Leis an eolas a thugann sibh dúinn, is féidir linn léargas an-bheacht a fháil ar Éirinn; ár saol, ár ngeilleagar, agus ár sláinte.
Má iarrtar ort é, le do thoil glac páirt i suirbhé líon tí CSO agus cuidigh le pleanáil na todhchaí do gach duine in Éirinn.
Tá sé an-tábhachtach go nglactar páirt inár suirbhéanna toisc go bhfaighimid ár gcuid fíricí uait agus ó bhaill eile den phobal.
Baineann go leor dream úsáid as na fíricí sin; daoine aonair, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus an rialtas chun cinntí beartais a dhéanamh agus chun pleanáil do thodhchaí gach duine in Éirinn.
Sin é an fáth go dteastaíonn uainn go nglacfadh sibh páirt inár suirbhéanna.
Agus cuimhnígí, tá an t-eolas a thugann sibh dúinn faoi chosaint agus dearbhaítear go bhfanfaidh sibh anaithnid. Ciallaíonn sé sin nach ligfimid do shonraí pearsanta le haon dream eile, fiú más eagras stáit iad. Riamh.
Mar sin, má iarrtar ort páirt a ghlacadh i gceann dár suirbhéanna, bí ar do shuaimhneas gur an-tábhachtach dúinn gach rud a insíonn tú dúinn agus go bhfuil an méid seo faoi rún daingean.