Let us know what's working for you and what can be improved in our quick & easy 5 minute survey: CSO Website Usage Survey
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a reáchtáladh i Saorstát Éireann, ar bunaíodh é in 1922. Taifeadadh daonra de 2,971,992, ar laghdú 5.3% é sin i gcomparáid leis an daonáireamh 32 contae a reáchtáladh in 1911.
Le blianta beaga anuas, tá an Chartlann Náisiúnta ag tabhairt faoin tasc ollmhór na foirmeacha a úsáideadh sa daonáireamh sin a dhigitiú. An 18 Aibreán 2026, cuirfear foirmeacha Dhaonáireamh 1926 ar fáil don phobal. Maireann níos mó 2,000 duine atá os cionn céad bliain d’aois ar taifeadadh iad i nDaonáireamh 1926. Tar éis fhoilsiú na bhfoirmeacha, cuirfidh an Chartlann Náisiúnta clár leathan imeachtaí pobail ar siúl, lena n-áirítear imeachtaí le daoine a taifeadadh i nDaonáireamh 1926.
Agus rud eile de, foilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Éire mar a bhí agus Éire mar atá: An Saol in 1926 agus 2022 an tseachtain dar tús an 20 Aibreán 2026, lena bpléifear a n-insíonn na daonáirimh éagsúla dúinn faoin mbealach ar athraigh Éire le linn na tréimhse sin.
Tá meastacháin á ndéanamh ar dhaonra na hÉireann leis na céadta bliain. Le linn aimsir Sir William Petty, measadh in 1672 go raibh 1,100,000 duine in Éirinn. In 1804, measadh go raibh 5,395,436 ann.
Tar éis iarracht gan rath ar dhaonáireamh a reáchtáil in 1813, reáchtáladh an chéad daonáireamh iomlán in Éirinn in 1821. Reáchtáil áiritheoirí, a raibh leabhair nótaí tugtha dóibh, an daonáireamh trí ainm, aois agus gairm bheatha na ndaoine a thaifeadadh, agus ansin scríobh siad an t-eolas sin arís ar fhoirmeacha priontáilte. Reáchtáladh an chéad daonáireamh eile in 1831 ar an dóigh chéanna.
An ‘Daonáireamh Mór’, mar a thugtar air, a reáchtáladh in 1841, ba é sin an chéad mhórdhaonáireamh nua-aimseartha, inar baineadh úsáid as foirm theaghlaigh. Bhí an daonáireamh sin tábhachtach toisc na n-athruithe móra nua a tugadh isteach maidir leis an dóigh ar reáchtáladh an daonáireamh:
Chomh maith leis sin, is fiú trácht ar an dul chun cinn mór a rinneadh maidir le raon, cur i láthair agus modheolaíocht na dtuairiscí foilsithe a bhain le Daonáireamh 1841, lena n-áirítear ‘Táblaí saoil do na dúichí sibhialta agus tuaithe sa tír’, rud nach bhfacthas riamh roimhe sin. Spéisiúil go leor freisin, cuid den tuairisc, is é sin ‘An Tuairisc ar na Táblaí Báis’ ina raibh 205 thábla agus rangú galar ina raibh téarmaíocht leighis Bhéarla comhionann le téarmaí Éireannacha a bhí sa ghnáthchaint, ba é an máinlia cáiliúil, agus athair Oscar Wilde, mar atá, Sir William Wilde, a chuir an chuid sin le chéile.
Reachtáladh daonáirimh gach 10 mbliana ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 1911. Rud atá spéisiúil, chomh maith lena chleachtas leighis, ba é Sir William Wilde an Coimisinéir Daonáirimh do dhaonáirimh 1851, 1861 agus 1871 agus bhí sé freagrach as roinnt de na himleabhair dhaonáirimh a foilsíodh sna blianta sin, lena n-áirítear tuairiscí 1851 ar ‘Stádas na nGalar’ agus na ‘Táblaí Báis’.
Níor reáchtáladh aon daonáireamh in 1921, mar gheall ar Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad. Is faoi chóras riaracháin na Breataine a reáchtáladh gach daonáireamh in Éirinn go dtí 1911, an daonáireamh sin san áireamh. Bhí reachtaíocht shonrach i gceist le gach daonáireamh. Foráladh daonáireamh a reáchtáil in Éirinn le hAcht Parlaiminte faoi leith a ritheadh sa bhliain roimhe.
Is féidir teacht ar na taifid ón 19ú haois atá fós again, chomh maith leis na tuairisceáin ó Dhaonáirimh 1901 agus 1911, agus iad a chíoradh ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta.
Cuireadh tús le sraith nua daonáireamh in Éirinn in 1926 faoin Acht Staitistíochta, 1926. Le hordú aireachta, sainíodh dáta an daonáirimh agus mionsonraí eile a bhí le bailiú.
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a reáchtáladh tar éis bhunú an Stáit, agus reáchtáladh daonáireamh gach deich mbliana ina dhiaidh sin go dtí 1946.
Ó bhí 1951 ann, tá daonáireamh á reáchtáil gach cúig bliana de ghnáth.
Mar sin féin, chuir an Rialtas an daonáireamh a bhí beartaithe in 1976 ar ceal tamall gearr sula raibh sé le déanamh chun costais a laghdú. Bréagbharainneacht a bhí ann sa deireadh, áfach, mar theastaigh figiúirí daonra a bhí cothrom le dáta, agus mar gheall air sin, reáchtáladh daonáireamh speisialta in 1979 a raibh líon teoranta ceisteanna ann. Reáchtáladh daonáireamh iomlán ansin in 1981. Ina dhiaidh sin, reáchtáladh an daonáireamh gach cúig bliana arís. Mhair an nós sin go dtí 2001, nuair a cuireadh an daonáireamh, a bhí beartaithe do mhí Aibreáin, ar athló go dtí 2002 mar gheall ar an ngalar crúib agus béil. Reáchtáladh an chéad daonáireamh eile in 2006 mar a bhí beartaithe, agus bhí daonáireamh ann gach cúig bliana ina dhiaidh sin go dtí 2016. Cuireadh daonáireamh 2021 ar athló go dtí 2022 mar gheall ar phaindeim COVID-19. Reáchtáladh é Dé Domhnaigh an 3 Aibreán 2022.
Reachtálfar an chéad daonáireamh eile in 2027.
Má tá suim agat tuilleadh a léamh faoi stair an daonáirimh in Éirinn, d’fhéadfá súil a chaitheamh ar alt a scríobh Thomas P. Linehan, arbh é iar-ArdStiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh é, faoi Stair agus Forbairt na nDaonáireamh in Éirinn (alt Béarla), ina ndéantar cur síos ar stair an daonáirimh in Éirinn.
Ar an drochuair, is fíorbheagán tuairisceáin daonáirimh Éireannacha ón naoú haois déag atá ann go fóill. Scriosadh nach mór na tuairisceáin ar fad ó 1821, 1831, 1841 agus 1851 in 1922 nuair a chuaigh an Oifig Taifead Poiblí le thine ag tús Chogadh na gCarad. Rinneadh na tuairisceáin ó 1861 agus 1871 a scriosadh d’aon turas. D’údaraigh an rialtas a bhí ann an uair sin an scriosadh chun rúndacht a chosaint agus chun a chinntiú “nach le fiosracht a mbainfí mí-úsáid as na tuairisceáin”. Rinne an Rialtas cinnte de ar dtús go scriosfaí tuairisceáin tí na ndaonáireamh a reáchtáladh sa Bhreatain. I Sasana agus sa Bhreatain Bheag, áfach, rinneadh na sonraí a thras-scríobh isteach i leabhair na n-áiritheoirí chun iad a chaomhnú don todhchaí sular scriosadh buntuairisceáin tí na dtíortha sin. Ar an drochuair, ní raibh a leithéid de pholasaí in Éirinn. Rinne baill foirne na hOifige Taifead Poiblí stocaireacht chun go gcoimeádfaí na tuairisceáin daonáirimh ó 1881 agus 1891, ach rinneadh laíon de na cáipéisí sin in 1918. B’fhéidir go ndearnadh é sin de dheasca ganntanais pháipéir le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Is féidir na taifid ón naoú haois déag atá againn fós, chomh maith leis na tuairisceáin ó 1901 agus 1911, a chíoradh ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta.
Tá na tuairisceáin ó 1926 go 1946 agus roinnt de na tuairisceáin ó 1951 i seilbh na Cartlainne Náisiúnta ach tá siad faoi smacht na Príomh-Oifige Staidrimh fós. Eiseofar tuairisceáin Dhaonáireamh 1926 in Aibreán 2026, de réir an riail 100 bliain, chun go mbeidh siad ar fáil don phobal. Tá tuairisceáin na ndaonáireamh a reáchtáladh sna blianta ina dhiaidh sin i seilbh na Príomh-Oifige Staidrimh fós.
Ó bunaíodh an Stát, reáchtáladh an daonáireamh in Éirinn de ghnáth ar an Domhnach, am éigin i mí Aibreáin de bhliain dar críoch 6 agus, ó bhí 1951 ann, i mblianta dar críoch 1 agus 6. Tá roinnt eisceachtaí air sin, mar atá, an daonáireamh a reáchtáladh i mí Bealtaine 1946, daonáireamh 1976 a cuireadh ar ceal, agus daonáireamh 2001 agus 2021 a cuireadh ar athló. Is ar na dátaí seo a leanas a reáchtáladh na daonáirimh éagsúla i ndáiríre:
| Bliain | Lá an Daonáirimh |
|---|---|
| 1926 | Dé Domhnaigh, 18 Aibreán 1926 |
| 1936 | Dé Domhnaigh, 26 Aibreán 1936 |
| 1946 | Dé Domhnaigh, 12 Bealtaine 1946 |
| 1951 | Dé Domhnaigh, 8 Aibreán 1951 |
| 1956 | Dé Domhnaigh, 8 Aibreán 1956 |
| 1961 | Dé Domhnaigh, 9 Aibreán 1961 |
| 1966 | Dé Domhnaigh,17 Aibreán 1966 |
| 1971 | Dé Domhnaigh, 18 Aibreán 1971 |
| 1979 | Dé Domhnaigh, 1 Aibreán 1979 |
| 1981 | Dé Domhnaigh, 5 Aibreán 1981 |
| 1986 | Dé Domhnaigh, 13 Aibreán 1986 |
| 1991 | Dé Domhnaigh, 21 Aibreán 1991 |
| 1996 | Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 1996 |
| 2002 | Dé Domhnaigh, 28 Aibreán 2002 |
| 2006 | Dé Domhnaigh, 23 Aibreán 2006 |
| 2011 | Dé Domhnaigh, 10 Aibreán 2011 |
| 2016 | Dé Domhnaigh, 24 Aibreán 2016 |
| 2022 | Dé Domhnaigh, 3 Aibreán 2022 |
| Bliain | Daonra Iomlán | Fireannaigh | Baineannaigh | Líon na mBaineannach de réir 100 Fireannach |
|---|---|---|---|---|
| 1841 | 6,528,799 | 3,222,485 | 3,306,314 | 103 |
| 1851 | 5,111,557 | 2,494,478 | 2,617,079 | 105 |
| 1861 | 4,402,111 | 2,169,042 | 2,233,069 | 103 |
| 1871 | 4,053,187 | 1,992,468 | 2,060,719 | 103 |
| 1881 | 3,870,020 | 1,912,438 | 1,957,582 | 102 |
| 1891 | 3,468,694 | 1,728,601 | 1,740,093 | 101 |
| 1901 | 3,221,823 | 1,610,085 | 1,611,738 | 100 |
| 1911 | 3,139,688 | 1,589,509 | 1,550,179 | 98 |
| 1926 | 2,971,992 | 1,506,889 | 1,465,103 | 97 |
| 1936 | 2,968,420 | 1,520,454 | 1,447,966 | 95 |
| 1946 | 2,955,107 | 1,494,877 | 1,460,230 | 98 |
| 1951 | 2,960,593 | 1,506,597 | 1,453,996 | 97 |
| 1956 | 2,898,264 | 1,462,928 | 1,435,336 | 98 |
| 1961 | 2,818,341 | 1,416,549 | 1,401,792 | 99 |
| 1966 | 2,884,002 | 1,449,032 | 1,434,970 | 99 |
| 1971 | 2,978,248 | 1,495,760 | 1,482,488 | 99 |
| 1979 | 3,368,217 | 1,693,272 | 1,674,945 | 99 |
| 1981 | 3,443,405 | 1,729,354 | 1,714,051 | 99 |
| 1986 | 3,540,643 | 1,769,690 | 1,770,953 | 100 |
| 1991 | 3,525,719 | 1,753,418 | 1,772,301 | 101 |
| 1996 | 3,626,087 | 1,800,232 | 1,825,855 | 101 |
| 2002 | 3,917,203 | 1,946,164 | 1,971,039 | 101 |
| 2006 | 4,239,848 | 2,121,171 | 2,118,677 | 100 |
| 2011 | 4,588,252 | 2,272,699 | 2,315,553 | 102 |
| 2016 | 4,761,865 | 2,354,428 | 2,407,437 | 102 |
| 2022 | 5,149,139 | 2,544,549 | 2,604,590 | 102 |
| Bliain | Daonra Iomlán | Cúige Laighean | Cúige Mumhan | Cúige Chonnacht | Cúige Uladh (Cuid de) |
|---|---|---|---|---|---|
| 1841 | 6,528.8 | 1,973.7 | 2,396.2 | 1,418.9 | 740.0 |
| 1851 | 5,111.6 | 1,672.7 | 1,857.7 | 1,010.0 | 571.1 |
| 1861 | 4,402.1 | 1,457.6 | 1,513.6 | 913.1 | 517.8 |
| 1871 | 4,053.2 | 1,339.5 | 1,393.5 | 846.2 | 474.0 |
| 1881 | 3,870.0 | 1,279.0 | 1,331.1 | 821.7 | 438.3 |
| 1891 | 3,468.7 | 1,187.8 | 1,172.4 | 724.8 | 383.8 |
| 1901 | 3,221.8 | 1,152.8 | 1,076.2 | 646.9 | 345.9 |
| 1911 | 3,139.7 | 1,162.0 | 1,035.5 | 611.0 | 331.2 |
| 1926 | 2,972.0 | 1,149.1 | 969.9 | 552.9 | 300.1 |
| 1936 | 2,968.4 | 1,220.4 | 942.3 | 525.5 | 280.3 |
| 1946 | 2,955.1 | 1,281.1 | 917.3 | 492.8 | 263.9 |
| 1951 | 2,960.6 | 1,336.6 | 898.9 | 471.9 | 253.3 |
| 1956 | 2,893.3 | 1,338.9 | 877.2 | 446.2 | 235.9 |
| 1961 | 2,818.3 | 1,332.1 | 849.2 | 419.5 | 217.5 |
| 1966 | 2,884.0 | 1,414.4 | 859.3 | 402.2 | 208.3 |
| 1971 | 2,978.2 | 1,498.1 | 882.0 | 390.9 | 207.2 |
| 1979 | 3,368.2 | 1,743.9 | 979.8 | 418.5 | 226.0 |
| 1981 | 3,443.3 | 1,790.5 | 998.3 | 424.4 | 230.2 |
| 1986 | 3,540.6 | 1,852.6 | 1,020.6 | 431.4 | 236.0 |
| 1991 | 3,525.7 | 1,860.9 | 1,009.5 | 423.0 | 232.2 |
| 1996 | 3,626.1 | 1,924.7 | 1,033.9 | 433.2 | 234.3 |
| 2002 | 3,917.2 | 2,105.6 | 1,100.6 | 464.3 | 246.7 |
| 2006 | 4,239.8 | 2,295.1 | 1,173.3 | 504.1 | 267.3 |
| 2011 | 4,588.2 | 2,504.8 | 1,246.1 | 542.5 | 294.8 |
| 2016 | 4,761.8 | 2,634.4 | 1,280.0 | 550.6 | 296.7 |
| 2022 | 5,149.1 | 2,870.3 | 1,373.3 | 591.3 | 314.0 |
Tá daonáirimh á reáchtáil leis na mílte bliain ar fud an domhain. Reáchtáil na Bablónaigh an chéad daonáireamh, chomh fada lenár n-eolas, beagnach 6000 bliain ó shin in 3800 RCh. Tá taifid ann a thugann le fios gur reáchtáladh an daonáireamh sin gach 6 nó 7 mbliana agus go ndearnadh líon na ndaoine agus na mbeostoc a chomhaireamh, chomh maith le cainníochtaí ime, meala, bainne, olla agus glasraí.
Ó Ríshliocht Han sa tSín a thagann an daonáireamh is sine ar domhan dá bhfuil againn fós. Tógadh an daonáireamh sin sa bhliain 2 AD agus ceaptar go bhfuil sé cruinn go maith. Taifeadadh 59.6 milliún duine ann, arbh é an daonra ba mhó ar domhan san am sin.
Ba bhunchloch den chóras riaracháin Rómhánach é an daonáireamh. Réachtáladh daonáireamh gach cúig bliana, agus mar thoradh air sin, bhíothas ábalta clár na saoránach agus a gcuid maoine a chur le chéile. Is as an tSean-Róimh, ón bhfocal Laidine ‘censere’ a chiallaíonn ‘meastachán’, a thagann an focal Béarla ‘census’.
Tá roinnt scéalta sa Bhíobla freisin a bhaineann le daonáirimh – tagann an t-ainm ‘Leabhar na nUimhreacha’ ón gcomhaireamh a rinneadh ar an daonra Iosraeilíteach le linn an Teite ón Éigipt. Chomh maith leis sin, tá tagairtí ann don daonáireamh a rinne Rí Dáiví agus don chomhaireamh a d’ordaigh Rí Solamh a dhéanamh ar gach eachtrannach in Iosrael. Is cinnte gurb é an tagairt is cáiliúla do dhaonáireamh sa Bhíobla ná an daonáireamh Rómhánach nuair a rugadh Íosa i mBeithil. Thaistil Muire agus Iósaf go Beithil chun go n-aireofaí iad sa daonáireamh sin.
Is é Leabhar Domesday, a reáchtáil Uilliam Concaire in 1086, an daonáireamh stairiúil is cáiliúla san Eoraip.
Sa chúigiú haois déag, bhí dóigh ar leith ag Impireacht na nInceach le heolas daonáirimh a thaifeadadh mar gheall nach raibh aon teanga scríofa acu. Rinneadh eolas daonáirimh a thaifeadadh ar quipu, ar sreanga iad a rinneadh as gruaig láma nó alpaca nó as cordaí cadáis ina raibh snaidhmeanna a léirigh luachanna uimhriúla de réir an chórais dheachúlaigh.