhthorthaí léargas ar leith a thabhairt ar shaol an ghrúpa daoine fásta seo in Éirinn.” 

Léargas ar Chuid den Mhéid a chuir Cohórt ’98 le Suirbhé FAÉ le hImeacht Ama:

9 mbliana d’aois (suirbhé a rinneadh in 2007/’08): 

  • Iarradh ar leanaí an abairt seo a leanas a chríochnú: “Is é an rud is mó a chuireann áthas orm ná...” Ba é ‘mo mhuintir’ (24%) an freagra foriomlán ba mhó a tugadh, agus ‘mo chairde’ (22%) ina dhiaidh sin agus ansin ‘spórt’ (20%).  
  • Bhí fón póca ag díreach faoi bhun 45% de leanaí naoi mbliana d’aois in 2007/’08. 
  • Ba é húvaráil/glanadh an obair tí is mó a bhí le déanamh ag leanaí naoi mbliana d'aois sa mbaile. 

13 bliana d’aois (suirbhé a rinneadh in 2011/’12): 

  • Bhí súil ag thart ar leath (51%) den chóhort 13 bliana d'aois oideachas ag leibhéal céime a bhaint amach.
  • Bhí rochtain ag seisear as deichniúr déagóirí (59%) ar an idirlíon ar fhón póca nó ar ghaireas soghluaiste eile. 
  • Bhí fáil ag beirt as cúigear (40%) ar an idirlíon ar ríomhaire baile nó ríomhaire glúine ina seomra leapa.  

17 mbliana d’aois (suirbhé a rinneadh in 2015/’16): 

  • Thuairiscigh duine as gach deichniúr daoine óga gur diagnóisíodh go raibh dúlagar, imní, nó an péire orthu. 
  • Bhí poist pháirtaimseartha ag aon trian de na freagróirí ar fad a bhí fós ar scoil. 
  • Bhí a gcéad deoch meisciúil ag ceathrar as cúigear de na freagróirí (80%) nuair a bhí siad idir 15 agus 17 mbliana d'aois. 

20 bliain d’aois (suirbhé a rinneadh in 2018/’19): 

  • Thug níos mó ná dhá thrian den chohórt le fios nuair a bhí siad 20 bliain d’aois gurbh é an breisoideachas/ardoideachas nó gurbh í an oiliúint an phríomhghníomhaíocht a bhí acu.  
  • Bhí slándáil airgeadais agus fostaíochta i measc phríomhaidhmeanna na ndaoine óga.  Mheas níos mó ná 70% go raibh sé an-tábhachtach a bheith slán ó thaobh airgeadais de agus post maith a bheith acu faoin am a mbeidís 30 bliain d’aois. 
  • Thug beirt as gach cúigear den chohórt le fios nuair a bhí siad 20 bliain d’aois go raibh fíorimní orthu faoi theacht a bheith acu ar thithíocht in Éirinn agus thug beagnach duine as gach triúr (31%) le fios go raibh fíorimní orthu faoi bhochtaineacht in Éirinn agus faoin athrú aeráide. 

Cuid de na Príomhthorthaí a Fuarthas ó na Freagróirí agus iad 25 Bliana d’Aois (Suirbhé a Rinneadh in 2023/’24):

  • Dúirt breis agus ochtar as gach deichniúr (82.0%) gurbh ionann a bpríomhstádas eacnamaíoch agus fostaithe tráth agallamh an tsuirbhé. 
  • Bhí meánscór sástachta saoil 6.7 (as a deich ar a mhéad) acusan a bhí fostaithe, agus ba é an meánscór sástachta saoil a thuairiscigh na daoine sin nach raibh fostaithe, nach raibh i mbun cúrsaí oideachais ná oiliúna 5.5. 
  • B’ionann an leibhéal sástachta poist a thuairiscigh mná a raibh na hioncaim is airde acu.   
  • Díobh siúd nárbh úinéirí tí iad tráth an tsuirbhé, bhí ochtar as gach deichniúr (80.5%) ag súil go gceannóidís teach sa todhchaí.  
  • Dúirt beagnach dhá thrian de na freagróirí (65.6%) go ndearnadh leithcheal orthu cúpla uair ar a laghad sa bhliain roimh an suirbhé.  
  • Bhí taithí ag beagnach duine as gach cúigear fear (18.1%) ar dhaoine a bheith á n-iompar féin amhail is go raibh faitíos orthu rompu cúpla uair sa bhliain ar a laghad.    
  • Tá laghdú tagtha ar na figiúirí maidir le méadrachtaí meabhairshláinte ó bhí an cohórt sin 20 bliain d’aois.   
  • Bhain níos mó ná duine as gach cúigear (21.4%) triail as cócaon ar a laghad uair amháin sa bhliain roimh an suirbhé.  
  • D’aontaigh breis is leath (56.4%) de na freagróirí go láidir nó d’aontaigh siad leis an ráiteas “Táim dóchasach faoin todhchaí”.  

Féach Cohórt Fás Aníos in Éirinn ‘98 ag 25 bliana d’aois: Na Príomhthorthaí [en], chun miondealú mionsonraithe a fháil ar thorthaí agus le haghaidh tuilleadh faisnéise. 

Nóta Buíochais

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis an iliomad daoine a bhí rannpháirteach i gCohórt Fás Aníos in Éirinn ‘98.  Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil leis na freagróirí a ghlac páirt agus lena dteaghlaigh as a gcomhoibriú leanúnach a bheith toilteanach páirt a ghlacadh sa suirbhé FAÉ agus as tuiscint a bheith acu ar an tábhacht a bhaineann le bailiú na sonraí thar a bheith tábhachtach seo a éascú.   

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leis an 500 duine aonair a chríochnaigh an suirbhé in ainneoin na heisimirce, a raibh modúl eisimirce ar leith mar thoradh air a chuir ar ár gcumas léargas luachmhar a thabhairt ar an bhfochohórt seo.   

Níorbh fhéidir na torthaí a foilsíodh inniu a fhoilsiú gan an fhaisnéis thábhachtach seo a bheith bailithe ag ár bhfoireann bailithe sonraí allamuigh; gan an RLCMLÓ a bheith ina príomh-chomhpháirtí seachadta againn sa staidéar FAÉ; agus gan na foirne uile ar fud na Príomh-Oifige Staidrimh a raibh baint acu leis an bhfeachtas Cohórt FAÉ ’98 ag 25 bliana d’aois, a raibh foilsiú rathúil na dtorthaí inniu mar bhailchríoch air. 

Teagmhálaithe

Katie O'Farrell (+353) 1 498 4147
R-phost GUI@cso.ie 
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --