Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Grúpa randamach daoine éagsúla
CSO Surveys logo

Tá ár staitisticí faoi Éirinn neamhspleách agus iontaofa, de bhrí gur tusa a thug dúinn iad.

Mar thoradh ar an eolas a thugann tú dúinn is féidir linn íomhá an-chruinn d'Éirinn, dár saol, dár ngeilleagar, dár sláinte agus dár sonas a chur le chéile.

Maidir leis an Suirbhé ar Cheangail Shóisialta

Is suirbhé píolótach é an Suirbhé ar Cheangail Shóisialta a bhailíonn faisnéis faoi cheangal sóisialta, dlúthpháirtíocht agus muinín i measc daoine aonair nó grúpaí daoine, agus an tsochaí i gcoitinne. Cuirtear ceisteanna san áireamh maidir le luachanna, caidreamh idir grúpaí, cothroime, idirdhealú agus casaoidí.

Déantar an suirbhé mar chuid de thascfhórsa CEE-NA maidir le tomhas a dhéanamh ar chaidrimh idir grúpaí.

Cén fáth go bhfuil tábhacht leis an Suirbhé ar Cheangail Shóisialta?

Is é cuspóir an tSuirbhé ar Cheangail Shóisialta ceisteanna a thástáil a d'fhéadfadh sonraí bunaithe ar fhianaise a sholáthar ar neart na caidreamh pearsanta agus sóisialta idir grúpaí daoine éagsúla in Éirinn.

Úsáidfidh daoine, acadóirí, údaráis áitiúla agus an rialtas náisiúnta na staitisticí a ghintear ó athráite amach anseo den suirbhé chun cinntí beartais a dhéanamh agus chun pleanáil a dhéanamh dár dtodhchaí.

Conas is féidir liom a bheith páirteach?

Tá painéal de shaoránaigh a roghnaíodh go randamach curtha ar bun ag an bPríomh-Oifig Staidrimh chun páirt a ghlacadh i sraith suirbhéanna gearra. Má roghnaíodh don phainéal seo thú, rachfar i dteagmháil leat ar an ríomhphost chun an suirbhé seo a líonadh isteach.

Má dhéantar teagmháil leat ar an ríomhphost, cuirfear eolas faoin gcaoi le páirt a ghlacadh sa Suirbhé ar Cheangail Shóisialta san áireamh sa ríomhphost. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir agus é a chomhlánú trí úsáid a bhaint as aitheantóir na Príomh-Oifige Staidrimh agus as an UAP a chuirtear ar fáil sa ríomhphost agus tríd an nasc a chuirtear ar fáil a leanúint, nó cliceáil ar an nasc anseo: https://launch.survey.cso.ie/

Má iarrtar ort páirt a ghlacadh, déan amhlaidh toisc go bhfuil tábhacht le do ghuth.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil mo chuid faisnéise sábháilte?

Tá cosaint do phríobháideachta i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ráthaítear do chuid rúndachta de réir an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Tá an fhaisnéis a sholáthraíonn tú ginearálaithe, mar sin níl aon duine inaitheanta ó na sonraí a sholáthraíonn tú agus ní úsáidtear í ach chun críocha staidrimh. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat as do mhuinín ionainn.

Tá leathanach Iontaoibh & Trédhearcacht forbartha againn, mar go bhfuil rúndacht an-tábhachtach dár gcuid oibre.

Sonraí teagmhála

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le do thoil:

Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie

Teileafón: 021 453 5110

Iontaoibh agus Trédhearcacht.

 

 

Foghlaim tuilleadh faoi pháirt a ghlacadh

Is féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.