Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Céard é an Daonáireamh?

Is cuntas é an Daonáireamh ar gach duine atá ina gcónaí in Éirinn de ghnáth. Úsáidtear torthaí daonáirimh i bpleanáil cúraim sláinte, oideachais, iompair agus seirbhísí tithíochta ag leibhéal pobail, contae agus náisiúnta. 

Cén uair a bheidh an chéad daonáireamh eile ar siúl?

Beidh an chéad daonáireamh eile ar siúl in Éirinn i mí Aibreáin/Bealtaine 2027. Is é seo an chéad daonáireamh in Éirinn ina mbeidh an rogha ag an bpobal foirm an daonáirimh a líonadh isteach ar líne. Beidh foirm pháipéir daonáirimh ar fáil freisin.

Athróidh an daonáireamh ó dhaonáireamh ‘de facto’, a chiallaíonn gach duine a chomhaireamh san áit atá siad ag fanacht ar oíche faoi leith, go dtí an gnáthdhaonra cónaithe a chomhaireamh.  Ciallaíonn sé seo nach mbeidh oíche dhaonáirimh amháin ann a thuilleadh ina líonann gach duine foirm nó ina n-áirítear iad san áit atá siad ag fanacht an oíche sin.  Ina ionad sin, comhlánóidh daoine a chónaíonn in Éirinn de ghnáth (a “ngnátháit chónaithe”) an daonáireamh le linn na gcúig seachtaine roimh dháta an daonáirimh.

Cén sainmhíniú atá ar ‘gnáthchónaitheoir’?

Ciallaíonn “gnátháit chónaithe” an áit ina mbíonn cónaí ar dhuine de ghnáth agus ina gcaitheann siad an chuid is mó dá gcuid ama.

Is gnách gurb é an áit a gcodlaíonn siad an chuid is mó de na hoícheanta a bhíonn i gceist. Cabhraíonn an sainmhíniú seo léiriú níos cruinne a fháil ar an dáileadh daonra ar fud na tíre.

Cén chaoi a n-oibreoidh Daonáireamh 2027?

Beidh foirm ar líne an daonáirimh ar fáil le líonadh isteach ar láithreán gréasán tiomnaithe an daonáirimh.  Beidh foirmeacha páipéir ar fáil ach iad a iarraidh trí ionad glaonna/fhoirm ar líne an Daonáirimh. 

Rachaidh foireann Tacaíochta Allamuigh an Daonáirimh chuig tithe ar fud na tíre chun cabhair agus cúnamh a thabhairt.  Beidh tréimhse ama níos faide ag daoine, cúig sheachtain roimh dháta an daonáirimh, chun foirm an daonáirimh a líonadh isteach agus a chur ar aghaidh/a thabhairt ar ais.  Ba cheart an fhoirm a líonadh isteach roimh an dáta seo, a chinnfidh an Rialtas níos déanaí i mbliana.

Tá sé seo difriúil ón gcaoi ar fheidhmigh daonáirimh in Éirinn san am a chuaigh thart nuair a chomhairtí daoine Oíche an Daonáirimh san áit ina raibh siad an oíche sin.  I nDaonáireamh 2027, líonfaidh an pobal isteach a gcuid foirmeacha bunaithe ar a ngnátháit chónaithe.  Ceadaítear solúbthacht leis seo chun na foirmeacha a líonadh isteach ag am ar bith sna cúig seachtaine roimh dháta an daonáirimh más ‘gnáthchónaitheoir’ tú sa tír.

Cén chaoi a mbeidh a bhfios ag an bpobal faoin daonáireamh?

Seolfar litir faisnéise chuig gach teach (táthar ag súil go dtarlóidh sé i mí an Mhárta/Aibreáin 2027) ina dtabharfar eolas maidir leis an daonáireamh a líonadh isteach.  Beidh feachtas poiblíochta ar bun ar fud na tíre ag an am céanna. Cé nach dtiocfaidh oifigigh tacaíochta allamuigh an daonáirimh (ar a dtugtaí áiritheoirí roimhe seo) a thuilleadh chun foirmeacha daonáirimh a sheachadadh agus a bhailiú, tiocfaidh siad chun cabhair a thairiscint.  Is féidir leo foirm pháipéir a iarraidh freisin ar leac an dorais thar ceann an tsealbhóra tí, más mian leis an sealbhóir tí an leagan páipéir a líonadh isteach. Cuirfear an fhoirm agus clúdach litreach a bhfuil an costas poist íoctha air chuig an sealbhóir tí sa phost.  Ba cheart don sealbhóir tí an fhoirm atá líonta isteach a chur ar ais chuig Ceanncheathrú an Daonáirimh ar an bpost.  Beidh ionad glaonna ar fáil freisin chun déileáil le haon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal.

An bhfuil ceisteanna nua sa daonáireamh agus, má tá, cén chaoi ar roghnaíodh iad?

Beidh ceisteanna nua i nDaonáireamh 2027, chomh maith le hathruithe ar roinnt ceisteanna a bhí ann roimhe seo.  Tá ábhar na foirme daonáirimh, ceisteanna agus athruithe nua ina measc, á thabhairt chun críche faoi láthair. I measc na nithe a bhí i gceist leis an bpróiseas sin bhí comhairliúchán poiblí, comhaontú ón nGrúpa Comhairleach Daonáirimh (CAG), a tionóladh go speisialta, maidir le hábhar nua a chur isteach bunaithe ar na haighneachtaí, ceisteanna nua/athraithe a thástáil sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh i mí Mheán Fómhair 2024, agus anailís ina dhiaidh sin ar fhreagraí an tSuirbhé Phíolótaigh.  Cuirfear an t-ábhar comhaontaithe deiridh faoi bhráid an Rialtais lena cheadú idir lár agus deireadh 2025.

An mbeidh Foireann Allamuigh an Daonáirimh fós le hearcú? Má tá, cén uair?

Maidir le Daonáireamh 2027, earcóidh muid fórsa allamuigh sealadach ar a mbeidh níos mó ná 4,000 duine ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun cabhrú linn an daonáireamh a dhéanamh. Cuirfear tús leis an earcaíocht i mí Aibreáin 2026 agus beidh trí chomórtas ar leith á reáchtáil i rith na bliana sin. I mí Aibreáin, earcóidh muid seisear Oifigeach Idirghabhála Daonáirimh agus 46 Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh. I mí Mheán Fómhair 2026 earcóidh muid 466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh. Ó mhí na Samhna go mí na Nollag 2026, earcóidh muid 3,880 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na poist éagsúla agus cur isteach orthu ar láithreán gréasáin tiomnaithe an daonáirimh agus ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh an bhliain seo chugainn.

Cé atá i mbun an Daonáirimh?

Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a thugann faoin Daoináireamh in Éirinn.

An bhfuil an Daonáireamh éigeantach?

Tá. Ní mór gach duine a mbíonn cónaí orthu in Éirinn de ghnáth a bheith san áireamh. Is é seo an dlí [An tAcht Staidrimh, 1993, An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh)]. Úsáidtear na staitisticí agus an fhaisnéis daonáirimh a thagann as sin chun seirbhísí poiblí a phleanáil agus a chur ar fáil i bpobail, i mbailte, i sráidbhailte agus i gcontaetha ar fud na tíre. Tá na torthaí ar fáil saor in aisce do chách.