Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

An Chartlann Náisiúnta le foirmeacha Dhaonáireamh 1926 a fhoilsiú

Foilseoidh an Chartlanna Náisiúnta foirmeacha dhaonáireamh 1926 Dé Satharn an 18 Aibreán 2026.

Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a reáchtáladh i Saorstát Éireann, ar stát nuabhunaithe é an uair sin. Anois, 100 bliain ina dhiaidh sin, tá sé in am na foirmeacha a chomhlánaigh ár sinsir a chur ar fáil don phobal.

Foirmeacha Dhaonáireamh 1926 le Foilsiú Tar Éis 100 Bliain

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) freagrach as an daonáireamh a reáchtáil in Éirinn. Bíonn foirmeacha daonáirimh faoi rún ar feadh 100 bliain, mar a leagtar amach san Acht Staidrimh, 1993. Tar éis sin, tá an Chartlann Náisiúnta freagrach as bail a choinneáil ar na taifid stairiúla seo, agus as iad a fhoilsiú. D’fhoilsigh an Chartlann Náisiúnta foirmeacha dhaonáirimh 1901 agus 1911 cheana féin.  Is gearr go gcuirfear foirmeacha dhaonáireamh 1926 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta freisin.

An Chartlann Náisiúnta leis an Ócáid Stairiúil Seo a Cheiliúradh

Tá an Chartlanna Náisiúnta ag pleanáil clár fairsing imeachtaí poiblí sna seachtainí agus sna míonna tar éis fhoilsiú na bhfoirmeacha i mí Aibreáin, lena n-áirítear réimse leathan imeachtaí cultúrtha, oideachais agus cruthaitheacha. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar a suíomh gréasáin.

Le blianta beaga anuas, tá an Chartlann Náisiúnta ag tabhairt faoin tasc ollmhór foirmeacha Dhaonáireamh 1926 a dhigitiú. Tabharfaidh an foilsiú sin, a bhfuiltear ag súil go mór leis, léargas an-spéisiúil ar an saol in Éirinn in 1926, tar éis Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. Is é seo an chéad deis a bheidh ag go leor teaghlach taifead ar a ngaolta a fheiceáil. Chomh maith le ginealas, úsáidfear na taifid mar áis taighde ar stair shóisialta, eacnamaíocht, sláinte phoiblí, tithíocht, oideachas agus úsáid teanga.

An CSO le Léargas a Fhoilsiú ar an gCaoi ar Athraigh an Saol in Éirinn idir 1926 agus 2022

Chun cur le foilsiú fhoirmeacha dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta, foilseoidh an CSO "An saol in Éirinn in 1926 agus in 2022" sa tseachtain dar tús an 20 Aibreán. Leis an bhfoilseachán CSO sin, tabharfar léargas ar leith ar an gcaoi ar athraigh an saol in Éirinn le beagnach 100 bliain anuas maidir leis an daonra, áiteanna cónaithe, reiligiúin, teangacha agus gairmeacha.

Tuarascálacha Daonáirimh Stairiúla

Más spéis leat teacht ar níos mó tuarascálacha Daonáirimh stairiúla, nó fáil amach conas a tháinig athrú ar an Daonáireamh agus ar Éirinn le himeacht ama, tabhair cuairt ar na naisc seo a leanas:

An Daonáireamh sa Stair

Tuarascálacha Daonáirimh 1821 – 2006

Daonáireamh 2027

Reáchtálfar an chéad daonáireamh eile in Éirinn in Aibreán agus Bealtaine 2027. Seo an chéad daonáireamh ina mbeidh an rogha ann foirm ar líne a úsáid. Tá comórtais earcaíochta do bhaill foirne allamuigh ar siúl i mbliana.