Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Census Pilot Survey logo

Tá Suirbhé Píolótach Daonáirimh 2024 críochnaithe anois.

Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh a buíochas a chur in iúl do gach duine a bhí rannpháirteach agus a thug aiseolas. Is athrú nua stairiúil é seo don daonáireamh in Éirinn agus bhí freagra iontach againn ón bpobal. Gabhaimid buíochas leis an bpobal as cabhrú linn tríd an bhfoirm ar líne nó ar pháipéar a chomhlánú agus aiseolas luachmhar ionraic a thabhairt. Bainfimid úsáid as an méid atá foghlamtha againn chun rannpháirtíocht i nDaonáireamh 2027 a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do chách.

Reáchtáladh Suirbhé Píolótach an Daonáirimh idir an 2 Meán Fómhair agus an 25 Deireadh Fómhair 2024. Ba é cuspóir an tSuirbhé ceisteanna nua agus athruithe don chéad daonáireamh eile a thástáil. Is cuid ríthábhachtach é seo dár n-ullmhúcháin don chéad daonáireamh náisiúnta riamh ina mbeidh an rogha ag an bpobal a bhfoirm dhaonáirimh a líonadh isteach ar líne.

Bhí rannpháirtíocht sa Suirbhé deonach agus rinneadh é ar 20,000 teach ar fud sé chontae. Bhí foireann allamuigh an daonáirimh ag obair i 44 láthair laistigh de na contaetha seo agus iad ag cur tacaíocht agus cúnamh ar fáil do lucht an tsuirbhé. Is iad contaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Lú, na Mí agus Uíbh Fhailí na contaetha a bhí i gceist. Bhí duine ar bith lasmuigh de na ceantair sin a bhí ag iarraidh an Suirbhé a dhéanamh ábalta a bheith páirteach freisin. Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil freisin le foireann allamuigh an daonáirimh as a gcuid oibre crua, a ndíograis agus a dtiomantas dá róil.

Anois agus céim bhailiúcháin an tSuirbhé Phíolótaigh Daonáirimh curtha i gcrích, déanfaidh foireann an daonáirimh athbhreithniú ar an bhfaisnéis a bhailítear. A luaithe a bheidh ábhar deiridh aontaithe agus faofa ag an nGrúpa Comhairleach Daonáirimh, cuirfear ceisteanna an daonáirimh chuig an Rialtas lena gceadú. Beidh sé seo ar siúl in 2025 agus foilseofar tuarascáil iomlán ar an Suirbhé Píolótach ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh ag an tráth sin.

Déanfar an fhoireann allamuigh do Dhaonáireamh 2027 a earcú le linn na bliana 2026 i dtrí chomórtas ar leith le haghaidh réimse ról sealadach ar conradh. Foilseofar sonraí faoi sin ar shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.

Bhí an Suirbhé Píolótach Daonáirimh páirtmhaoinithe ag an bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRP).

Má tá foirm pháipéir atá líonta isteach agat ach nach bhfuil sí curtha ar ais fós agat, seol ar ais chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh í sa chlúdach a cuireadh ar fáil a bhfuil an postas íoctha air.

Má tá aon cheisteanna agat faoin daonáireamh is féidir leat glaoch orainn ar an uimhir 1800 236 787 nó ríomhphost a sheoladh chugainn ar census@cso.ie