Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Seoladh Suirbhé Píolótach Daonáirimh 2024

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Tá Suirbhé Píolótach Daonáirimh á sheoladh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun tástáil a dhéanamh ar dhaonáireamh nua stairiúil

  • Beidh an Suirbhé Píolótach Daonáirimh ar siúl i 44 láthair i sé chontae i rith mhí Mheán Fómhair.

  • Is é seo an chéad uair a bheidh rogha ag an bpobal foirm an daonáirimh a líonadh isteach ar líne.

  • Tá ceisteanna nua maidir le meabhairshláinte, inscne agus gnéaschlaonadh á dtástáil.

  • Is féidir le líonta tí a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh an fhoirm a líonadh isteach am ar bith idir seo agus oíche an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh an 22 Meán Fómhair.

Maidir leis an Suirbhé Píolótach Daonáirimh

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag fógairt an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh inniu (02 Meán Fómhair 2024). Is cuid ríthábhachtach é seo d’ullmhúchán na Príomh-Oifige Staidrimh don chéad daonáireamh eile in Éirinn. Is é Daonáireamh 2027 an chéad daonáireamh riamh i stair na hÉireann a mbeidh an rogha ag an bpobal foirm an daonáirimh a líonadh isteach ar líne.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tabhairt faoin Suirbhé Píolótach Daonáirimh seo chun tástáil a dhéanamh ar cheisteanna nua agus ar an gcaoi a n-oibreoidh an rogha ar líne seo. Táimid ag iarraidh ar gach líon tí a roghnaítear don Suirbhé seo páirt a ghlacadh ionas gur féidir linn ár rogha ar líne a mheas. Is féidir an fhoirm ar líne a líonadh isteach ar ghairis éagsúla amhail fóin phóca, táibléid nó ríomhairí glúine. Is féidir le daoine foirm pháipéir a líonadh isteach freisin agus tá na foirmeacha ar líne agus na foirmeacha páipéir araon ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Beidh an Suirbhé Píolótach Daonáirimh ar siúl i rith mhí Mheán Fómhair i 44 láthair i sé chontae. Roghnaíodh an 20,000 líon tí sna ceantair seo i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, i gCill Chainnigh, i Lú, i Maigh Eo agus in Uíbh Fhailí mar go ndéanann siad ionadaíocht leathan ar na daoine atá ina gcónaí in Éirinn agus is meascán de cheantair uirbeacha agus thuaithe iad.  Tá léarscáileanna de na ceantair a roghnaíodh le bheith páirteach ar fáil ar censuspilot.ie.

Seoladh litreacha cuiridh chuig tithe sna ceantair phíolótacha roghnaithe, ina mínítear an chaoi leis an bhfoirm a líonach isteach ar líne. Chomh maith leis sin, den chéad uair, is de réir na háite a mbíonn cónaí ort de ghnáth a bheidh na foirmeacha le líonadh isteach agus is féidir iad a líonadh isteach am ar bith idir seo agus oíche oifigiúil an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh an 22 Meán Fómhair 2024. 

Tabharfaidh Oifigigh Tacaíochta Daonáirimh (áiritheoirí roimhe seo) cuairt ar thithe cónaithe ón 16 Meán Fómhair chun daoine a chur ar an eolas faoin Suirbhé Píolótach Daonáirimh a bheidh ar siúl ina gceantar féin agus chun iad a spreagadh a bhfoirmeacha a líonadh isteach. Beidh siad ag caitheamh veisteanna sofheicthe buí a bheidh brandáilte go soiléir leis an bhfocal Daonáireamh agus beidh cártaí oifigiúla aitheantais na Príomh-Oifige Staidrimh acu agus ba cheart duit ceist a chur orthu na cártaí sin a thaispeáint duit.

Mar is amhlaidh le gach Suirbhé Píolótach Daonáirimh, déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh tástáil ar cheisteanna nua agus ar cheisteanna atá athraithe roimh Dhaonáireamh 2027. Déantar sin lena chinntiú go dtugann an daonáireamh léargas cruinn ar sochaí na tíre, sochaí atá ag athrú. I measc na gceisteanna nua atá sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh seo tá:

  • an áit ina ndéantar carr/carranna an lín tí a pháirceáil i gcaitheamh na hoíche chun tuiscint a fháil ar áiteanna a bhféadfaí luchtairí leictreacha a lonnú
  • cibé an ionann nó nach ionann an inscne atá agat agus an gnéas a bhí agat ar theacht ar an saol duit
  • claonadh gnéis
  • an chaoi a ndéanfá féin-thuairisciú ar do mheabhairshláinte.

Cuireadh na ceisteanna nua seo le chéile, chomh maith le hathruithe ar cheisteanna reatha an daonáirimh, mar thoradh ar chomhairliúchán poiblí ar ábhar a d’fhéadfadh a bheith ar fhoirm Dhaonáireamh 2027. Nuair a bheidh anailís déanta ar na freagraí, úsáidfear iad chun moltaí deiridh an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh a threorú. Beidh ábhar deiridh cheistneoir Dhaonáirimh 2027 faoi réir fhaomhadh an Rialtais.

Ráiteas an Staitisteora

Is éard a dúirt Jennifer Banim, Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh: "Is cloch mhíle shuntasach é an Suirbhé Píolótach Daonáirimh seo maidir le rogha ar líne a chur ar fáil do Dhaonáireamh 2027. Iarraimid ar theaghlaigh a roghnaítear páirt a ghlacadh tríd an bhfoirm a líonadh isteach ar líne nó ar pháipéar. Cabhróidh do rannpháirtíocht leis an bPríomh-Oifig Staidrimh tástáil a dhéanamh ar an gcéim nua stairiúil seo i mbailiú an daonáirimh in Éirinn."

Is éard a dúirt Eileen Murphy, Ceann Riaracháin Daonáirimh: Má fhaigheann tú ár litir chuiridh chun bheith páirteach sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh, glac páirt, le do thoil. Teastaíonn do chabhair uainn chun an Suirbhé seo a thástáil agus ní féidir linn é sin a dhéanamh de d'uireasa.  Má ghlacann tú an t-am an fhoirm a líonach isteach ar líne, tabharfaidh tú aiseolas riachtanach dúinn maidir leis an bhfoirm ar líne, agus maidir leis na ceisteanna nua.

Go traidisiúnta, is é cuspóir daonáirimh phíolótaigh ceisteanna nua agus ceisteanna atá athraithe a thástáil don chéad daonáireamh eile. I gcás an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh seo, ní hamháin go gcuideoidh an Suirbhé linn ceisteanna nua a thástáil, ach tá sé tábhachtach freisin rogha ar líne a thástáil den chéad uair i stair dhaonáireamh na hÉireann.

Cé go bhféadfadh athrú teacht ar ár modhanna, tá ár dtiomantas don rúndacht, don ionracas agus don neamhspleáchas seasmhach i gcónaí. Tá cuntas teiste cruthaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le cosaint sonraí agus tá muinín á cur inti le 75 bliain chun staitisticí faoi shaol agus faoi shochaí na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú."

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Is é censuspilot.ie láithreán gréasáin an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh.
  • Tá Ceisteanna Coitianta faoin Suirbhé Píolótach Daonáirimh ar fáil ina dtugtar freagraí ar cheisteanna ginearálta faoin Suirbhé.
  • Tá Ceisteanna Coitianta faoin Suirbhé Píolótach Daonáirimh maidir le Cosaint Sonraí ar fáil.
  • Tá faisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar fáil.
  • Féach ar rannán Iontaoibh agus Trédhearcachta na Príomh-Oifige Staidrimh chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcúis ar féidir leat muinín a bheith agat as an bPríomh-Oifig Staidrimh.
  • Tá na híomhánna a ghabhann leis an eisiúint seo á n-eisiúint ag na grianghrafadóirí Jason Clarke.
  • Tá an Suirbhé Píolótach Daonáirimh páirtmhaoinithe ag an bPlean Náisiúnta Téarnaimh Athléimneachta (NRRP).

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --