Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) fáilte roimh aighneachtaí ar ábhar na foirme do Dhaonáireamh 2027 idir an 30 Samhain 2022 agus an 20 Eanáir 2023. Fuarthas níos mó ná 400 aighneacht. Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil le gach duine a chuir aighneacht isteach.
Thionóil an Phríomh-Oifig Staidrimh Grúpa Comhairleach Daonáirimh (GCD) chun na haighneachtaí a phlé. Bhí ionadaithe ó ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí, comhpháirtithe sóisialta, institiúidí taighde agus pearsanra ón bPríomh-Oifig Staidrimh ar an ngrúpa sin. Bhí sé de shainchúram ag an ngrúpa sin cuidiú leis an bPríomh-Oifig Staidrimh ceistneoir Dhaonáireamh 2027 a chur le chéile.
Chas an grúpa seo le chéile i Meitheamh 2023, agus tar éis an gcrinniú sin, bunaíodh roinnt foghrúpaí chun aighneachtaí a mheas go mion. Rinne na foghrúpaí roinnt moltaí a bhí curtha i láthair ag an dara cruinniú den GCD i mí Feabhra 2024. Ag an gcruinniú seo chinn an GCD ar na ceisteanna a bhí le tástáil sa Daonáirimh Píolótach i Meán Fómhair 2024.
Chuir an POS a anailís do thorthaí an Daonáireamh Píolótach i láthair don ghrúpa i Meitheamh 2025. Plé an grúpa an tuarascáil agus d’aontaigh siad ceisteanna Daonáireamh 2027. Bhí dáta agus ceisteanna an daonáireamh ceadaithe ag an rialtas i Samhain 2025.
Glac an Grúpa Comhairleach Daonáirimh na nithe seo a leanas san áireamh nuair a chinn siad cé na ceisteanna a bhí le tástáil sa suirbhé Píolótach:
Tá tuarascáil an POS ar Shuirbhé Píolótach Daonáirimh 2024 ar fáil.
Census Pilot Survey Report 2024 [EN]
cóip d’fhoirm dhaonáireamh 2022 (PDF 4,555KB)
Foirm Suirbhé Píolótach Daonairimh 2024