Skip navigation

Treoirlínte – Póstaer Staitistiúil a Dhéanamh

(bunaithe i bpáirt ar threoirlíne ISLP [en])

 

Céard is póstaer staitistiúil ann?

Cur i láthair aon leathanaigh ina insítear scéal faoi sraith sonraí.

Ba chóir:

  • leanúnachas simplí agus loighciúil a bheith leis (sprioc, cur chuige, príomhthorthaí agus tátail lárnacha san áireamh)
  • graif, táblaí agus achoimrí a úsáid chun cuir síos ar na sonraí
  • tráchtaireacht ar céard is brí leis na sonraí a bheith ann
  • dó a bheith intuigthe as féin (.i. nach mbeadh gá ábhair nó eolas breise chun ciall a bhaint as an bpóstaer)
  • cuma tharraingteach chruthaítheach a bheith air
  • go mbeadh sé inléite ó achar 2 mhéadar (7 dtroigh) agus é clóite ar leathanach aontaobhach A1.

Samplaí:

Tá eolas agus samplaí ag na nascanna a leanas maidir le póstaeir den chineál seo:

Comórtas John Hooper - Torthaí 2018

http://iase-web.org/islp/Poster_Competition_2016-2017.php?p=Prizewinners [en]

http://iase-web.org/islp/Poster_Competition_2014-2015.php?p=Prizewinners [en]

https://iase-web.org/islp/documents/Poster_Competition_2014-2015/ISLP%20poster%20session%20presentation%202015.pdf [en]

 

Céimeanna i nDéanamh Póstaeir

Roghnaigh an t-ábhar

I dtús báire, aimsigh saincheist nó ábhar le cíoradh. Ba chóir di/dó bheith:

  • breá sainiúil le go mbeidh sé níos éasca sonraí ábhartha a bhailiú
  • suimiúil le go mbeidh daoine ag iarraidh an póstaer a léamh
  • intuigthe ach gan freagra simplí a bheith leis

 

Bailigh Sonraí

Sula dtosófar ag bailiú sonraí, pleanáil go cúramach cé na tomhais, srl. a bheas de dhíth.

Tuilleadh eolais maidir le modhanna éagsúla chun sonraí a bhailiú agus sampláil a roghnú:

http://www.statcan.gc.ca/edu/power-pouvoir/ch2/types/5214777-eng.htm [en]

Nuair atá sonraí ó fhoinsí eile á úsáid, ba chóir a chinntiú go bhfuil siad iontaofa agus inchreidte. Ina theannta sin, ní mór tagairt soiléir do gach foinse seachtrach as ar ghlacadh sonraí, staitisticí nó graif nár tháirg an fhoireann féin.

Cuimhnigh gur chóir aird a thabhairt ar an oiread rudaí a thomhaistear agus tionchar gur féidir a bheith ag randamacht ar thorthaí.

 
Samplaí:

Más é an sprioc ná tuairimí daltaí a fháil ar ábhar agus mura gcuirtear agallamh ach ar bheirt dlúthchara sa staidéar, d’fhéadfadh torthaí thar a bheith claonta teacht as.

Más ag tomhas a fhad is gur féidir le criogar léimt atá, ní thiocfar ar torthaí cruinn agus léim amháin de chriogar amháin á tomhas. Bheadh sé níos fusa, mar shampla, 10 chriogar a úsáid agus 10 léim an cheann a thomhas.

Tuilleadh eolais faoi shampláil a roghnú:

http://www.statcan.gc.ca/edu/power-pouvoir/ch13/sample-echantillon/5214900-eng.htm [en]

 

Caighdeán sonraí

An seasann na sonraí do chás ginearálta? Cé chomh ionadaíoch is atá do sampláil don ghrúpa a bhaineann do cheist taighde leo?

Bíonn sonraí athraitheach (cúis mhaith go mbíonn staitisticí ag teastáil uainn!) ach is féidir le hearráidí a bheith iontu chomh maith. Cé na foinsí féideartha d’earráidí sna sonraí atá tú ag bailiú? Cén chaoi ar féidir iad a laghdú?

Fiú agus gach iarracht déanta chun tomhais chruinne a dhéanamh, is féidir roinnt foinsí earráidí a bheith fágtha. Smaoinigh ar na foinsí seo agus luaigh iad ar an bpóstaer más féidir.

Is féidir moltaí a thabhairt ar an bpóstaer chomh maith faoi cé na bealaí inarbh fhéidir feabhas a chur ar an staidéar dá mbeadh sé le déanamh arís.

 

Déan anailís ar na sonraí

Déan anailís ar na sonraí bailithe de lámh nó trí ríomhchlár a úsáid.

Cuimhnigh gur ag cíoradh an chéad shaincheist nó ábhar atá tú.

Bain úsáid as uimhreacha agus léaráidí chun na sonraí a thaispeáint. Mar shampla, histeagraim, barrachairteacha, líne-chairteacha, píchairteacha agus léaráidí boscaí is stríoc. Is úsáideach iad cainníochtaí staitistiúla ar nós meán, airmheán nó diall caighdeánach chomh maith.

Is féidir cruthú graif a chleachtadh leis an uirlis seo:

http://www.statcan.gc.ca/edu/power-pouvoir/ch9/create-creer/5214819-eng.htm [en]

 

Dearadh an Phóstaeir

Formáid Leictreonach Amháin

Coinnigh na míreanna a leanas i gcuimhne don dearadh:

  • Cur i láthair aon leathanaigh digiteach i bhformáid portráide nó tírdhreacha, .i. ní glacfar le curtha i láthair il-leathanaigh. Ní mór cloí le formáid aon leathanaigh d’iontrálacha póstaeir. Ní ghlacfar le hiontrálacha póstaeir ar pháipéar, óir is comórtas do phóstaeir ríomhghinte é seo
  • Ní ghlacfar ach amháin le comhaid d’fhormáid PNG, JPEG, GIF, nó PDF
  • Is féidir le póstaeir a bheith dírithe ar aon ábhar a roghnaíonn daltaí
  • Is é uasmhéid an chomhad póstaeir ar ríomhphost ná 2MB
  • Ba chóir don phóstaer a bheith inléite do dhuine dhá mhéadar (c. seacht dtroithe) uaidh agus an póstaer curtha i gcló ar leathanach ar mhéid A1
  • Níor chóir aon eolas nó scríbhneoireacht aitheanta a bheith ar an bpóstaer, .i. ainmneacha daltaí nó ainm na scoile.

 

Ábhar

Ba chóir iad seo a leanas a bheith i bpóstaer:

  • an topaic a ndearnadh staidéar uirthi agus cur síos ar cén chaoi
  • príomhthorthaí, plé ar thorthaí agus príomhchonclúidí
  • léirithe den staidéar le pictiúir agus graif lárnacha
  • téacs simplí lena insítear scéal na sonraí
  • achoimrí sonraí ach ní na amhshonraí ar fad.

 

Aiseolas ó bhlianta roimhe seo

Ginearálta

Cuimhnigh nach bhfuil ach spás teoranta, mar sin ná habair rudaí faoi dhó.

Is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.

Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.

Ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat.

Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.

 
Roghnú Topaic

 Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an topaic taighde.

Tá go leor áiseanna treoracha ar fáil ar líne a d’fhéadfaí leas a bhaint astu chun éifeacht fhoriomlán do phóstaer a fheabhsú, m.sh. http://hsp.berkeley.edu/sites/default/files/ScientificPosters.pdf [EN]

 
Cuma

Déan iarracht dath dorcha a sheachaint mar chúlra ar an bpóstaer, óir gur féidir leis cur isteach ar inléiteacht cuid den téacs. Uaireanta bíonn cuma éagsúil ar dhathanna agus clónna nuair a fheictear orthu ar an scáileán seachas ar pháipéar. Bheadh sé ina smaoineamh maith cóip den phóstaer a phriontáil amach féachaint cén chuma a bheas air sula gcuireann tú an leagan deiridh faoi bhráid.

Tabhair aird ar an oiread spás bás i gcodarsnacht le téacs/graif atá ar an bpóstaer; cé go bhfuil gá le roinnt spás bán ar na himill, srl. le nach mbeidh sé míshlachtmhar, bíonn téacs agus graif ar mhéid bheag deacair le léamh.

Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.

 
Léaráidí/Graif

Roghnaigh na graif a léiríonn na torthaí ar an mbealach is cruinne. Ba chóir teideal a chur ar gach graf agus tagairt a dhéanamh dóibh sa téacs.

Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.

Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha.

 
Bailiú agus Anailísiú Sonraí

Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir eolas cúlra faoin scoil a chur ar fáil ionas gur féidir trédhearcacht a chinntiú do chomhthéacs na dtorthaí.

D’fhéadfaí éifeachtaí neamhfhreagrachta, má tá a leithéid ann, a cíoradh.

Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.

Déan sracfhéachaint ar gach píosa teacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer.

  • Comórtas John Hooper - Torthaí 2019
  • Comórtas John Hooper 2019
  • Rialacha Comórtais - John Hooper 2019
  • Foirm Chláraithe - John Hooper 2019
  • Conas Póstaer a Dhéanamh