Cuideodh aiseolas uaitse linne lenár gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr don phobal. Inis dúinn faoi na nithe atá tábhachtach duitse inár Suirbhé maidir le Sástacht Custaiméirí ar líne [suirbhé i mBéarla].
Tá ár staitisticí maidir le hÉirinn neamhspleách agus iontaofa, toisc gur sibhse a insíonn dúinn iad.
Leis an eolas a thugann tú dúinn, is féidir linn léargas beacht a sholáthar maidir le saol na hÉireann, cuir i gcás sláinte agus folláine a muintire, nó staid a geilleagair.
Suirbhé saorálach atá sa Suirbhé Náisiúnta Taistil (SNT) a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faoi Chuid 24 den Acht Staidrimh, 1993. Is í an phríomhaidhm leis an SNT ná eolas a bhailiú ar nósanna taistil laethúla na bhfreagróirí thar tréimhse 24 uair ag leibhéil réigiúnacha agus náisiúnta araon.
Iarrfar ceisteanna ar fhreagróirí maidir le na dturas a ghlac siad, na modhanna iompair a d'úsáid siad agus an fhad a thaisteal siad i dtréimhse 24 uair.
Úsáideann idir daoine aonair, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus an rialtas náisiúnta na staitisticí seo chun pleanáil dár dtodhchaí comónta.
Braithimid ar an eolas a thugann tú dúinn, mar sin má iarrtar ort a bheith páirteach san SNT, déan amhlaidh le do thoil.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.