Tá a fhios againn cé mhéad duine atá i mbaol bochtaineachta inár náisiún, mar a dúirt tú linn.
Tugann an t-eolas a thugann tú dúinn léargas an-chruinn dúinn ar a bhfuil i gceist le bheith ag maireachtáil in Éirinn, sa lá atá inniu ann—ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte, ár n-oideachas, ár sonas agus ár bhfolláine.
Is suirbhé náisiúnta bliantúil é Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) atá á dhéanamh ó bhí 2004 ann mar chuid de chlár staidrimh ar fud an Aontais Eorpaigh. Cuirtear sonraí oifigiúla na hÉireann ar fáil leis maidir le hioncam líonta tí agus daoine aonair, mar aon le faisnéis mhionsonraithe ar dhálaí maireachtála do dhaoine fásta agus do leanaí araon ar fud cineálacha éagsúla líonta tí.
Le SILC táirgtear príomhtháscairí bochtaineachta an Stáit lena n-áirítear "ráta riosca na bochtaineachta", "an ráta bochtaineachta seasta" agus "rátaí na díothachta éigeantaí". Trí fhaisnéis ar ioncam, ar dhálaí maireachtála agus ar chomhdhéanamh líonta tí a chur le chéile, léirítear le SILC an chaoi a dtéann brú eacnamaíoch i bhfeidhm ar ghrúpaí éagsúla agus cé na líonta tí is mó atá faoi bhrú. Nuair a thógtar na táscairí sin le chéile, cuidíonn sé sin linn na grúpaí is mó atá faoi bhrú airgeadais a shainaithint agus bunús seasta a chur ar fáil chun treochtaí thar am a chur i gcomparáid lena gcéile, agus an chaoi a n-athraíonn na patrúin sin ó bhliain go bliain a léiriú.
Is ó na freagraí arna gcur ar fáil ó líonta tí agus ó dhaoine aonair cosúil leatsa ar fud na tíre a thagann cruinneas SILC, agus tá an fhaisnéis curtha ar fáil i do fhreagraí ríthábhachtach agus cinntí á múnlú ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach i réimsí amhail ionchuimsiú sóisialta, oideachas, sláinte agus fostaíocht.
Úsáideann ranna rialtais, údaráis áitiúla agus institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh aschur ón SILC chun tionchair na mbeartas reatha a mheas agus chun idirghabhálacha spriocdhírithe a dhearadh i réimsí rí-thábhachtacha. Is féidir monatóireacht a dhéanamh freisin le himeacht aimsire ar an dul chun cinn maidir leis an mbochtaineacht a laghdú ag eagraíochtaí neamhspleácha taighde, amhail an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Ceartas Sóisialta Éireann a úsáideann torthaí SILC chun anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus moltaí bunaithe ar fhianaise a dhéanamh i dtaca le feabhsú beartais.
Gach bliain foilsítear na torthaí go poiblí, lena dtugtar léargas cothrom le dáta faoin gcaoi atá ag éirí le daoine, idir óg agus aosta, agus i ngach cineál líon tí in Éirinn. Foilseofar ráiteas nua ag deireadh na bliana.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.