Ar ais go barr

Mar atá ag éirí leis an bPríomh-Oifig Staidrimh

Cuideodh aiseolas uaitse linne lenár gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a dhéanamh níos fearr don phobal. Inis dúinn faoi na nithe atá tábhachtach duitse inár Suirbhé maidir le Sástacht Custaiméirí ar líne [suirbhé i mBéarla].

 Téigh ar aghaidh

A CSO Household Surveys Interviewer talking to a person
CSO Surveys logo

Ciallaíonn an t-eolas a thugann tú dúinn gur féidir linn léargas an-chruinn a fháil ar Éirinn, ár saol, ár ngeilleagar, ár sláinte agus ár sonas. Cabhraíonn sé sin plean a dhéanamh do thodhchaí gach uile dhuine in Éirinn.

Má iarrtar ort páirt a ghlacadh i suirbhéanna ar líonta tí na Príomh-Oifige Staidrimh déan amhlaidh toisc go bhfuil tábhacht le do ghuth.

Buail lenár bhfórsa allamuigh ar fud na hÉireann

 A group of Household Interviewers walking in a line

Tá thart ar 130 agallóir suirbhé buan ar fhoireann na Príomh-Oifige Staidrimh atá ag obair ar fud na tíre ag bailiú sonraí gach seachtain do shuirbhéanna ar líonta tí amhail an Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS), an Suirbhé ar Bhuiséad Líonta Tí (SBLT), agus an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC).

Chomh maith leis na hagallóirí sin, tá foireann 75 agallóir suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ag bailiú sonraí don Suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) atá ag dul chuig líonta tí roghnaithe a bhfuil leanbh naoi mí d’aois acu.

Déanann agallóirí na Príomh-Oifige Staidrimh suirbhé ar thart ar 3,400 líon tí gach seachtain, agus cuireann do chabhair ar chumas na Príomh-Oifige Staidrimh forbairt na tíre a thomhais maidir le saincheisteanna sóisialta agus eacnamaíochta tábhachtacha amhail fostaíocht, bochtaineacht, cúram leanaí, sláinte agus coireacht.

 

Comhordaitheoirí Ginearálta na Príomh-Oifige Staidrimh agus na ceantair ina bhfuil a bhfoireann ag obair

 

Comhordaitheoirí Shuirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) na Príomh-Oifige Staidrimh agus na ceantair ina bhfuil a bhfoireann ag obair


Ról Agallóirí Suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh

Tá ról tairbheach, sóisialta agus solúbtha ag agallóirí suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh. Is é agallóir suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh an príomhphointe teagmhála le haghaidh roinnt líonta tí atá ag glacadh páirt i suirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh. Míníonn sé cuspóir agus tábhacht na sonraí a bhailítear agus an chaoi a mbainfear úsáid astu ar fud gach ceantar agus dúiche sa tsochaí.

Is cuid luachmhar d’fhoireann Shuirbhéanna ar Líonta Tí na Príomh-Oifige Staidrimh iad na hagallóirí suirbhé, agus tá ról mór acu faisnéis ríthábhachtach a thaifeadadh faoi chás eacnamaíocha agus sóisialta na ndaoine in Éirinn. Tugann an Phríomh-Oifig Staidrimh léargas atá fíor agus cruinn ar an saol in Éirinn le cabhair ó Agallóirí Suirbhé. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ról Agallórí Suirbhé na Príomh-Oifige Staidrimh san fhíseán seo.

Má tá suim agat a bheith i d’Agallóir Suirbhé leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, téigh chuig an leathanach Gairmeacha.


Cén chaoi a mbeidh a fhios agam gur ón bPríomh-Oifig Staidrimh an t-agallóir allamuigh?

Tá sé sin éasca: Tá cárta aitheantais Príomh-Oifige Staidrimh ag gach ball foirne allamuigh de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh atá ag obair ar shuirbhéanna líonta tí ar a bhfuil a n-ainm agus a bpictiúr air.
Léigh tuilleadh ar An Chaoi le Suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh a Dheimhniú.

 

 

Is féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh

Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.