Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Cuspóir an chomórtais

Is é is cuspóir leis an gcomórtas ná feabhsú cumas daltaí chun cur síos ar a dtimpeallacht agus chun ciall a bhaint as an saol ag úsáid staitisticí.

 

Póstaer, cén fáth?

Trí páirt a ghlacadh sa chomórtas seo spreagfar daltaí chun:

  • oibriú ar bhonn foirne
  • ceisteanna iarbhír a iniúchadh ag baint úsáid as sonraí
  • úsáid a bhaint as a scileanna comhairimh agus grafacha
  • torthaí staitistiúla a léirmhíniú
  • scileanna a fhorbairt sa chumarsáid scríofa.


Téama an Phóstaeir
Féadfaidh daltaí topaic ar bith a roghnú dá bpóstaer.
 
Glacadh páirt
Tá an comórtas náisiúnta oscailte d’fhoirne de bheirt nó triúir dalta, a rugadh i 2002 nó ina dhiaidh, agus as aon áit in Éirinn (thuaidh agus theas). Ní mór do mhúinteoirí na foirne a chlárú.
 
Rialacha an Chomórtais
Tá rialacha iomlán an chomórtais le fáil anseo. Ní ghlacfar ach amháin le hiontrálacha i bhformáid póstaeir ríomhghinte mar chomhad leictreonach. A mhúinteoirí, tabhair aire le bhur dtoil má fhaightear póstaeir sa Phríomh-Oifig Staidrimh i ndiaidh 5.00 i.n., an 26 Feabhra 2021, ní bheidh na póstaeir sin i dteideal a bheith sa chomórtas.
 
Céimeanna an chomórtais:

  • Clárú le déanamh ag an múinteoir faoin 21 Eanáir 2021 chuig johnhooper2021@cso.ie
  • Na póstaeir le cur faoi bhráid faoi 5.00 i.n., an 26 Feabhra 2021, ar ríomhphost chuig johnhooper2021@cso.ie.
  • Déanfaidh an coiste eagraithe náisiúnta moltóireacht ar na póstaeir.
  • Fógrófar na póstaeir bhuaiteacha náisiúnta an 26 Márta 2021.
  • Bronnfar Bonn Staidrimh John Hooper ón bPríomh-Oifig Staidrimh ar an bhfoireann bhuacach (chéad áit) sa chomórtas náisiúnta. Ina theannta sin, bronnfar duaiseanna airgid mar seo a leanas:

 
Chéad Áit - €1,600 (as sin bronnfar €1,000 as an duais ar an scoil agus €600 ar an bhfoireann daltaí)

Dara hÁit - €1,000 (as sin bronnfar €650 ar an scoil agus €350 ar an bhfoireann daltaí)

Tríú hÁit - €600 (as sin bronnfar €400 ar an scoil agus €200 ar an bhfoireann daltaí)
 
Céimeanna i ndéanamh póstaeir: 
1. Socraigh ar cheist
2. Bailigh sonraí nó úsáid sonraí atá ann cheana féin 
3. Athbhreithnigh cáilíocht na sonraí
4. Déan anailís ar na sonraí
5. Déan amach an póstaer

Féach chomh maith: Conas Póstaer a Dhéanamh
 
Tuilleadh Faisnéise
Féach anseo le haghaidh eolais ar bhuaiteoirí Chomórtas Póstaeir John Hooper 2021:

Comórtas John Hooper - Torthaí 2021
 
Nó téigh i dteagmháil le:

Comhordaitheoir na gComórtas CSO

johnhooper2021@cso.ie

Teil: 021 453 5021

  • Comórtas John Hooper 2021
  • Rialacha Comórtais - John Hooper 2021
  • Foirm Chláraithe - John Hooper 2021
  • Conas Póstaer a Dhéanamh