Bailíonn Suirbhéanna CSO faisnéis ríthábhachtach faoi ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann. Tá do chuid sonraí tábhachtach agus tá tábhacht le do ghuth.
Má iarrtar ort é, le do thoil glac páirt i suirbhé líon tí CSO agus cuidigh le pleanáil na todhchaí do gach duine in Éirinn.
Ar an leathanach seo gheobhaidh tú freagraí ar cheisteanna coitianta ar na téamaí seo a leanas:
Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) institiúid staidrimh náisiúnta na hÉireann, rud a chiallaíonn go mbíonn muinín ag daoine ionainn as staitisticí faoi shochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú. Tá cuntas teiste cruthaithe againn maidir le sonraí a láimhseáil le meas agus rúndacht agus táimid freagrach de réir an dlí chun do chuid sonraí a chosaint.
Glacann na mílte teaghlach agus fiontar páirt inár suirbhéanna a bhíonn ar siúl i rith na bliana ar ábhair cosúil le sláinte, fostaíocht, folláine agus airgeadas teaghlaigh, ionas gur féidir linn go léir maireachtáil i sochaí eolasach.
Tá do chuid sonraí tábhachtach agus tá tábhacht le do ghuth. Is mian linn sonraí ardchaighdeáin faoin saol in Éirinn a fhoilsiú agus sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach go nglacfaidh tú páirt ionas go mbeidh na tuarascálacha staitistiúla a fhoilsímid cruinn agus go mbeidh siad ina léiriú ar shaol na ndaoine atá ina gcónaí in Éirinn.
Bailítear eolas difriúil faoi ghnéithe de shaol na hÉireann i ngach suirbhé agus is iomaí cineál suirbhé a d’fhéadfadh a bheith á reáchtáil ag aon am amháin.
Cuid thábhachtach de chónaí i sochaí eolasach is ea staitisticí cruinne infhíoraithe a chur ar fáil saor in aisce do gach duine ar ár suíomh gréasáin. Is féidir leis na fíricí a fhoilsímid cinnteoirí a thabhairt chun cuntais.
Tá tábhacht le do ghuth agus tá sé thar a bheith tábhachtach go nglacfadh tú páirt sa suirbhé a bhfuil cuireadh faighte agat a bheith páirteach ann ionas gur féidir linn staitisticí faoin saol in Éirinn a fhoilsiú go cruinn.
Más tú an duine nó an teaghlach a roghnaíodh go randamach, beidh tú ag déanamh ionadaíochta ar dhaoine eile nár roghnaíodh.
Roghnaítear daoine go randamach chun páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh chun a chinntiú go bhfuil torthaí an tsuirbhé ionadaíoch go náisiúnta agus go léirítear an saol ina mairimid. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le méid áirithe fir agus mná chun páirt a ghlacadh, daoine d’aoiseanna éagsúla, agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus uirbeacha, i measc daoine eile.
Cuir do ghuth in iúl. Déantar cuid de scéal na hÉireann de do scéalsa trínár suirbhé a líonadh isteach.
Bunaíodh an Phríomh-Oifig Staidrimh chun fíricí neamhspleácha, cruinne agus infhíoraithe a chur ar fáil faoinár sochaí agus faoinár ngeilleagar. Táimid neamhspleách, rud a chiallaíonn gur féidir linn anailís staitistiúil a fhoilsiú beag beann ar an méid a deir na sonraí, agus tá sé faoi chosaint an dlí, mar atá do rúndacht sonraí.
Ní bhaineann na sonraí a theastaíonn chun tuarascálacha staitistiúla a chur i dtoll a chéile faoinár dtír leatsa riamh mar dhuine aonair, is léargas iad ar shochaí na tíre. Ciallaíonn sé sin nach féidir aon duine, aon líon tí ná aon fhiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsítear. Is féidir níos mó a fháil amach faoin údar ar féidir leat muinín a bheith agat as an bPríomh-Oifig Staidrimh ar an gcuid Iontaoibh agus Trédhearcacht ar laithreán gréasáin na hOifige.
Roghnaíodh d’ainm go randamach chun páirt a ghlacadh inár suirbhé.
Ní féidir linn gach duine a chur faoi agallamh, mar sin roghnaímid samplaí randamacha daoine ó aoisghrúpaí éagsúla, de réir suímh le meascán daoine ó cheantair thuaithe agus uirbeacha, agus deighilt i dtéarmaí fear agus ban chun a chinntiú go bhfuil scaipeadh maith ionadaíoch daoine againn ó gach cearn den tír.
Bainimid úsáid as próiseas staitistiúil chun daoine aonair nó teaghlaigh a roghnú go randamach agus cabhraíonn sé sin a chinntiú go bhfuil na suirbhéanna a dhéanaimid ionadaíoch ar bhonn náisiúnta.
Is féidir cuireadh a fháil páirt a ghlacadh trí litir nó trí theagmháil ó dhuine dár bhfoireann agallaimh. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh duine cuairt a thabhairt ar do theach chun iarraidh ort páirt a ghlacadh.
Úsáidimid foinsí sonraí éagsúla chun daoine nó líonta tí a roghnú go randamach agus iarradh orthu páirt a ghlacadh inár gcuid suirbhéanna. Ina measc tá sonraí bailithe ag gníomhaireachtaí nó ranna Rialtais, ar a dtugtar sonraí riaracháin. I measc na bhfoinsí sonraí riaracháin tá:
Roghnaítear daoine go randamach chun páirt a ghlacadh i suirbhéanna na Príomh-Oifige Staidrimh chun a chinntiú go bhfuil torthaí an tsuirbhé ionadaíoch go náisiúnta agus go léirítear ár saol sóisialta agus eacnamaíoch atá ag athrú.
Faoin Acht Staidrimh, 1993, is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh úsáid a bhaint as an eolas seo chun dul i dteagmháil le saoránaigh.
Is féidir leat a bheith cinnte:
Is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh rochtain a fháil ar ainmneacha nó ar sheoltaí ó fhoinsí sonraí riaracháin, ar sonraí iad a bhailíonn ranna nó gníomhaireachtaí Rialtais. Tá ceart dlíthiúil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh rochtain a fháil ar fhoinsí sonraí riaracháin mar atá leagtha amach in Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993.
Úsáidimid na sonraí sin chun cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh i suirbhé. Roghnaítear daoine aonair agus líonta tí go randamach chun páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh chun a chinntiú go bhfuil torthaí an tsuirbhé ionadaíoch go náisiúnta agus go léirítear an saol ina mairimid. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le méid áirithe fir agus mná chun páirt a ghlacadh, daoine d’aoiseanna éagsúla, agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus uirbeacha.
Is minic a chuirtear Éirchód san áireamh i bhfoinsí sonraí riaracháin, ar sonraí iad a bhailíonn ranna nó gníomhaireachtaí Rialtais ar féidir linn rochtain dhlíthiúil a fháil orthu.
Roghnaíodh d’ainm nó do líon tí go randamach ó fhoinse sonraí riaracháin ag baint úsáid as ríomhchlár staitistiúil. Bíonn Éirchód san áireamh i roinnt taifead sonraí riaracháin, amhail taifid ar úinéireacht mhaoine.
Cuireadh amach an cuireadh a tugadh duit chun páirt a ghlacadh sa suirbhé faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993.
Uaireanta, mura bhfuil Éirchód san áireamh leis an seoladh, féadfaimid Éirchód a chur leis ó uirlisí atá ar fáil go poiblí ionas gur féidir lenár bhfoireann agallaimh do theach a aimsiú ar bhealach níos éasca chun agallamh a chur ort, nó chun líon na dtithe sa stát a chomhaireamh, b’fhéidir.
Cosnóidh. Tá cosaint na rúndachta sonraí i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Seo an méid nach mór a bheith ar eolas agat faoi rúndacht sonraí:
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh an-dáiríre faoi chosaint sonraí. Tá muinín ag daoine ionainn le hos cionn 75 bliain chun tuarascálacha staitistiúla ar an saol in Éirinn a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú. Tá an mhuinín sin bunaithe ar an dearbhú go gcosnóimid na sonraí a bhailímid. Cloímid leis na rialacha agus na rialacháin is déine maidir le do chuid sonraí a bhailiú agus a chosaint. Tá na cosaintí seo maidir le do rúndacht a chosaint cumhdaithe i ndlí na hÉireann (an tAcht Staidrimh, 1993) agus i ndlí an Aontais Eorpaigh (Rialachán AE 223/2009).
Ní bhaineann na sonraí leatsa riamh mar dhuine aonair, is léargas iad ar shochaí na tíre. Tugtar léargas dúinn ar an scéal ar fad faoin saol in Éirinn agus faoin tsochaí i gcoitinne trí do thaithí, agus ní fhoilsímid riamh ach an scéal iomlán.
Is éard a chiallaíonn sé sin:
Cosnóidh. Tá dualgas dlíthiúil orainn faoi dhlí na hÉireann agus faoi dhlí na hEorpa araon na sonraí go léir a chuirtear ar fáil dúinn a chosaint. Seo an méid nach mór a bheith ar eolas agat faoi chosaint sonraí:
Caitear leis na sonraí ar fad a fhaigheann an Phríomh-Oifig Staidrimh mar ábhar atá rúnda agus cosanta faoin dlí. Is iomaí bealach atá ann chun do chuid sonraí a chosaint, mar shampla:
Ní hea. Ní sárú sonraí é seo.
De réir an dlí, tá sé de chúram ar an bPríomh-Oifig Staidrimh staitisticí agus tuarascálacha faoi shochaí agus geilleagar na hÉireann a bhailiú, a anailísiú agus a fhoilsiú. Tagann sé seo faoi Alt 24 den Acht Staidrimh, 1993.
Roghnaítear daoine aonair agus líonta tí go randamach chun suirbhé a líonadh isteach.
Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi réir RGCS agus go gcomhlíontar é. Leagtar béim sa dlí um chosaint sonraí ar phróiseáil dhleathach agus ar shlándáil iomchuí, ar bunchlocha d’obair na Príomh-Oifige Staidrimh iad.
Tá. Comhlíonann an Phríomh-Oifig Staidrimh an RGCS.
Éilítear faoin RGCS, nuair a bhailítear agus a phróiseáiltear sonraí chun críocha staidrimh, go gcaithfear cosaintí riachtanacha a chur i bhfeidhm chun an duine aonair a chosaint. Comhlíonann an Phríomh-Oifig Staidrimh an dualgas sin.
Bailítear eolas difriúil faoi ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann i ngach suirbhé agus mar sin tá fad gach suirbhé difriúil.
Oibrímid go crua chun a chinntiú go bhfuil na suirbhéanna chomh héasca agus is féidir le líonadh isteach, ach tógann sé níos faide cuid acu a chomhlánú ná a chéile.
Cé gur de do thoil féin atá sé páirt a ghlacadh, mholfaimis d’aon duine a roghnaíodh páirt a ghlacadh inár suirbhéanna, toisc go bhfuil tábhacht le do ghuth agus do thaithí má táimid chun léargas cruinn a fháil ar an saol atá againn in Éirinn.
Cuir do ghuth in iúl. Déantar cuid de scéal na hÉireann de do scéalsa trínár suirbhé a líonadh isteach.
Táimid ag brath ort ár suirbhéanna a chomhlánú, agus tá tú ag brath orainn staitisticí cruinne a chur ar fáil a léiríonn sochaí na hÉireann.
Seolann muid litreacha chuig daoine nó teaghlaigh chun a chur in iúl dóibh go bhfuil siad roghnaithe go randamach chun páirt a ghlacadh inár suirbhéanna. Tabharfaidh na hagallóirí cuairt ar do theach chun an t-agallamh a chríochnú leat ag am a oireann duit más gá gur agallamh duine le duine a bheadh ann. I measc na suirbhéanna duine le duine tá an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) agus an Suirbhé ar Bhuiséid Teaghlaigh (HBS).
Glacann na mílte líon tí agus fiontar páirt inár suirbhéanna i rith na bliana ar ábhair cosúil le sláinte, fostaíocht, folláine agus airgeadas teaghlaigh, ionas gur féidir linn go léir maireachtáil i sochaí eolasach.
Is go randamach a roghnaítear gach duine a phioctar le páirt a ghlacadh i suirbhé de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh. Is féidir cuireadh a fháil páirt a ghlacadh trí litir nó trí teagmháil ó dhuine dár bhfoireann agallaimh. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh duine cuairt a thabhairt ar do theach chun iarraidh ort páirt a ghlacadh. Is de do thoil féin atá sé páirt a ghlacadh ach mholfaimis d’aon duine a roghnaíodh páirt a ghlacadh mar go bhfuil tábhacht le do ghuth.
Cuirimid sonraí ar fáil maidir lenár litreacha faoi gcaoi ar féidir leat teagmháil a dhéanamh linn má tá aon cheist agat. Cuirfimid glaoch ar ais ort mura mbeidh muid in ann an glao a fhreagairt lasmuigh d'uaireanta oifige má fhágann tú glórphost.
Roghnaíodh d’ainm/do líon tí go randamach ó shonraí riaracháin ag baint úsáid as próiseas ríomhaireachta staitistiúil.
Ar an drochuair, mar gheall ar an am a thógann sé sonraí a phróiseáil, d'fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh an fhaisnéis seo cothrom le dáta i gcónaí. Sin an fáth ar sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh an litir chuiridh chuig an seoladh mícheart. Gabhaimid leithscéal as an mbotún sin.
Ní féidir an t-eolas sin a cheartú, cé gur féidir linn rochtain a fháil faoin dlí ar shonraí atá bailithe ag ranna nó eagraíochtaí Rialtais, ní féidir linn eolas ná sonraí a roinnt leo.
Roghnaíodh an seoladh go randamach ó shonraí riaracháin ag baint úsáid as próiseas staitistiúil.
Ar an drochuair, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh na sonraí sin cothrom le dáta. Sin an fáth ar sheol an Phríomh-Oifig Staidrimh an litir chuiridh chuig an seoladh mícheart. Gabhaimid leithscéal as an mbotún sin.
Ar an drochuair, ní féidir, toisc gur roghnaíodh an duine ainmnithe go randamach chun ionadaíocht staitistiúil a dhéanamh ar ghrúpa daonra níos leithne. Má líonann duine eile isteach an suirbhé, d’fhéadfaí torthaí an tsuirbhé a chur as riocht. Tugtar cruthú claonta air sin.
An Phríomh-Oifig Staidrimh: Braithigí orainne. Táimidne ag brath oraibhse.
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.