Tá an comórtas earcaíochta i gcomhair Maoirseoirí Allamuigh Daonáirimh ar oscailt anois. Beidh 466 post mar Mhaoirseoir Allamuigh ar fáil ar fud na tíre.
Sannfar ceann do na 466 limistéar allamuigh daonáirimh sa tír do na Maoirseoirí Allamuigh Daonáirimh, agus beidh siad freagrach as an daonáireamh a reáchtáil go rathúil sna limistéir seo. Cianobair agus obair allamuigh faoi stiúir Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh atá i gceist leis an bpost seo. Beidh siad freagrach as earcaíocht, oiliúint agus maoirseacht a dhéanamh ar fhoireann do 4-12 Oifigigh Thacaíochta Allamuigh. Oibreoidh iarrthóirí rathúla go lánaimseartha ar chonradh cúig mhí ó Eanáir go Meitheamh 2027.
Táthar ag glacadh le hiarratais do na poist seo anois agus dúnfar an comórtas ar an 22ú Meán Fómhair ag 2PM.
Tá níos mó eolas ar fáil faoi na comórtais atá le teacht ar census.ie
Osclófar an earcaíocht dheireanach le haghaidh níos mó ná 3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh (áiritheoirí roimhe seo) ar 23 Samhain. Beidh poist ar fáil i gceantair áitiúla ar fud na tíre. Obair shealadach ar chonradh ocht seachtaine a bheidh ann ón 05 Aibreán go dtí 28 Bealtaine 2027. Glacfar le hiarratais ar census.ie.
Tá foireann allamuigh an daonáirimh eagraithe i gcruth pirimid. Tá foireann do 7-8 Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh faoi stiúir na sé Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh. Le sin, tá na Maoirseoirí Réigiúnacha i gceannas ar 9-10 Maoirseoir Allamuigh, agus beidh foireann do 4-12 Oifigeach Thacaíochta Daonáirimh ag gach Maoirseoir Allamuigh.
Tá na comórtais earcaíochta le haghaidh na hOifigigh idirchaidreamh Daonáirimh agus na Maoirseoirí Réigiúnacha críochnaithe anois. Seo a leanas na comórtais earcaíochta i 2026.
Má tá aon cheist agat faoin earcaíocht don daonáireamh, déan teagmháil linn ag census2027recruitment@cso.ie.