Is é Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí agus daoine óga.
Bailítear sonraí sa suirbhé tábhachtach seo ar na fadhbanna a bhíonn le sárú ag leanaí agus daoine óga sa lá atá inniu ann.
B’fhéidir go bhfuair tú litir le déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh faoin Suirbhé Fás Aníos in Éirinn.
Tá rannpháirtíocht do linbh sa suirbhé ceannródaíoch seo tábhachtach agus is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi ar na leathanaigh seo.
Cuidíonn Fás Aníos in Éirinn le todhchaí níos fearr a bhaint amach do leanaí in Éirinn.
Bíodh tionchar agatsa ar a dtodhchaí.
_GA.png)
Is staidéar ríthábhachtach náisiúnta é an Suirbhé Fás Aníos in Éirinn (FAÉ) atá dírithe ar shaol leanaí agus a dteaghlaigh in Éirinn a thuiscint. An Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a thugann faoin suirbhé seo ina mbailítear sonraí tábhachtacha a chuidíonn le cinntí agus beartais a mhúnlú maidir le cúram sláinte, cúram leanaí agus seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh cosúil le do theaghlachsa.
Ós rud é go bhfuil leanbh naoi mí d’aois agat, tá do chuid taithí, dúshlán agus d’ábhar sonais uathúil. Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé seo, beidh tú ag cuidiú feabhas a chur ar sheirbhísí a mbeidh tionchar díreach acu ort féin agus ar do leanbh, chomh maith le glúnta eile de theaghlaigh Éireannacha amach anseo.
Cuideoidh na sonraí a bheidh faighte go díreach againn uaitse trí bheith páirteach cinntí a mhúnlú maidir le:
D’fhéadfadh do scéalsa todhchaí níos fearr a chruthú do do leanbh. Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat tionchar a bheith agat ar a dtodhchaí.
Le linn 2024 agus 2025, roghnaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh teaghlaigh de naíonáin naoi mí d’aois in Éirinn go randamach agus thug sí cuireadh dóibh páirt a ghlacadh sa suirbhé ‘Ag Fás Aníos in Éirinn’. Cuireadh litir nó téacs chuig na teaghlaigh sin chun agallamh ar an láthair a eagrú. Tá an chuid seo den suirbhé curtha i gcrích anois agus beimid i dteagmháil le Cohórt '24 agus a dteaghlaigh arís nuair a bheidh siad trí bliana d'aois. Más gá duit do shonraí teagmhála a uasdátú nó má tá aon cheisteanna agat faoi Chohórt '24 agus do rannpháirtíocht, cuir glaoch orainn ar 021 453 5110 nó cuir ríomhphost chugainn ag CSOTakePart@CSO.ie
Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé Fás Aníos in Éirinn, cuideoidh tú todhchaí níos fearr a bhaint amach do leanaí in Éirinn. Gheobhaimid tuiscint níos fearr ar an gcaoi a mbíonn teaghlaigh ag maireachtáil agus ar na rudaí atá tábhachtach dóibh chun leanbh a thógáil agus na tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu.
Cuidíonn an fhaisnéis a bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh trí shuirbhé FAÉ feabhas a chur ar phleanáil agus ar sheirbhísí do leanaí agus dá dteaghlaigh lena n-áirítear:
Trí pháirt a ghlacadh, tá tú ag cur le taighde luachmhar a rachaidh chun tairbhe do leanaí, do theaghlaigh agus do phobail ar fud na hÉireann. D’fhéadfadh todhchaí níos fearr a bheith ag do leanbh mar thoradh ar do scéal. Trí pháirt a ghlacadh, is féidir leat tionchar a bheith agat ar a dtodhchaí.
Tá sé simplí páirt a ghlacadh sa suirbhé FAÉ, agus beidh d’fhaisnéis go hiomlán faoi rún. Tá an fhaisnéis ar fad a bhailítear faoi chosaint an dlí faoin Acht Staidrimh, 1993, ag cinntiú go bhfuil do chuid freagraí slán agus gan ainm.
Tá cosaint do rúndacht agus do phríobháideachas i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Ní roinnfimid riamh do chuid sonraí pearsanta le tríú páirtí ná le gníomhaireacht rialtais ar bith eile. Tá do rúndacht faoi chosaint ag an dlí, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair ná aon teaghlach a aithint ó na sonraí a fhoilsímid.
Táimid anseo chun tacú leat i rith an phróisis. Má tá aon cheisteanna agat faoi pháirt a ghlacadh, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.
Ríomhphost: CSOTakePart@cso.ie
Teileafón: 021 453 5110
Faigh freagraí ar cheisteanna coitianta faoin suirbhé Fás Aníos in Éirinn agus faoi Chohórt '24
Faigh tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála ar réimse seirbhísí tacaíochta atá in ann cuidiú le réimse deacrachtaí
Mionsonraí na sonraí a bailíodh sa suirbhé seo, mar a phróiseáiltear agus a chosnaítear iad
Tá suíomh gréasáin an Staidéir Fás Aníos in Éirinn á chur i láthair ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus tá sé ag cur faisnéis ar fáil faoin staidéar ó seoladh ar dtús é in 2008
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPríomh-Oifig Staidrimh, cé muid féin, agus cén fáth a bhfuil tábhacht leis an méid a dhéanaimid
Faigh amach faoin gcaoi a n-oibríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh le sonraí, na cosaintí atá i bhfeidhm againn, agus ár gcur chuige maidir le heitic agus trédhearcacht
Foghlaim faoi na coimircí sonraí agus rúndachta atá againn, agus na céimeanna a ghlacaimid chun staitisticí a tháirgeadh ar féidir le gach duine muinín a bheith acu astu.