Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Bhí an-rath ar chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper arís i mbliana. Gabhaimid buíochas leis na scoileanna, múinteoirí agus na daltaí a ghlac páirt ann a chuir chomh mór sin leis an gcomórtas. Chuaigh na hiontrálacha i gcion ar na moltóirí – mar is gnách, cuireadh tionscadail cruthaitheacha agus spreagúla faoinár mbráid.

Sheol Maria Hurley, Ard-Stiúrthóir Cúnta, an t-ochtú eagrán de chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper an 19 Deireadh Fómhair 2017.  Tháinig 287 bpóstaeir, idir Gaeilge agus Béarla, isteach mar iontrálacha go dtí an Phríomh-Oifig Staidrimh i mbliana.

Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh. Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:
 

Kathleen O'Sullivan
Léachtóir & Stiúrthóir ar an Aonad Sainchomhairleoireachta Staitistiúil
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile
Corcaigh

Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Calmast
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

Anthony Dawson
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh

Fiona O'Callaghan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
 

Ní raibh sé éasca ar an bpainéal na póstaeir ghearrliostaithe a mheas chun na tionscadail rathúla a phiocadh. Bronnfar duaiseanna i gcomhair Bonn Staidrimh John Hooper 2018 ag searmanas bronnta sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ar Chéadaoin an 17 Deireadh Fómhair 2018. Seolfar cuiridh amach dó seo níos giorra don dáta sin.

Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:
 

Chéad Áit agus buaiteoirí Bhonn Staidrimh John Hooper 

Daltaí: Michael Lough agus Anne Marie Croghan
Múinteoir: Joanne Broggy-Shea
Coláiste Pobail Ros Comáin
Lios na Molt
Contae Ros Comáin

 

Dara hÁit

Daltaí: Sameera Smith, Jennifer Williams agus Rachel Kane
Múinteoir: Lisa Shine
Coláiste Doiminiceach Pháirc Mhucrois
Domhnach Broc
Baile Átha Cliath 4

 

Tríú hÁit

Daltaí: Daniel Twomey, Aaron Leahy, Jack Lynch
Múinteoir: Eileen Flanagan
Ardscoil Rís
An Cuarbhóthar Thuaidh
Luimneach

 

 

Ord Fiúntais

Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:
 

Daltaí: Grace Olamijuwon, Isabel Holmes, Zara O’Shea
Múinteoir: Laura McGrory
Meánscoil Naomh Uinseann
Plás Bhaile na Trá
Dún Dealgan
Contae Lú

Daltaí: James Kirkby, Sara Jane Gordon
Múinteoir: Eimear O’Regan
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Contae Chorcaí

Daltaí: Jordan Warren, Denise O'Brien
Múinteoir: Stephen McLaughlin
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Contae Chorcaí

Daltaí: Charlotte Jennings, Lauren O'Donovan, Sophie Wetz
Múinteoir: Stephen McLaughlin
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Contae Chorcaí

Daltaí: Ethan Leon Ryan, Max Mullen
Múinteoir: Dealga McAree
Scoil Shinsearach Pháirc Bhaile Liam
Bóthar na Carraige
Baile Liam
An Charraig Dhubh

Daltaí: Paul Hamilton, Michael Keane, John McGuinness
Múinteoir: Eileen Flanagan
Ardscoil Rís
An Cuarbhóthar Thuaidh
Luimneach

Daltaí: Ronan O Gorman, James Murphy, Luke Foley
Múinteoir: Eileen Flanagan
Ardscoil Rís
An Cuarbhóthar Thuaidh
Luimneach

Daltaí: Jenny Seery, Danielle Greasly
Múinteoir: Meighan Duffy
Coláiste Phobail Átha Luain
Bóthar an Díthribh
Baile Átha Luain
Contae na hIarmhí

Daltaí: Lia Harte, Olive O'Loughlin, Danielle Greasley
Múinteoir: Meighan Duffy
Coláiste Phobail Átha Luain
Bóthar an Díthribh
Baile Átha Luain
Contae na hIarmhí

Daltaí: Pearse Quinn, Liam Harmon, Ross Fitzgerald Lyons
Múinteoir: Virginia Shanahan-Desmond

Scoil Ghramadaí Dhroichead Átha
Bóthar Bhaile Uí Mhornáin
Droichead Átha
Contae Lú

Daltaí: Mizna Shahid, Jennifer Bura, Alana Foy-Nicolleau
Múinteoir: Niamh Mc Nally
Meánscoil Loreto
Baile Brigín
Contae na Mí

Daltaí: Chloe Johnson, Tara Kelly
Múinteoir: Niamh Mc Nally
Meánscoil Loreto
Baile Brigín
Contae na Mí

 

Aiseolas na moltóirí maidir leis na póstaeir

Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.

É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:

Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer os rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid. Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh.

Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.

Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.

Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.

Bailiú sonraí: Bhí meascán maith d’fhoinsí sonraí i mbliana – foinsí tánaisteacha, suirbhéanna le freagróirí agus turgnaimh.

Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir eolas cúlra faoin scoil a chur ar fáil ionas gur féidir trédhearcacht a chinntiú do chomhthéacs na dtorthaí.

D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a cíoradh.

Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha.

Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.

Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.

Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:

Image for feedback

Déan sracfhéachaint ar gach píosa teacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.

Tá éifeacht físiúil na bpóstaer ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana. Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.

Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde.

Tá go leor áiseanna treoracha ar fáil ar líne a d’fhéadfaí leas a bhaint astu chun éifeacht fhoriomlán do phóstaer a fheabhsú, m.sh. http://hsp.berkeley.edu/sites/default/files/ScientificPosters.pdf [EN]

 

Go raibh maith agat

Comhghairdeas as a bheith páirteach san ochtú eagrán de chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper. Gabhaimid buíochas do na daoine uile a ghlac páirt, a chuidigh leo nó a chuir le rathúlacht an chomórtais ar bhealach éigean eile.

 

Fáilte roimh aiseolas

Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig johnhooper2018@cso.ie.

  • Comórtas John Hooper 2018
  • Foirm Chlárúcháin - John Hooper 2018
  • Comórtas John Hooper - Torthaí 2018
  • John Hooper ag Searmanas Bronnta 2018