Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Míreanna Fuaime

Míreanna Fuaime

Foilseachán staitistiúil an CSO, , 11rn
Census Results 2022 Branding
Torthaí Dhaonáireamh 2022

Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.

Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eoin Flaherty, Staisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh.

Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.

Saorántacht

"De réir Dhaonáireamh 2022, b’é daonra iomlán na Gaeltachta anuraidh ná díreach os cionn 104,000 duine. B’shin an líon daoine le gnáthchónaí sna ceantair Ghaeltachta a bhí i láthair ar oíche an daonáirimh. Ocht faoin gcéad acu siúd nach raibh ina saoránaigh Éireannacha ag an am. Ina measc sin, b’iad na trí phríomhshaoránachtaí ná: an Ríocht Aontaithe – b’shin timpeall aon trian, an Pholainn – le timpeall an séú chuid agus an India – b’as an tír sin do 6% de dhaonra neamh-Éireannach na Gaeltachta.

Bhí sé seo difriúil ó na céatadáin náisiúnta, a léirigh go raibh níos mó saoránaigh Polannacha ná Briotanacha in Éirinn anuraidh. B’iad na ceantair Ghaeltachta leis an sciar ba mhó de shaoránaigh neamh-Éireannacha ná Cléire i gContae Chorcaí agus Oirthear Chathair na Gaillimhe.

Níorbh shaoránaigh Éireannacha iad 17% den daonra sa dá cheantar sin."

Cainteoirí teangacha iasachta & Cumas labhartha Béarla

"De réir an Daonáirimh, teanga eile seachas Gaeilge nó Béarla a bhí á labhairt sa bhaile ag 15% de dhaonra na tíre. Ach bhí an céatadán níos ísle don Ghaeltacht. Ní raibh ach 9% de dhaonra na Gaeltachta ag labhairt teanga eile sa bhaile. B’shin os cionn 9,000 duine.

Polainnis a bhí á labhairt ag an sciar ba mhó: 18%. Bhí Fraincis á labhairt ag 11%. Bhí na céatadáin sin níos airde ná na figiúirí náisiúnta, a léirigh go raibh 16% ag labhairt Polainnis sa bhaile agus 7% ag labhairt Fraincise.

I measc na ndaoine sa Ghaeltacht nach raibh ag labhairt Gaeilge ná Béarla sa bhaile, dúirt 60% acu go raibh Béarla an-mhaith acu. Ní dhúirt ach 2% nár labhair siad Béarla in aon chor."