Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Fás Aníos in Éirinn: Cohórt ’98 ag 25 bliana d’aois

Formhór de Chohórt Fás Aníos in Éirinn '98 ag 25 bliana d'aois dearfach faoin todhchaí

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn

Achoimre ar Thorthaí

  • Bhí duine as gach ochtar (12.7%) de na freagróirí a ndearnadh teagmháil leo tar éis dul ar imirce. 

  • As na daoine sin i gCohórt ’98 a bhí fós ina gcónaí i dteach a dtuismitheoirí, bhí níos mó ná seisear as gach deichniúr (62.4%) ag déanamh amhlaidh ar chúiseanna airgeadais den chuid is mó. 

  • Bhí thart ar 7.5% de na freagróirí a bhí 25 bliana d’aois ina gcónaí lasmuigh de theach a dtuismitheoirí agus lasmuigh den réigiún ina raibh cónaí orthu nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois. 

  • Dúirt beagnach os cionn aon trian (34.2%) de Chohórt ’98 go raibh deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail.  

  • Bhí tromlach (58.5%) de na freagróirí i gcaidreamh rómánsúil. 

  • Diagnóisíodh go raibh dúlagair nó imní ar nach mór aon trian (31.5%) de na mná sa ghrúpa seo ag tráth éigin ina saol.  

  • Bhí tromlach (51.2%) de na fir sa ghrúpa a bhfuil oideachas go dtí leibhéal céime acu ag ól alcóil ag leibhéal atá guaiseach nó contúirteach de réir chatagóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO).  

  • Dúirt beagnach freagróir amháin as gach cúigear (19.9%) nach raibh suim dá laghad acu i gcúrsaí polaitíochta.  

Ráiteas an Staitisteora

Tá Cohórt Fás Aníos in Éirinn ’98 ag 25 bliana d’aois eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 27 Eanáir 2025).  Is é seo an chéad uair a bhfuil torthaí ón suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) eisithe ag an bPríomh-Oifige Staidrimh.  

Is staidéar náisiúnta, fadaimseartha é FAÉ ar leanaí agus ar dhaoine óga in Éirinn agus is clár oibre i gcomhar é idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Cuimsithe agus Óige (RLCMLÓ). Cuireann an eisiúint seo na príomhthorthaí i láthair, torthaí a thugann léargas ar an saol a chaitheann daoine atá 25 bliana d’aois i gCohórt FAÉ, ó théamaí lárnacha an tsuirbhé ar shláinte choirp, folláine agus príomhchaidrimh, oideachas, rannpháirtíocht shibhialta agus rannpháirtíocht eacnamaíoch.  Féach Nóta an Eagarthóra thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar chúlra FAÉ. 

Ba é seo an chéad uair ar thug an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi shonraí a bhailiú agus a phróiseáil do FAÉ, ó aistríodh freagrachtaí don suirbhé suntasach náisiúnta fadaimseartha seo ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI). Ba é seo an chéad uair freisin inar tugadh bailiúchán sonraí an tsuirbhé FAÉ agus sonraí riaracháin le chéile, chun an t-ualach a laghdú ar fhreagróirí agus chun cur le luach anailíseach na sonraí. Tá tuilleadh eolais faoin modheolaíocht is bonn leis an eisiúint seo le fáil sna Nótaí Cúlra [en].   

Is éard a dúirt Daniel Watts, Staitisteoir sa Rannóg Fás Aníos in Éirinn sa Phríomh-Oifig Staidrimh faoi eisiúint an lae inniu: 

“Is iontach iad torthaí an lae inniu ó Chohórt Fás Aníos in Éirinn ’98 ag 25 bliana d’aois go háirithe ós rud é gur dhírigh an suirbhé Fás Aníos in Éirinn go heisiach ar rannpháirtíocht an duine aonair, gan aon cheist dírithe ar a dteaghlach níos leithne. D’fhág sé sin go rabhamar ábalta léargas soiléir a fháil ó na torthaí ar shaol daoine fásta a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.  

Is é seo an chéad cheann i sraith de cheithre eisiúint maidir le Cohórt FAÉ ’98 ag 25 bliana d’aois. Foilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh trí eisiúint eile i gcaitheamh na bliana ina scrúdófar abhair amhail an costas maireachtála, cúrsaí tithíochta agus cúrsaí folláine. (Féach Nóta an Eagarthóra thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar an sceideal foilsithe atá beartaithe).  

Obair agus Oideachas

Mar atá leagtha amach inár gcaibidil faoi Obair agus Oideachas feictear gur beag deacracht a bhí ag an ngrúpa daoine fásta seo aistriú chuig an bhfórsa saothair. Dúirt breis is 80% go raibh siad fostaithe tráth an agallaimh agus dúirt 6.3% go raibh siad dífhostaithe. Ós rud é go raibh cúpla bliain caite faoin tráth seo ó chuir a bhformhór críoch le cúrsaí ardoideachais, feictear go raibh céim nó oideachas comhionann ag triúr as gach cúigear (59.5%) den chohórt.  

Ioncam agus an Costas Maireachtála

Inár gcaibidil faoi Ioncam agus an Costas Maireachtála, chuir na sonraí riaracháin le fios go raibh obair rialta ag tromlach (85.5%) den ghrúpa, iad ag tuilleamh tuarastal seachtainiúil airmheánach €558. Mar sin féin, tugadh difríochtaí i dtuilleamh faoi deara idir na daoine a raibh céim acu agus na daoine nach raibh céim acu. Thuill freagróirí a raibh céim acu €613 in aghaidh na seachtaine i gcomparáid le freagróirí nach raibh céim acu a thuill €485 in aghaidh na seachtaine.   

Bhí fianaise ann freisin go raibh éagothroime shuntasach i dtaobh ioncaim ag teacht chun cinn cheana féin sa ghrúpa seo. Cé gur thuairiscigh nach mór trí cheathrú (73.2%) gur shábháil siad airgead go rialta, thuairiscigh 34.2% go raibh roinnt deacrachtaí acu greim a choinneáil faoin bhfiacail.  

Soghluaisteacht agus Saol Pearsanta

As na freagróirí a bhí fós ina gcónaí i dteach a dtuismitheoirí, bhí níos mó ná seisear as gach deichniúr (62.4%) ag déanamh amhlaidh ar chúiseanna airgeadais den chuid is mó.  Dúirt nach mór 3.8% de na freagróirí gur leo a n-áras cónaithe féin. Mar sin féin, tá súil ag ceithre chúigiú (80.5%) díobh áras cónaithe a cheannach amach anseo. Ba léir ó na daoine sin a bhog amach as teach a dtuismitheoirí fiú, go raibh leibhéal íseal soghluaisteachta acu, agus ba ghnách leo fanacht ina réigiún áitiúil (71.7%). 

Sa chaibidil faoi Shaol Pearsanta, thuairiscigh beagnach triúr as gach cúigear (58.5%) den chohórt go raibh siad i gcaidreamh rómánsúil de chineál éigin, bhí 4.1% i gcaidreamh foirmiúil dlíthiúil nó ar tí tús a chur le caidreamh foirmiúil dlíthiúil, agus bhí leanaí ag díreach os cionn 5%. Dúirt breis is duine as gach deichniúr gur chaith siad roinnt ama ag tabhairt aire do dhuine muinteartha (10.7%) seachas cúram leanaí agus dúirt díreach os cionn duine as fiche (5.5%) nach raibh aon dlúthchairde acu.

Sláinte agus Folláine

Sa chaibidil ar chúrsaí Sláinte agus Folláine, thuairiscigh beagnach naonúr as gach deichniúr (89.1%) de na freagróirí go raibh an tsláinte ghinearálta ar fheabhas acu féin. Bhí meath tagtha ar shláinte mheabhrach, áfach, ó bhí an grúpa seo 20 bliain d’aois. Bhí méadú ar leibhéil dúlagair, imní, struis agus féinmhuiníne íseal féintuairiscithe ón mbliain 2018.  Dúirt níos mó ná triúr as gach deichniúr ban (31.5%) gur diagnóisíodh go raibh dúlagar nó imní orthu ag tráth éigin ina saol. Thuairiscigh mná nach bhfuair ardoideachas torthaí a bhí níos diúltaí. 

Maidir le halcól, d’ól beagnach ceathrar as gach deichniúr (39%) duine alcól ag leibhéal atá guaiseach dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), agus bhí na figiúirí ard  go háirithe i measc na bhfear, go háirithe fir a raibh ardoideachas orthu. Dúirt tromlach (51.3%) nár chaith siad tobac nó nár vápáil siad agus dúirt breis duine as gach cúigear sa ghrúpa (21.4%) gur thriail siad cócaon ar a laghad uair amháin sa bhliain roimhe sin. 

An tSochaí agus an Domhan i gCoitinne

Sa chaibidil ar an tSochaí agus an Domhan i gCoitinne, bhí imní ar nach mór an grúpa freagróirí ar fad (97.7%) faoi chás na tithíochta in Éirinn agus bhí imní ar bhreis is ceathrar as gach cúigear (85.1%) faoin athrú aeráide. Ag an am céanna, thug nach mór duine as gach cúigear  (19.9%) le fios nach raibh suim dá laghad acu i gcúrsaí polaitíochta agus dúirt tromlach (51.1%) nár ghlac siad páirt in aon ghníomhaíocht pholaitiúil shuntasach sa bhliain roimhe sin.  

Thuairiscigh beagnach dhá thrian de na freagróirí (65.6%) gur deineadh leithcheal orthu ar a laghad cúpla uair sa bhliain ach ar an taobh eile den scéal dúirt a bhformhór (56.4%) go raibh siad dearfach faoin todhchaí. Dúirt formhór na ndaoine i gCohórt ’98 go raibh siad sásta leis an saol atá acu”.  

Nóta Buíochais

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis an iliomad daoine a bhí rannpháirteach i gCohórt FAÉ ’98. Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil leis na daoine seo a leanas: 

  • Na freagróirí a ghlac páirt agus a dteaghlaigh as a gcomhoibriú leanúnach a bheith toilteanach páirt a ghlacadh sa suirbhé FAÉ agus as bailiú na sonraí ábhartha a éascú.  
  • An 500 duine aonair a chomhlánaigh an suirbhé imirce, a d’fhág go rabhamar ábalta léargas luachmhar a thabhairt ar an bhfochohórt seo.  
  • Ár bhfoireann bailithe sonraí allamuigh a bhailigh an fhaisnéis thábhachtach seo.  
  • An RLCMLÓ mar ár bpríomh-chomhpháirtí seachadta sa staidéar FAÉ.  
  • Na foirne uile ar fud na Príomh-Oifige Staidrimh a raibh baint acu leis an bhfeachtas Cohórt FAÉ ’98 ag 25 bliana d’aois, a raibh foilsiú rathúil na dtorthaí inniu mar bhailchríoch air.  

Chun tuilleadh tráchtaireachta a fháil ar thorthaí an tsuirbhé, féach an Preasráiteas a ghabhann leis seo. Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Cohórt ’98 ar fáil freisin. 

Nóta an Eagarthóra

An Plean Foilsithe 

Is í an eisiúint seo an chéad cheann i sraith eisiúintí maidir le Cohórt FAÉ ’98 ag 25 bliana d’aois. Cuimsítear faisnéis san eisiúint seo faoi na Príomhthorthaí de réir gnéis agus ceantar geografach, ar ioncam agus costas maireachtála, struchtúr lín tí, príomhghníomhaíocht, teaghlach, cairde, caidrimh agus saol pearsanta, sláinte agus folláine, agus rannpháirtíocht sa tsochaí. Cuirfidh eisiúintí breise níos mó sonraí ar fáil ar théamaí amhail:  

  • Stádas oibre agus eacnamaíoch, ioncam, agus costas maireachtála. 
  • Tithíocht, teaghlach, cairde, caidrimh, agus saol pearsanta.  
  • Sláinte agus folláine, an tsochaí, agus an domhan i gcoitinne.   

Tá roinnt eisiúintí de chuid Shraith Frontier na Príomh-Oifige Staidrimh beartaithe freisin ina nglacfar cur chuige anailíseach níos taiscéalaíche i leith na sonraí.  

Maidir le FAÉ 

Ba é seo an cúigiú babhta bailithe sonraí maidir leis an gcéad chohórt leanaí faoi FAÉ, a dtugtar Cohórt ’98 anois air.  Rugadh an grúpa sin sa bhliain 1998 agus cuireadh faoi agallamh den chéad uair iad nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois in 2007/’08.   Rinneadh an babhta bailithe sonraí is déanaí seo ó mhí Aibreáin 2023 go mí Aibreáin 2024 nuair a bhí an cohórt sin 25 bliana d’aois. Ba é seo an chéad uair ar thug an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi shonraí a bhailiú agus a phróiseáil do FAÉ, ó aistríodh freagrachtaí don suirbhé suntasach náisiúnta fadaimseartha seo ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI). Tabharfar cuireadh do na freagróirí páirt a ghlacadh i mBabhta a Sé Chohórt ’98 nuair a bheidh siad 30 bliain d’aois. Tugann sonraí ó Chohórt ’98 ag aois 25 léargas, ar léargas ar leith é go minic, ar shaol daoine fásta in Éirinn agus is féidir leis na sonraí sin faisnéis thábhachtach a chur ar fáil faoi na treonna éagsúla a dtéann daoine le linn a saoil de réir príomhtháscairí sochdhéimeagrafacha amhail inscne, ioncam, oideachas agus struchtúr teaghlaigh.  

B’ionann an ráta freagartha agus 49.5%, a léiríonn gur baineadh méid samplach de 3,380 duine aonair amach. Fuair na freagróirí litir inar iarradh orthu an suirbhé a chomhlánú ar líne.  Cuireadh cód slán pearsanta ar fáil sa litir sin chun go mbeidís ábalta rochtain a fháil ar a gceistneoir. Chuir formhór (87.1%) na bhfreagróirí a thug faoin suirbhé an suirbhé i gcrích ar líne. Thug agallóir cuairt ar fhreagróirí nár chomhlánaigh an suirbhé ar líne iad féin agus thairg siad agallamh duine le duine dóibh.  

As an 7,870 duine aonair a ndearnadh teagmháil leo chun agallamh a dhéanamh i mBabhta 5, dúirt 1,001 duine aonair nach raibh siad ina gcónaí in Éirinn, arb ionann sin agus breis is duine as gach ochtar a bhí i dteideal dul faoi agallamh (figiúirí neamhualaithe). Tugadh cuireadh do na daoine aonair sin suirbhé an-ghearr a chomhlánú ar chúrsaí imirce. 500 duine aonair go díreach a chríochnaigh an suirbhé sin. As na daoine sin a thug freagra, dúirt breis is cúigear as seisear (84.7%) go raibh sé beartaithe acu cónaí thar lear ar feadh 12 mí nó níos faide. Chuaigh breis is aon trian (35.6%) ar imirce go dtí an Ríocht Aontaithe. D’fhág breis is ceathrar as gach deichniúr (43.3%) Éire ar mhaithe le deiseanna fostaíochta a thapú thar lear. Tá tuilleadh eolais faoin suirbhé imirce le fáil san Iarscríbhinn [en]. 

Maidir le Torthaí Chohórt FAÉ ’98 

Léiríonn torthaí an tsuirbhé seo an sampla sonrach seo a leanas: Daoine 25 bliana d’aois a raibh cónaí orthu in Éirinn in 2023/’24 agus a raibh cónaí orthu in Éirinn freisin nuair a bhí siad naoi mbliana d’aois in 2007/’08.  Dá bhrí sin, níl na torthaí inchomparáide leis na torthaí a thugann léargas ar an daonra iomlán daoine 25 bliana d’aois a bhí ina gcónaí in Éirinn in 2023, mar shampla torthaí arna ngabháil ag an daonáireamh.  D’áireofaí ar na torthaí sin daoine aonair a d’aistrigh go hÉirinn sna blianta i ndiaidh na bliana 2008 agus nach raibh, dá bhrí sin, incháilithe lena sampláil faoi FAÉ.  

Tá gach ceist sa FAÉ deonach; bhí sé de rogha ag na freagróirí deireadh a chur leis an suirbhé tráth ar bith le linn an cheistneora. I gcás nach ionann cion tuairiscithe san eisiúint seo agus 100%, is mar gheall ar mhír nár tugadh freagra uirthi é sin.   

San eisiúint seo, rinneadh sonraí do 3,377 as 3,380 freagróir ar an suirbhé, nó 99.9% de thuairisceáin an tsuirbhé, a nascadh go rathúil le foinsí sonraí riaracháin eile a bhí faoi ainm bréige. Chomh maith leis na dianchosaintí dlí atá leagtha amach san Acht Staidrimh, 1993, agus i rialacháin eile atá ann cheana, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta do phríobháideachas an duine aonair agus gach faisnéis inaitheanta ó gach ceann de na foinsí sonraí a úsáidtear inár n-anailís a chosaint. Glantar amach ainmneacha, dáta breithe agus seoltaí sula n-úsáidtear iad agus ní chuirtear ach comhiomláin staidrimh i bhfoirm anaithnidithe ar fáil. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na foinsí sonraí, na nósanna imeachta meaitseála, agus na sainmhínithe san eisiúint seo, féach na Nótaí Cúlra [en].