Is cuid de shraith torthaí ó Dhaonáireamh 2022 an foilseachán seo. Foilseofar tuilleadh foilseacháin théamacha le linn 2023 mar atá leagtha amach sa Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022.
Sna míreanna fuaime a leanas déanann Eileen Murphy, Príomhoifigeach leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) trácht ar an bhfoilseachán Daonáireamh 2022 Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus agus Cúram Leanaí.
Cuirtear fáilte roimh na meáin leas a bhaint as na míreanna seo chomh fada is a luaitear an Oifig seo leo.
"De réir Dhaonáireamh 2022, ba é an meánfhigiúr náisiúnta do pháistí lán-aoise ina gcónaí lena dtuismitheoirí in Éirinn ná trí déag faoin gcéad (13%). Ach, bhí éagsúlacht mhór idir na Limistéir Pleanála Teanga ina thaobh seo.
Bhí céatadán níos airde ná an meán i Ráth Chairn agus Baile Ghib, i gContae na Mí agus sa Ghaeltacht Láir i gContae Dhún na nGall. Fiche faoin gcéad (20%) de pháistí lán-aoise ab ea an céatadán sna limistéir sin. Ach bhí an céatadán d’Oileán Chléire i gContae Chorcaí níos ísle ná an meán. Ní raibh ach deich faoin gcéad (10%) de na páistí lán-aoise ar an oileán ina gcónaí lena dtuismitheoirí le linn an Daonáirimh."
"Ba ag Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall a bhí an sciar ba mhó de theaghlaigh aontuismitheora i measc na Limistéar Pleanála Teanga go léir.
Ba theaghlaigh aontuismitheora iad níos mó ná an ceathrú chuid de theaghlaigh uile Árainn Mhóir. I gcás trí cheathrú díobh, páiste amháin a bhí i gceist.
I gcodarsnacht leis sin, i gCiarraí Theas ní raibh ach aon déag faoin gcéad (11%) de theaghlaigh ina dteaghlaigh aontuismitheora. Páiste amháin a bhí i gceist i níos mó ná leath de na teaghlaigh sin."
"Ar an iomlán, bhí os cionn sé mhíle trí céad (6,300) páistí faoi bhun aois a cúig déag ag freastal ar chúram leanaí ins na Limistéir Pleanála Teanga le linn an Daonáirimh.
Naíolann nó ionad cúraim de shaghas éigin ab ea an cineál cúraim ba chomónta a bhí á fháil ag páistí Gaeltachta. Ba é an dara cineál ba chomónta ná cúram a bheith á thabhairt do pháistí saor in aisce ag duine dá muintir féin.
Spéisiúil go leor, ba i Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Theas a bhí an sciar ba mhó de leanaí réamhscoile ag fáil cúraim. Bhí níos mó ná seisear as gach deichniúr leanaí sa cheantar sin ag freastal ar chúram de shaghas éigin i mí Aibreáin seo caite."