Skip navigation

Tá an comhairliúchán dúnta anois.

Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) fáilte roimh aighneachtaí ar ábhar na foirme do Dhaonáireamh 2027 idir an 30 Samhain 2022 agus an 20 Eanáir 2023. 

Na chéad chéimeanna eile ó tharla go bhfuil na haighneachtaí faighte

Tionólfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh Grúpa Comhairleach Daonáireamh (GCD) ag tús na bliana seo chugainn, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó ranna Rialtais, údaráis áitiúla, forais phoiblí, na comhpháirtithe sóisialta, ollscoileanna agus institiúidí taighde chomh maith le baill foirne ón bPríomh-Oifig Staidrimh.  Scrúdóidh an GCD na haighneachtaí agus déanfaidh cinneadh faoi cheisteanna nua nó athruithe a dhéanamh ar cheisteanna atá ann cheana.  Déanfar suirbhé Píolótach i limistéir roghnaithe i Meán Fómhair 2024 a dhéanfaidh nósanna imeachta áirimh daonáirimh agus ábhar beartaithe na foirm daonáirimh a thástáil.

Idir Eanáir 2023 agus Aibreán 2023 déanfar achoimre ar gach aighneacht agus cuirfear i láthair an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh í lena breithniú. D'fhéadfaí aiseolas a lorg ó úsáideoirí éagsúla sonraí daonáirimh agus foghrúpaí a bhunú chun ábhair éagsúla a scrúdú níos mine.

Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Daonáirimh na nithe seo a leanas san áireamh nuair a bheidh siad ag cinneadh cé na ceisteanna a bheidh le tástáil sa suirbhé Píolótach:

  • Sonraí atá ar fáil cheana ó fhoinsí atá ann;
  • Praiticiúlacht (go háirithe an gá le ceisteanna a choinneáil simplí agus soiléir)
  • An gá atá leis na sonraí ag leibhéal limistéir bhig
  • Costas agus ualach na freagartha ar shealbhóirí tí

Torthaí an Chomhairliúcháin

Foilseofar tuarascáil ar an suirbhé Píolótach agus ar chonclúidí an Ghrúpa Chomhairligh Daonáirimh ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh ag tús na bliana 2025. Beidh ábhar deiridh cheistneoir Dhaonáireamh 2027 faoi réir fhaomhadh an Rialtais.

Acmhainní Úsáideacha

cóip d’fhoirm dhaonáireamh 2022 (PDF 4,555KB)  

nasc chuig an leathanach míniú ar an bhfoirm do Dhaonáireamh 2022 

comhairliúchán poiblí roimhe seo ar ábhar do dhaonáireamh 2022

 

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin gcomhairliúchán, seol chugainn iad ar ríomhphost chuig census2027consultation@cso.ie